An difríocht idir athruithe ar: "Ágastas"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
No edit summary
Líne 2:
Ba é '''Caesar Ágastas''' (23 Meán Fómhair 63 RCh - 19 Lúnasa AD 14), ar a dtugtar Octáivian ([[An Laidin|Laidin]]: ''Octavianus''), an chéad [[Impire Rómhánach|Impire Rómhánach]], a tháinig i réim ón 27 RC go dtí a bhás in AD 14.
 
Tháinig Ágastas i gcomharbas ar [[Iúil Caesar]]. Chuir Ágastas deireadh leis na cogaí cathartha a bhí á gcur sa Róimh ó laethanta Iúil Caesar anuas, agus bhunaigh sé rítheaghlach na [[Séasar]]gCaesar.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.tearma.ie/q/Beatha%C3%AD%20na%20gCaesar/ga/|teideal="Beathaí na gCaesar"|work=téarma.ie|dátarochtana=2023-01-16}}</ref> Thug sé le tuiscint nach raibh sé ach ag iarraidh Poblacht na Róimhe a thabhairt ar ais agus a atógáil, ach le fírinne, is é an rud a rinne sé ná an phoblacht sin a iompú ina himpireachth[[impireacht]] oidhreachtúil.<ref>{{Lua idirlín|url=http://penelope.uchicago.edu/Thayer/E/Roman/Texts/Augustus/Res_Gestae/6*.html?fbclid=IwAR0d188aH_onuc621-Jop3WOUCeqJUZik_AqzcTs1K5b_ZtP5z5AmLfGCyY|teideal=LacusCurtius • Res Gestae Divi Augusti (VI)|work=penelope.uchicago.edu|dátarochtana=2023-01-16}}</ref>
 
== Ainm agus Dintiúirí Ágastais ==
 
Line 9 ⟶ 10:
== Saol ==
 
An duine a chaitheann súil ar shaol Ágastais, is ar éigean is féidir leis gan an dá Ágastas a aithint.

* Ó thaobh amháin, feicfidh sé polaiteoir óg uaillmhianach, fiú cruálach, nár bhac le dlí ná le scrupaill choinsiasa agus é ag cur catha leis an gcumhacht is airde sa tír a bhaint amach.
* Ón taobh eile, casfar Impire aibí air a bhain úsáid chiallmhar as an gcumhacht sin le córas nua polaitiúil a chur ar bun in áit na poblachta a bhí curtha ó mhaith ag na síorchogaí cathartha.
 
=== Óige ===
 
Mac le Gaius Octavius agus a bhean chéile Atia ab ea Ágastas, agus ba neacht le h[[Iúil Caesar]] í Atia. Mionuaisle ab ea muintir Octavius, is é sin, bhí baint acu le haicme na n-''equites''—ridirí na Róimhe. Bhí Atia sách saibhir, ach ní raibh cara sa chúirt aici. Deirtear nach raibh Gaius Octavius ach ina iasachtóir airgid ar dtús, ach in imeacht na mblianta, bhain sé amach seanadóireacht agus praetóireacht. Cailleadh Gaius Octavius sa bhliain 58 roimh bhreith Chríost, agus chaith a mhac an chéad chúpla bliain ar fheirm a mháthara móire, Iulia, i Velitrae. Deirfiúir le hIúil Caesar ab ea Iulia. Ina dhiaidh sin, chuir Octavius óg faoi i dteach a leasathara Lucius Marcius Philippus.
 
Cailleadh Gaius Octavius sa bhliain 58 roimh bhreith Chríost, agus chaith a mhac an chéad chúpla bliain ar fheirm a mháthara móire, Iulia, i Velitrae. Deirfiúir le hIúil Caesar ab ea Iulia. Ina dhiaidh sin, chuir Octavius óg faoi i dteach a leasathara Lucius Marcius Philippus.

Ó nach raibh mac dlisteanach eile ag Iúil Caesar, ghlac sé lena gharnia mar mhac altrama, agus chuaigh Octavius óg chun cogaidh le taobh Caesar.

