An difríocht idir athruithe ar: "Seán Bán Mac Meanman"

Content deleted Content added
+WD / +Refs
m cache purge
 
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Duine}}
 
Máistir scoile agus scríbhneoir [[Gaeilge]] a bhí i '''Seán Bán Mac Meanman''', agus é ag scríobh lón léitheoireachta do na gasúirí scoile thar aon dream eile. Rugadh ar an gCionn Garbh i bparóiste Inis Caoil, [[Contae Dhún na nGall|Tír Chonaill]], ar an [[12 Nollaig]] [[1886]], agus d'éag sé ar an [[7 Samhain]] [[1962]]. Feirmeoir bocht agus seanchaí ab ea a athair, Peadar Mac Meanman. Maidir lena mháthair, Máire, is é an sloinne a bhí uirthi ná Nic Ailín, ach is é an leagan oifigiúil a bhí i rollaí na n-údarás ná Campbell. Bhí lúb bheag ghaoil ag a mháthair le Patrick McGill, scríbhneoir Béarla.