Content deleted Content added
Meabhar (plé | dréachtaí)
→‎Albain: - freagra ar
Líne 115:
Sheol mé tcht ríomhphoist chugat tríd an chóras ríomhphoist Vicipéide. Má bhfuair tú é, cuir freagra éigin chugam, le do thoil. --[[Úsáideoir:Gabriel Beecham|Gabriel Beecham]] 18:40, 6 Lúnasa 2005 (UTC)
:A Mheabhair, seo RABHADH duit. Coiscfear an té a scriosann an t-athsheoladh ó [[Alba]] go h[[Albain]]. Tá comhaontú ann go mbainfear úsáid as an gCaighdeán Oifigiúil ar an Vicipéid. [[Úsáideoir:Evertype|Evertype]] 19:10, 8 Lúnasa 2005 (UTC)
 
Cén comhaontú? Tú féin agus Gabriel, ag baint mí úsáid as bhur riar. Feictear domsa gur é an príomh-rud atá ar siúl agatsa ná ag sá do ladar ar ailt atá scríofa ag daoine eile. Faoi ainmneacha bailí. Dá gcuirfeá ceathrú an fhuinnimh sin ag cur ábhar ar fáil, bheimis ar fad buíoch díot. An éifeacht is mó led' cuid sracadh a fheicimse ná olc a chur ar dhaoine eile. Tá tú féin ag sá athraithe ar áitreamh an ailt le fada, gan aon cheart aige. Alba ainm na tíre sin, agus d'aon Ghaeilgeoir gur fiú an ainm é, is an ait go deo an bail air "Albain" san ainmneach. Tá sé seo mínithe go dian agam le fada fada, agus é ar eolas agat féin. Chuir an té a chum "an Chaighdeán Oifigiúil" an leagan sin "Albain" ar fáil, agus níor bhac aon duine é a cheartú ó shoin, ach á phiocadh as sin agus as foclóir de Bhaldraithe. Ní mise ná tusa ná ar Rannóg Aistriúchán a chum an Ghaeilge ná a cuid sean-ainmneacha. Agus ní chuireann dearmad a leanann go bacach ó na caogaidí ar aghaidh athrú ar an bhfírinne sin. Agus ar ndóigh, tá tú féin le fada ag déanamh athraithe gan mhíniúchán cheart a thabhairt orthu. [[Úsáideoir:Meabhar|Meabhar]] 22:25, 9 Lúnasa 2005 (UTC)