Sa bhliain 45 roimh bhreith Chríost, bhí an bheirt acu sa [[An Spáinn|Spáinn]] ag cur troda ar chlann mhac Pompeius, agus chuaigh crógacht an ógánaigh go mór mór i gcion ar Caesar.

Bhí Octavius óg le páirt a ghlacadh san fheachtas in aghaidh na bPartach mar oifigeach marcshlua,. achAch ansin, chuala sé iomrá ar an dóigh ar dúnmharaíodh Caesar, agus d'fhill sé go dtí an Róimh. Ar an mbealach, fuair sé amach go raibh Caesar i ndiaidh é a uchtú ina thiomna, agus an chuid ba mhó de shaibhreas Caesar ag dul dó féin dá bharr sin.
 
=== A Bhealach chun Cumhachta ===
 
Go bunúsach, ní raibh forálacha dlí sa Róimh a cheadódh a leithéid d'uchtú iarbháis. Mar sin féin, ghlac Octavianus ainm Caesar air féin. Ar dtús, níor ghlac sé páirt ar bith sa chogadh cathartha a bhí ag lasadh suas arís idir lucht leanúna Iúil Caesar, a raibh Marcus Antonius i gceannas orthu, agus a chuid naimhde, ar nós Gaius Cassius Longinus agus [[Marcus Iunius Brutus]], a bhí ag iarraidh Poblacht na Róimhe a athbheochan i ndiaidh dheachtóireacht Caesar.
[[Íomhá:(Toulouse) Buste d'Auguste couronné de chêne - Musée Saint-Raymond Ra 57.jpg|mion|dealbh bhrád, Musée Saint-Raymond, [[Toulouse]]]]
[[Íomhá:Roman Coin with Augustus (Octavian).jpg|mion|bonn airgid, UPenn Mus. Anthr.&Archaeology]]
Bhí [[Marcus Antonius]] ina iar-ghinearál airm de chuid Caesar agus ina chomh-Chonsal leis. Mar sin, ní raibh sé sásta maoin shaolta Caesar a thabhairt d'Octavianus óg. Nuair a chrom Octavianus ar an gcuid eile d'uacht Caesar a chomhlíonadh, agus é ag íoc phinsin na seansaighdiúirí as a phóca féin - nó, le bheith beacht, as an gciste cogaidh a bhí bailithe le haghaidh an fheachtais in aghaidh na bPartach—thug muintir na Róimhe taitneamh dó mar fhear onórach.
 
Bhí [[Marcus Antonius]] ina iar-ghinearál airm de chuid Caesar agus ina chomh-Chonsal leis. Mar sin, ní raibh sé sásta maoin shaolta Caesar a thabhairt d'Octavianus óg. Nuair a chrom Octavianus ar an gcuid eile d'uacht Caesar a chomhlíonadh, agus é ag íoc phinsin na seansaighdiúirí as a phóca féin - nó, le bheith beacht, as an gciste cogaidh a bhí bailithe le haghaidh an fheachtais in aghaidh na bPartach—thug muintir na Róimhe taithneamh dó mar fhear onórach. D'iompaigh an luiteamas seo ina thacaíocht pholaitiúil go gasta. Fuair Octavianus cuidiú ó [[Cicearó|Marcus Tullius CiceroCicearó]], an seanadóir agus an t-iar-Chonsal, a bhí den bharúil go mbainfeadh an fear óg cuid den tábhacht pholaitiúil de Marcus Antonius. Bhí CiceroCicearó féin ag tacú leis an bPoblacht, cé nár ghlac sé páirt sa chomhcheilg a mharaigh Caesar. D'fháiltigh Octavianus an tacaíocht a fuair sé ó CiceroCicearó, ach bhí pleananna dá chuid féin aige. Ní bheadh sé ina bhalbhán ag CiceroCicearó, cé go raibh sé siúd ag iarraidh a úsáid féin a bhaint as Octavianus.
 
