An difríocht idir athruithe ar: "An tIarthar Fiáin"

Content deleted Content added
m Gramadach — 4ú díochl.
m WD
 
Líne 1:
{{WD Bosca Geografaíocht Pholaitiúil}}
[[Íomhá:Homesteader NE 1866.png|thumb|Áitreabhaigh (1866)]]
Is ionann an t'''Iarthar Fiáin''' agus an chuid de [[stáit Aontaithe Mheiriceá|na Stáit Aontaithe]] atá suite taobh thiar d'[[Abhainn Mississippi]], mar a bhí sé sa dara leath den [[19ú haois|naoú haois déag]]. Is féidir, áfach, ré an Iarthair Fhiáin a shainmhíniú ar bhealach is cuimsithí ná sin, is é sin, ó thús na naoú haoise déag go dtí an bhliain 1920, nuair a tháinig deireadh le [[Réabhlóid Mheicsiceo]]. I rith na mblianta seo a chuaigh na Stáit Aontaithe i bhfairsinge siar, go dtí gur baineadh cósta an [[An tAigéan Ciúin|Aigéin Chiúin]] amach. Bhí an fhorbairt seo bunaithe ar theagasc na [[An Chinniúint Fhollasach (stair na Stát Aontaithe)|Cinniúna Follasaí]] (Béarla: ''Manifest Destiny'') - is é sin, chreid lucht rialtais na Stát Aontaithe go raibh sé i ndán do na Stáit fairsingiú a fhad leis an Aigéan Ciúin agus gur cinniúint dhosheachanta a bhí ann. Leis an gcinniúint seo a chomhlíonadh, cuireadh cogaí cruálacha ar na [[Bundúchasaigh Mheiriceá|bundúchasaigh]] agus tháinig na sluaite síoraí ón [[An Eoraip|Eoraip]] leis na tailte nuaghafa a thabhairt chun míntíreachais.
[[Íomhá:Buffalo Bill's Wild West Show.jpg|mion]]