An difríocht idir athruithe ar: "Muircheartach Ua Briain"

Ard-Rí na hÉireann
Content deleted Content added
Leathanach nua: Ard rí Éirinn go bhfreasúra (ó 1101 go dtí 1118) a bhí '''Muircheartach Ua Briain'''. [[Image:Www.wesleyjohnston.com-users-ireland-maps-histor...
(No difference)

Leagan ó 00:22, 13 Samhain 2007

Ard rí Éirinn go bhfreasúra (ó 1101 go dtí 1118) a bhí Muircheartach Ua Briain.

Léarscáil Éirinn timpeall ré Muircheartaigh

Mac le Toirdhealbhach Ua Briain (árd rí Éirinn ó 1055 go 1086 agus garmhac Brian Bóirmhe) ab ea Muircheartach. Ó ríshliocht Dál gCais a bhí sé, agus rugadh é in aice le gCill Dá Lua i gContae an Chláir. Ghabh sé ríocht Áth Cliath sa bhlian 1075 i rith árd ríocht a hathair. Fuair Toirdhealbhach bás sa bhliain 1086 agus roinntear Mumhan i trí chuid idir Muircheartach, Tadhc agus Diarmaid, a thrí mhic. Fuair Tadhc bás go luath, áfach, agus díbir Muircheartach Diarmaid as an cúige chun cumhacht a ghlacadh dó féin.

Chuaigh Muircheartach ar ruathar go Mide agus Laighean sa bhliain 1089 agus ghlac sé ríochta Laighean agus Áth Cliath. Sa bhliain 1093, ghéill a dhearthair Diarmaid dó i gCaiseal, agus ghéill Domhnaill mac Flainn Ua Maíl Shechnaill, rí Uí Néill Teamhrach freisin.

Insíonn Annála Inis Faithleann faoi "cogadh mór" a tharla idir Muircheartach agus ríthe Leath Cuinn le tacaíocht Gofraid, rí Lochlannaigh Átha Cliath. Chuaigh Muircheartach ar mórshiúil chuig Baile Átha Cliath. Díbir sé Gofraid as an cathair agus mharaigh sé Domhnaill mac Flainn Ua Maíl Shechnaill.

Sa bhliain 1101, ghlac sé ard ríocht Éirinn agus chuaigh sé ar "turas an rí" timpeall na cúigí chun géilleadh na ríthe ruireach a dhaingniú. Bhí tionóil mór ag Muircheartach inar bhronnaigh sé dún Caiseal don Eaglais. An bhliain ina dhiaidh sin, rinne sé comhaontas le Magnus III an tIorua de bharr pósadh Sigurd mac Magnus leis a hiníon.

D'eirigh Muircheartach tinn sa bhliain 1114 agus ghabh Diarmaid ríocht Mumhan ó Muircheartach. Díbir sé as cathair Luimní é agus thóg sé níos mó na blian go dtí go raibh neart a dhóthain ag Muircheartach cumhacht a ghlacadh ar ais. Bhí coimhlint aige le Dhiarmaid ó 1114 ar aghaidh maidir le ríocht an cúige.

Fuair Muircheartach Ua Briain bás sa bhliain 1118.