==== Comhghuaillíocht le dúnmharfóirí Iúil Caesar ====
[[Íomhá:Octave (13668015683).jpg|mion|30 RC, Capitoline, [[An Róimh]]]]
Nuair a bhí Antonius ag cur cogaidh ar Decimus, deartháir Brutus, sa Ghaill, d'earcaigh Octavianus arm agus shealbhaigh sé an Róimh. Faoi bhrú a chuid díormaí, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag na Seanadóirí ach cumhachtaí an tSeanadóra agus an iar-Chonsail a bhronnadh air agus é a dhíolmhú ó na dlíthe nach gceadódh d'fhear chomh hóg a leithéid de chumhachtaí a bheith aige.
 
Nuair a bhí Antonius ag cur cogaidh ar Decimus, deartháir Brutus, sa Ghaill, d'earcaigh Octavianus arm agus shealbhaigh sé an Róimh. Faoi bhrú a chuid díormaí, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag na Seanadóirí ach cumhachtaí an tSeanadóra agus an iar-Chonsail a bhronnadh air agus é a dhíolmhú ó na dlíthe nach gceadódh d'fhear chomh hóg a leithéid de chumhachtaí a bheith aige. Anois, bhí Octavianus sásta dul i gcomhghuaillíocht, fiú, leis na poblachtánaigh, cé gurbh iadsan a mharaigh a uchtathair Iúil Caesar. Sa bhliain chéanna, rug seisean agus a chuid comhghuaillithe, na Consail Aulus Hirtius agus Gaius Vibius Pansa, bua ar dhíormaí Antonius ag Mutina ([[Modena]] atá ar an gcathair seo inniu).
 
Fuair Hirtius agus Vibius Pansa bás sna cathanna, agus fágadh an t-arm faoi cheannas Octavianus amháin. Anois, ní raibh sé le stopadh. Le lámh láidir a chuid saighdiúirí, chuir sé d'iallach ar an Seanad é féin a thoghadh mar Chonsal agus dúnmharfóirí Caesar a eisreachtú.

Mar sin, thréig sé na poblachtánaigh agus chuaigh sé le lucht leanúna Caesar lena dhíoltas a agairt ar na dúnmharfóirí. Bhí sé, fiú, sásta [[triúracht]] nua a shocrú le Marcus Antonius agus le Marcus Aemilius Lepidus, nach raibh an tábhacht leis sa triúracht seo agus a bhí leis an mbeirt fhear eile. Mar threisiú leis an gcomhghuaillíocht seo, phós Octavianus leasiníon Antonius, Clodia.
[[Íomhá:Domus-augusti-2.jpg|mion|Domus-Augusti<ref name=":0">{{Luaigh foilseachán|title=House of Augustus|url=https://en.wikipedia.org/w/index.php?title=House_of_Augustus&oldid=1093760550|journal=Wikipedia|date=2022-06-18|language=en}}</ref>]]
 
==== An Dara Triúracht ====
 
Bhí an Dara Triúracht seo go hiomlán i dtuilleamaí an fhórsa mhíleata, agus níl sé as cosán a rá gur deachtóirí míleata ab ea na triúraithe. Ar an 23ú lá de Mhí na Samhna sa bhliain 43 roimh bhreith Chríost, fuair siad cumhachtaí oifigiúla an deachtóra ón Seanad go ceann cúig bliana.
[[Íomhá:House of Augustus (Domus Augusti), South wall of the Mask Room, 2nd Pompeian style, Palatine Hill, Rome - 20673979692.jpg|mion|Domus-Augusti<ref name=":0" />]]
D'eisigh siad liostaí fada d'eisreachtaithe—daoine a bhí le cur chun báis a thúisce is a thiocfaí suas leo. Bhí [[Cicearó|Cicearoó]] ar dhuine acu sin, nó ní cheadódh Antonius dó siúd éalú óna dhíoltas. Maraíodh Cicero[[Cicearó]] agus tugadh íde uafásach dá chorpán, nó gearradh na lámha de agus cuireadh ar taispeántas sa Róimh iad. Ní raibh Octavianus sásta leis an eisreachtú, ach nuair a socraíodh an scéal, bhí sé ní ba déine ná Antonius féin á chur i gcrích.
 
