An difríocht idir athruithe ar: "Romaigh"

Content deleted Content added
-1
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 2:
 
Is grúpa eitneach [[An Eoraip|Eorpach]] iad na '''Romaigh'''. Is í [[an Romainis]] a bpríomhtheanga.
 
Léiríonn an fhianaise theangeolaíoch agus ghéiniteach gur ó [[fó-ilchríoch na hIndia|fhó-ilchríoch na hIndia]] a tháinig na Romaigh ar dtús. Tá siad scaipthe ar fud na hEorpa agus iarthar na hÁise anois ó d'imigh siad siar thart ar an [[14ú haois]], agus rinne cuid acu imirce go [[Críocha Mheiriceá]] ón 19ú haois i leith. (Cé go meastar go bhfuil 619,007–1,850,000 Romach ina gcónaí [[an Rómáin|sa Rómáin]], an dara dhaonra is mó díobh san Eoraip, ní ón tír sin a thagas a n-ainm).
 
Is minic a dhéantar na Romaigh a mheascadh suas le [[lucht siúil]] na hÉireann agus leis [[an pobal Iéineach|an bpobal Iéineach]], grúpaí eitneacha atá éagsúil leis na Romaigh.
 
[[Íomhá:Bundesarchiv_Bild_183-J0525-0500-003,_Rheinland,_Sinti_und_Roma_mit_Wohnwagen_auf_Landstra%C3%9Fe.jpg|clé|250px|thumb|Romaigh]]
[[File:Romani_population_average_estimate.png|250px|mion|clé|Céatadán na Romach san Eoraip]]
 
==Ainm==
''Rom'' an focal ar "fear céile" sa teanga Romainise, agus úsáidtear é, agus an leagan iolra, ''Roma'', go forleathan anois le cur síos a dhéanamh ar an gcine ar fad.
 
==Géarleanúint==
Ar cheann de na géarleanúintí ba mhó a dhéantaí in aghaidh na Romach ná sclábhaithe a dhéanamh díobh, agus níor saoradh cuid díobh sa gceantar ina bhfuil an Rómáin anois go dtí an [[19ú haois]]. Nuair a thosaíodar á scaipeadh féin ar fud na hEorpa sa [[15ú haois]] go háirithe, measadh gur spiairí de chuid na n[[Impireacht Otamánach|Otamánach]] a bhí iontu. Déanadh iarrachtaí [[glanadh eitneach]] a dhéanamh orthu go dtí le fíordhéanaí. Mar shampla, tharla "[[Locadh Mór na Romach]]" [[an Spáinn|sa Spáinn]] i 1749, agus maraíodh idir 250,000 agus 1.5 milliún díobh s[[an Uileloscadh]].
 
{{síol}}