An difríocht idir athruithe ar: "Spéirling"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:All eyes are on Hurricane Irma as it strengthened to category-5 intensity yes....webm|mion|Físeán: Hurricane Irma 2017 (NOAA NWS Weather Prediction Cente)]]
Stoirm ollmhór ghaoithe agus bháistí is ea '''spéirling,''' nó '''stoirm''' nó '''[[Spéirling|cuaranfa]] trópaiceach,''' nó '''tíofún''' srl,<ref name=":0">{{Lua idirlín|url=https://www.cogg.ie/wp-content/uploads/eureka-2-1.pdf|teideal=Eureka, Iml 1-2|údar=COGG|dáta=MF 2005|dátarochtana=2023}}</ref> go minic millteach, a tharlaíonn mar [[Cuilithe|chuilithe]] ag déanamh bíse mórthimpeall ar chóras brú ísil.<ref>Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)</ref>
[[Íomhá:Hurricane-en.svg|mion]]
[[Íomhá:NASA Catches Hurricanes Jose and Maria.webm|mion|Físeán: [[NASA]] 360]]
Líne 6:
== Tréithe ==
[[Íomhá:Hurricane Preparedness.webm|mion|Físeán: sábháilteacht ]]
Tosaíonn spéirlingí mar stoirmeacha beaga, os cionn farraigí teo, sna tropaicí. Is minic nach mbíonn na gaotha láidir ag an bpointe seo. Tosaíonn spéirlingí os cionn uisce te (os cionn 26°), de ghnáth idir Mí na Bealtaine is [[Deireadh Fómhair]], agus gluaiseann siar nó siar ó thuaidh sa [[An leathsféar thuaidh|leathsféar thuaidh]], siar nó siar ó dheas sa [[An leathsféar theas|leathsféar theas]], agus cailleann [[fuinneamh]] nuair a thagann i dtír. Casann an spéirling tuathal má tá sí ar an taobh ó thuaidh den mheánchiorcal agus casann sí deiseal má tá sí ó dheas de.<ref name=":0" />
 
Nuair a ghluaiseann an spéirling trasna an aigéin, súnn sí fuinneamh ón aer teolaí, méadaíonn ar a luas agus éiríonn sí níos láidre. Casann sí timpeall agus timpeall uirthi féin agus maireann sí ar feadh cúpla uair an chloig ar a laghad, agus i bhfad níos mó go minic. Bailíonn spéirling na billiúin tonna galuisce ón bhfarraige agus déanann sí scamaill mhóra as seo
Líne 18:
* Rang 3 ar Scála Saffir-Simpson ː Luas na Gaoithe (ksu): 178-209. Comharthaí: Damáiste do chrainn, do dhoirse, d'fhuinneoga agus do dhíonta. Tithe beaga cois cósta scriosta. Seans maith go dteipfidh ar an gcóras cumhachta.
* Rang 4 ar Scála Saffir-Simpson ː Luas na Gaoithe (ksu): 210-249. Comharthaí: Na comharthaí ar fad leagtha. An-damáiste do thithe. Tránna millte. Tuilte i ngach áit. Smionagar (debris) dainséarach ar iompar ag an ngaoth.
* Rang 5 ar Scála Saffir-Simpson ː Luas na Gaoithe (ksu): 250+. Comharthaí: An-chuid foirgneamh scriosta go hiomlán. Tithe iompaithe bun os cionn nó imithe le gaoth. Tuilte móra cois cósta.<ref name=":0" />
 
De réir mar a fhásann spéirlingí agus mar a ghluaiseann siad, éiríonn siad níos láidre agus níos tapúla. Bíonn na gaotha ag dul timpeall i gciorcail ach bíonn áit chiúin shocair i lár an chiorcail sin agus tugaimid croí na stoirme uirthi. Bíonn luas agus láidreacht na spéirlinge ag méadú i gcónaí. Cruthaíonn sí scamaill mhóra thoirniúla. Uaireanta, bíonn an córas iomlán 800km ar leithead (i gcomparáid, 486km an fad atá idir cósta thuaidh na hÉireann agus an cósta theas).<ref name=":0" />
 
=== Damáiste ===
Is í an spéirling an stoirm is láidre ar domhan, agus maraíonn spéirlingí na céadta daoine, nó níos mó, gach bliain. Is é an t-uisce is cúis le formhór an damáiste a dhéanann spéirling. Bíonn báisteach throm i gceist, ach chomh maith leis sin, éiríonn tonnta móra millteacha aníos as an aigéan - tugaimid borradh stoirme orthu seo. Bíonn na tonnta seo suas le 15m ar airde.
 
