An difríocht idir athruithe ar: "Dóchúlacht"

Content deleted Content added
m gramadach
m botún litrithe
Líne 15:
 
=== Aicsimí Dóchúlachta ===
Chruthaigh [[Kolmogorov]] aicsímí dochúlachtadóchúlachta i 1933. Tá siad bunaithe go foirméalta ar bhrainse de mhatamaitic faoi thacair gur féidir a thomhas ‘’Measure Theory’’. Tugann siad bonn socair don mhatamaitic a ghabhann le dóchúlacht. Úsáideann na frequentists and na Bayesians araon an mhatamaitic chéanna agus níl aon chonspóid ar an ábhar sin. Ar slí, is féidir glacadh leis na haicsímí mar sain-mhíniú ar dhóchúlacht – sé sin dóchúlacht a thabhairt ar aon rud a leanann na haicsímí. Ach ní mór ceangal éigin a dhéanamh idir an 'rud' seo agus an domhan mór. Is féidir aicsímí, seachas na cinn a bhí ag Kolmogorov, a chruthú, mar shampla bunaithe ar dhóchúlacht choinníollach<ref>Statistical Thought, A Perspective and History, ''Shoutir Kishore Chatterjee'', OUP, 2003 lch.48</ref>.
 
=== Díospóireacht ===
Is ábhar conspóideach é go bhfuil fealsúnachtaí éagsúla ag baint le bunús dochúlachtadóchúlachta. Níl aon fhadhb le [[teoirim Bayes]] é féin, níl ansin ach modh chun déaláil le dochúlactaí coinníollacha. Tá ceisteanna le freagairt (de réir na frequentists) ag na Bayesians faoina bhfealsúnacht:
* is féidir dóchúlacht shuibiochtúil difriúla bheith ag daoine éagsúla,
* cuirtear an dóchúlacht shuibiochtúil seo i bhfoirm dlús dochúlachtadóchúlachta (‘prior’), ach cén dlús?
* táthar ag cur struchtúr/tomhas ar neamheolais.
Ar an láimh eile deireann na Bayesians nach bhfuil siad ach ag déaláil leis an neamh-chinnteacht atá ag baint le gach eachtra. Tá slí glan acu chun breis eolais a thógaint san áireamh - teoirim Bayes. Ar an láimh eile tá deachrachtaí ag na frequentists faoi cathain triail a stopadh. Mar shampla, má chinneann frequentist hipitéis go bhfuil dóchúlacht de 1/2 ag baint le ceann bheith chun barr ar chaitheamh pingine agus go bhfuiltear chun 20 caitheamh a dhéanamh chun teist a reáchtáil. Bhéadh sé ag súil ar 10 'ceann' (no congarach le sin) as 20 caitheamh chun an hipitéis a ghlacadh. Ach cad a dheintear más, i ndiaidh 10 gcasadh, go bhfuil 10 ceann chun tosaidh? An cóir don frequentist a hipitéis a ath-iniúcadh? Dé réir, a loighic féin caithfidh an frequentist lean leis na tialacha uilig – ní sé ceadúnach di aon bhreith a dhéanamh go dtí mbíonn na trialacha go léir críochnaite. Tá cúrsaí mar seo tábhachtach mas é triail sláinte atá i gceist agus go gcuireann triail isteach go mór ar an othar, agus b'fhéidir nach mbeadh sé eiticiúl leanúint muna bhfuil gá leis. Ach sa chaoi ina úsáidtear teoirim Bayes, níl aon deachracht le Bayesian leis an triail leanúnach.