An difríocht idir athruithe ar: "Io (gealach)"
Content deleted Content added
No edit summary |
m Botún litrithe |
||
Líne 10:
I lár na fichiú haoise, rinneadh breathnuithe ar Io a bhí ag tabhairt le fios go raibh réigiúin pholacha na gealaí dearg. Nuair a chuaigh an taiscéalaí spáis úd [[Pioneer 11|Pioneer a hAon Déag]] thart le hIo, dearbhaíodh go raibh dath dearg nó flannbhuí sa réigiún polach, i gcomparáid leis an réigiún meánchiorclach, a bhí níos gaire don bhán. Is beag eile a fuair Pioneer amach faoi Io, áfach.
Nuair a bhain [[Voyager 1|Voyager a hAon]] amach Io sa bhliain 1979, thaispeáin na chéad ghrianghrafanna nach raibh ach an-chorrchráitéar ar dhromchla na gealaí seo. B'í Linda Hyder, innealtóir spásloingseoireachta, ba túisce a tháinig ar lorg na cúise leis seo: nuair a bhí sí ag
Bhain an spástaiscéalaí úd Galileo amach Iúpatar sa bhliain 1995, agus d'eitil sé thart le hIo i ndeireadh na bliana 1999. Tháinig Galileo ní ba chóngaraí d'Io ná aon taiscéalaí eile roimhe sin. Thóg sé cuid mhaith grianghrafanna, rinne sé breathnóireacht ar na bolcáin agus iad ag brúchtadh, agus fuair sé amach go bhfuil croíleacan mór iarainn ag Io, cosúil leis na pláinéid charraigeacha sa chuid inmheánach den [[Ghrianchóras]].
|