Nuair a thagann an spéirling isteach in aice na talún, méadaíonn an borradh stoirme agus réabann sé dumhaigh, ballaí agus bacáin eile. Nuair a bhíonn an spéirling ag taisteal trasna na tíre, bíonn gaotha fíochmhara agus báisteach throm ag bascadh an cheantair ar feadh cúpla uair an chloig. Cailleann an spéirling a cuid cumhachta go tapa, de réir mar a théann sí isteach faoin tír.[[Íomhá:Tropical_cyclone_model.gif|mion|samhaltú ]]
 
==== Beartais cosanta ====
Líne 36:
Bíonn eolaithe aimsire, nó meitéareolaithe, ar bord na n-árthach seo agus déanann siad staidéar ar na torthaí, sa chaoi gur féidir leo a rá cad a tharlóidh don stoirm. Má tá seans ann go mbuailfidh an spéirling faoi cheann 24 nó 36 uair an chloig, eisíonn siad rabhadh darbh ainm 'Faire'.
 
Is féidir rabhadh a chur amach i bhfad níos luaithe na laethanta seo. Dá bhrí sin, tagann i bhfad níos mó daoine slán ná a tháinig fadó.[[Íomhá<ref name=":Tropical_cyclone_model.gif|mion|samhaltú0" ]]/>
 
=== Téamh domhanda ===
Tharla 10 spéirling, nó mar sin, gach bliain sa Mhurascaill sna 1990idí. Measann roinnt eolaithe anois go méadóidh an uimhir sin agus an [[Athrú aeráide|téamh domhanda]] buailte linn.
 
== Stair ==
Go bhfios dúinn, tharla an spéirling ba mheasa riamh sa bhliain 1780. Mharaigh sí 22,000 duine sa Chairib.
 
== Ainmneacha ==
Seans gur tháinig an focal Béarla 'hurricane' ó fhocal de chuid na [[Bundúchasaigh Mheiriceá|Meiriceánach Dúchasach]], [[Huracan]],<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Huracan|url=https://en.wikipedia.org/w/index.php?title=Huracan&oldid=1115125975|journal=Wikipedia|date=2022-10-09|language=en}}</ref> a raibh an chiall 'droch-spiorad na gaoithe' leis.
* Tugtar ''tíofún'' ar spéirling in iarthuaisceart [[An tAigéan Ciúin|an Aigéin Chiúin]].
* Tugtar ''[[Cioclón trópaiceach|cioclón]]'' agus ''cuaranfa'' ar spéirling i m[[Bá na Beangáile]].
* Tugtar '''willy willies''<nowiki/>' orthu san [[An Astráil|Astráil]],
 
Gach bliain ainmnítear na spéirlingí le hainmneacha in ord aibítreach (ach litreacha tearca mar Q is X a fhágáil ar lár) chun míthuiscint a sheachaint nuair a bhíonn níos mó ná ceann amháin ann ag an am céanna.
 
Úsáidtear ainmneacha difriúla san Atlantach, [[oirthear]] an Aigéin Chiúin, agus lár an Aigéin Chiúin.
 
== Stair ==
Go bhfios dúinn, tharla an spéirling ba mheasa riamh sa bhliain 1780. Mharaigh sí 22,000 duine sa Chairib.
 
Fadó, nuair a bhuail spéirling tír ar lá féile naoimh thug na daoine ainm an naoimh sin ar an spéirling. Mar shampla, bhuail Spéirling San Felipe Oileán Puerto Rico ar an 13ú Meán Fómhair 1876. Ag tús an 19ú céad, chuir meitéareolaí Astráileach tús le hainmniú stoirmeacha trópaiceacha. Sa bhliain 1979, chuir Meiriceá tús le húsáid ainmneacha fear agus ban le haghaidh stoirmeacha. Tá 6 liosta d'ainmneacha ann agus tá 21 ainm i ngach liosta díobh.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.nhc.noaa.gov/aboutnames.shtml|teideal=Tropical Cyclone Names|work=www.nhc.noaa.gov|dátarochtana=2023-05-12}}</ref> Tosaíonn gach ainm le litir éagsúil ón aibítir. Úsáideann siad liosta uair amháin i ngach tréimhse 6 bliana. Má dhéanann spéirling áirithe damáiste damanta, baineann siad an t-ainm sin den liosta agus cuireann ainm nua ina áit. <ref name=":0" />
 
== Féach freisin ==