Bhí na triúraithe ag súil leis go n-éireoidís saibhir ar na heisreachtuithe, ach ar a laghad, rinne an feachtas géarleanúna an-tanú ar na ciorcail phoblachtánacha sa Seanad, agus chuir na triúraithe daoine de lucht a leanúna féin ina n-áit. Mar sin, chuaigh an poblachtánachas i laige i measc na n-aicmí cumhachta. Dúirt an staraí [[Ronald Syme]], fiú, agus dearcadh criticiúil aige ar Ágastas, gur réabhlóid a bhí i gceist leis an athrú foirne seo.
[[Íomhá:Corridor-Ramp 05.jpg|mion|Domus-Augusti<ref name=":0" />]]
 
Sa bhliain 42 roimh bhreith Chríost, thug Antonius agus Octavianus aghaidh ar an nGréig, áit a raibh Marcus Iunius Brutus agus Caius Cassius Longinus ag slógadh a gcuid saighdiúirí. Chuir na triúraithe cath ar Brutus agus Longinus, agus nuair a briseadh an cath ar an mbeirt sin, bhí poblacht na Róimhe cloíte go héag: ní raibh sí le hathbheochan a thuilleadh. B'é Antonius a thabhaigh an chuid ba mhó den onóir a bhí ag dul leis an mbua seo, agus é ag dearscnamh thar an mbeirt triúraithe eile i gcumhacht.
 
== Oidhreacht ==
Ar 16 Eanáir sa bhliain 27RCR, vótáil Seanad na Róimhe na teidil Augustus nó Ágastas, agus Princeps d'Imperator Caesar Divi Filius (darbh aimn Gaius Octavius nuair a saolaíodh é),<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.newworldencyclopedia.org/entry/Augustus_Caesar|teideal=Augustus Caesar - New World Encyclopedia|work=www.newworldencyclopedia.org|dátarochtana=2023-01-16}}</ref> céim a mheastar gurb í an t-athrú ó Phoblacht na Róimhe go dtí Impireacht na Róimhe ann agus, leis sin, a chruthaigh coincheap na impireachta i smaointeoireacht na hEorpa maidir leis an bpolaitíocht agus an dlí a raibh iarmhairtí aige anuas go dtí an [[20ú haois|fichiú haois]] agus, go pointe áirithe, a bhfuil roinnt tionchair aige fós.<ref name=":1">{{Lua idirlín|url=https://www.facebook.com/UCDSchoolofLaw/posts/4000492216641739|teideal=Augustus appellátus sum|údar=Scoil Dlí, COBÁC|dáta=2021|dátarochtana=2023}}</ref>
 
Is é fírinne an scéil nach raibh i socrú 27RCR ach bearta eatramhacha agus mar gheall ar na brúnna a bhí ar Ágastas bréagphoblacht agus an ceannasacht sa stát a bhí aige a thabhairt le chéile, deonaíodh cumhachtaí dlí ní b'fhoirmiúla dó sa bhliain 23RCR, a bhfuil teideal níos fearr acu a bheith mar bhunús leis an gcóras impireachta.
 
Sa chuntas a thug Ágastas féin ar a shaol poiblí, Res Gestae Divi Augusti, rinne sé tagairt ar na honóracha a bronnadh air sa bhliain 27RCR amháin, gan aon rud a rá faoi na cumhachtaí a tugadh dó ceithre bliana dár gcionn.<ref name=":1" />
 
" ... tar éis dom na cogaí cathartha a mhúchadh, ó fuair mé ollsmacht ar ghnóthaí stáit d'aon ghuth, thug mé an phoblacht  as mo smacht féin ar láimh do Sheanad agus  pobal na Róimhe. Mar gheall ar an tseirbhís seo tugadh an teideal Ágastas dom de réir foraithne de chuid an tSeanaid ... As sin amach bhí tosaíocht agam ar gach uile dhuine ó thaobh na céimíochta de, ach ní raibh mo chuid cumhachta níos mó ná an méid a bhí ag mo chomhghleacaithe in oifig poiblí ar bith.".<ref name=":1" />
 
== Féach freisin ==
 
* [[Iúil Caesar]]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
{{stumpa}}
 
[[Catagóir:Impirí Rómhánacha]]