An difríocht idir athruithe ar: "Tír Eoghain"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m Botún litrithe
Líne 20:
Sa 12ú haois, scaradh ríocht Ailigh in dhá leath, agus d'éirigh Cenél nEógain ina Tír Eoghain. Bhí an tír réir cheannas ar dtús [[Mhic Lochlainn]] agus níos deireanaí clann [[Ó Néill|Uí Néill]]. D'éirigh an chuid eile d'Aileach, Cineál Chonaill, ina [[Tír Chonaill]].
 
Roimh [[ionradh na Normannach]] ar na hUlaid sa bhliain 1177, bhí Tír Eoghain an ríocht úd suntasaí i dtuaisceart Éireann, agus bhain sí an stádas sin amach arís tar éis teip [[Iarlacht Uladh]] sa 14ú haois. Le linn réimeas [[Eilís I]] Shasana, d'éirigh an tuath ina hiarlacht laistigh de [[Ríocht na hÉireann]]. I ndeireadh na dála áfach, laghdaíodh méad agus tionchar Thír Eoghain, agus cruthaíodh na contaetha Ard Mhacha agus Tír Eoghain astiaisti.
 
Le linn réimeas [[Séamas I]] Shasana, laghdaíodh Tír Eoghain tuilleadh, nuair a tugadh a barúntacht [[Loch Inse Uí Fhloinn]] sa chontae nua [[Contae Dhoire|Dhoire]] isteach. D'éirigh clann Uí Néill amach arís is arís eile, an iarracht dheireanach faoi [[Aodh Ó Néill|Aodh Mór Ó Néill]], Iarla Thír Eoghain, a d'éalaigh ó Éirinn sa bhliain 1607 mar chuid de [[Teitheadh na nIarlaí|Theitheadh na nIarlaí]].