An difríocht idir athruithe ar: "Joe Higgins"

Content deleted Content added
Leathanach nua: thumb|right|300px|Joe Higgins Is polaiteoir Éireannach é Joe Higgins (rugadh é ar an 1ú Bealtaine 1949). Ba é an t-aon Teachta Dála den [[Páir...
 
No edit summary
Líne 4:
Rugadh é i [[Lios Póil]] i gContae [[Ciarraí]] sa bhliain 1949. Chuaigh sé go dtí Scoil na mBráithre Chríostaí sa Daingean. I ndiaidh sin, thosaigh sé ag staidéar chun bheith ina shagart. Cuireadh go dtí coláiste cléireach i [[Minnesota]] sna [[Stáit Aontaithe]] san [[1960í]] é mar chuid dá gcuid oiliúna. Bhí agóidí frith-Chogadh Vitneaim agus an feachas Chearta Sibhialta ar siúl ag an am agus bhí tionchar acu siúd ar a dhearcadh polaitiúil.
 
D'fhill sé go hÉireann agus bhain sé céim amach sa [[Béarla|Bhéarla]] agus san [[Fraincís|Fhraincís]] i g[[Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath]]. Chaith sé tamall ag múineadh i scoileanna lárchathracha i m[[Baile Átha Cliath]]. Chuaigh sé isteach i b[[Páirtí an Lucht Oibre]] nuair a bhí sé mar mhac léinn agus bhí sé gníomhach sa Militant Tendency, grúpa den eite chlé sa pháirtí. Dibríodh Higgins agus daoine eile san Militant Tendency (''An Claonadh Míleatach'') sa bhliain [[1989]]. Bhunaigh siad Militant Labour ach thosaigh an páirtí ag baint úsáid an t-ainm "An Páirtí Sóisialach" sa bhliain [[1996]].
 
Toghadh Higgins mar bhall de Chomhairle Chontae Fhine Gall sa bhliain [[1991]] agus bhí sé ina bhall den Chomhairle go dtí 2004. Toghadh é mar Theachta Dála sa bhliain [[1997]] i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Toghadh arís é in Olltoghchán [[2002]]. Chaill sé a shuíochán sa bhliain 2007.