An difríocht idir athruithe ar: "Lagrach"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
m botún litrithe
Líne 1:
Sa [[Meitéareolaíocht|mheitéareolaíocht]], córas brú ísil ag domhanleithid arda is mheánacha. Tugtar ''cioclón'' air ag domhanleithid ísle. De ghnáth, téann an córas trí staideanna réasúnta dea-shainithe lena bpatrúin aimsire féin. Tosaíonn lagrach nuair a fhásann tonn ar fhronta idir mais aeir fhuair is mais aeir the. Titeann an brú ag círín na toinne. Bíonn fronta te i dtosach an lagraigh, agus ina dhiaidh sin an fronta fuar, le [[teascán]] te eatarthu. Ach taistealaíonn an fronta fuar ar luas níos mó na luas an fhronta the, agus mar sin tagann suas leis an bhfronta te chun fronta oclúidithe a chruthú. Nuair a tharlaíonn sé seo, méadaíonn an brú agus cailleann an lagrach luas. Gluaiseann gaotha dromchlacha ar tuathal timpeall an lagraigh sa [[leathsféar]] thuaidh (ar deiseal sa leathsféar theas). Bíonn lagraigh 1,000-2,000 km ar leithead de ghnáth, ach ní mhaireann ach 4-7 lá. Cruthaítear go rialta iad i réigiúin áirithe (mar shampla, ar feadh frontaí Molacha [[An tAigéan Atlantach|an Aigéin Atlantaigh]] is [[An tAigéan Ciúin|an Aigéin Chiúin]], agus sa Mheánmhuir). Cruthaítear na lagraigh is déine sa [[Geimhreadh|gheimhreadh]].
 
{{Fréamh an Eolais}}