Haigh, a Mhicheál - cuirtear fáilte Uí Cheallaigh romhat chuig an Vicipéid! Tá súil agam gur maith leat an suíomh agus go mbeidh tú id' ball den chomhphobal.

Chuir tú ceist ar Plé:Ceannleathanach faoi fadhtanna; bhuel, tá leathanach speisialta ann san oideas MediaWiki darb ainm Vicipéid:Fabht-thuairiscí. Cuir aon fadht a fhéiceann tú ar an leathanach seo, agus tabharfaidh mé é faoi deara. Tá 'fhios agam nach bhfuil Gaeilge den chéad scoth agam, ach déanaím an-iarracht...

Má tá cabhair eagarthóireachta ag teastail uathu, féach ar Vicipéid:Conas a cuirtear leathanach in eagarVicipéid:Cabhair nó cuir cheist ag Vicipéid:Halla baile. Agus, ar ndoigh, tá tú saor ceist a chur chugam ag Plé úsáideora:Gabriel Beecham. Bain súp as! -- Gabriel Beecham 17:14, 1 Lún 2004 (UTC)

Aibítreoir cuir in eagar

A Evertype, a chara, Is mise Meabhar. Ceard go direach a dheanann tu mar aibiteoir? (cuirfead na sinte fada isteach nios deanai - nilid ag mo phost). An gcuireann tu ailt in ord aibitre? An mbeadh a fhios agat conas teagmhail leis an suiomh le slacht a chur ar na bun threoracha? Mar shampla, an feidir an treoir eagarthoireachta a athru go 'ag athru xxxx' in ait 'ag athraigh'? Bim fein ag ceartu Gaeilge le cupla la anuas, ach nil a fhios agam an bhfuil bealach le scriobh don bhainistiocht maidir leis an nGaeilge. - Seamus O Flaithbheartaigh, meabhar@yahoo.com

A Shéamuis, is saineolaí in aibítrí é an t-aibítreoir. "Alphabetician" a tugaim orm féin i mBéarla, agus "aibítreoir" i nGaeilge. Táimse eolach i gcórais scríofa, agus déanaim a lán obair ar son Unicode.
Cén fáth nach n-úsáideann tú sínte fada? Fadhb ríomhaireachta í sin? Evertype 18:21, 2 Lún 2004 (UTC)

Mí na Samhna agus Mí na Nollag cuir in eagar

A Mhicheál - chuir mé na leathanaigh Mí na Samhna agus Mí na Nollag faoina teidil sin de bhrí go baineann na focail Nollaig agus Samhain uaireanta le ábhair eile. Go cinnte, is féidir a rá ar na leathanaigh gurb iad seo na hainmneacha is minicí, ach tá brí eile acu i chiclipéid. Ba mhaith liom na hailt a haistrigh ar ais. -- Gabriel Beecham 21:17, 3 Lún 2004 (UTC)

Mí Shamhna, ach mí na Nollag a déarfainn maidir le mí, nó níos fearr fós, Samhain nó Nollag mar a luann sibh. Uaireanta, is gá a chuir leis, chun a léiriú gur an mhí atá i gceist, seachas an féile. Ach ba chóir an focal a bheith i litreacha beaga, muna bhfuil an focal i dtús abairte.Meabhar 21:11, 23 Aug 2004 (UTC)

Ach tá Nollaig agus Samhain na leaganacha oifigiúla sa Chaighdeán Oifigiúil agus atá in úsáid mar shampla i "locales". Feictear Mí na Bealtaine freisin. Cinnte go bhfuil na focail sin in úsáid ar féile, ach Lá na Nollag, Oíche Shamhna, agus Lá Bealtaine ann freisin. B'fhearrr liom líne iodálach "disambuating" a chur le Nollaig agus Samhain mar míonna. caithfear a rá. (Téama eile: Tá súil agam go bhfaca tú na fabht-thuairiscí a scríobh mé. Evertype 00:33, 4 Lún 2004 (UTC)


Rinne mé iarracht an scéal le do leathanach phlé ag MediaZilla, ach níl siad cinnte faoin scéal. Ar feadh tamaill, úsáidaím an leathanach seo.

  • Más mian leat bheidh i do riarthoir, is féidir liom é sin a dhéanamh. Scríobh nóta oifigiúil ag ÚVicipéid:Riarthóirí, agus muna bhfuil aon easaontas, cuirfidh mé na pribhléidí ort.
  • Tá an t-eagrán nua den comhéadán le féachaint ag http://ga.wikibooks.org, mar shampla, ach níl sé den chéad scoth. Ba mhaith liom na haistriúcháin do Category a chinntiú roimh a chuirtear na haistriúcháin ar an Vicipéid.
  • Tá go leoir jabanna le déanamh anseo, m.sh. an lá agus an príomhleathanach nua. Déanfar iad i gceann tamaillín...--Gabriel Beecham 21:52, 7 Oct 2004 (UTC)

A Evertype Bheinn buíoch díot féin agus do Gabriel dá stadfadh sibh ag druideadh mó chuid alt faoi ainmneacha gan bailíocht. Níl aon bailíocht ag ´cathair New York´, ´Nua-Eabhrac´, srl, agus níl a fhios agam cén fáth a dheineann sibh amhlaidh gan comhairle a bheith againn le chéile. Ní dóigh liom gur bhac sibh ainm oifigiúil na cathrach ná an stáit a fháil amach, agus tá an ainm Nua Eabhrac in úsáid le hos cionn 100 blian, agus is ainm Cheilteach ó thús Eabhrac-Efrog. Cuireann on sort oibre seo as do dhaoine, agus measaim féin go bhfuil tú féin agus Gabriel beagán leanbaí leis an obair seo. Agus cé atá ag scríobh na nalt pé scéal é? Is cinnte nach tusa! Agus níl aon ghá leis seo. Tá ainm na cathrach agus an stáit an-soiléir, agus tá a lán oibre le déanamh ar an gcomhéadan, ailt nua, agus an comhéadan, gan a bheith ag stracadh de ailt a chéile gan ghá. Scríobh cupla alt tú féin, más féidir leat é. Tá an suíomh lag go leor fós. Níl a fhios agam an sórt sabaitéaracht nó díoltais atá ar siúl agaibh, ach is cinnte go bhfuil sibh ag cur isteach ar an obair. Meabhar 03:36, 8 Oct 2004 (UTC)

Is droch-Ghaeilge an litriú "Nua Eabhrac", agus ba cheart dúinn an Caighdeán Oifigiúil a leanúint. Féach san fhoclóir Tíreolaíocht agus Pleanáil (Oifig an tSoláthair 1981). Nótaigh go bhfuil an fleiscín ann do gach focal ina bhfuil an Nua roimh an cuid eile den ainm: New Britain An Nua-Bhreatain, New Caledonia An Nua-Chaladóin, New Guinea An Nua-Ghuine, New Hebrides An Nua-Inse Ghall, New York Nua-Eabhrac, New Zealand An Nua-Shéalainn. Ansin nótaigh na cinn eile: New Delhi Deilí Nua, New Ireland Éire Nua. Riail litrithe maidir le aidiachtaí atá ann anseo, agus ní thuigim cén fáth go bhfuil tú ag ionsaí orm toisc go bhfuil spéis agam i litriú ceart na Gaeilge. Tá Nua-Eabhrac in úsáid sna hatlasanna freisin. Maidir leis an rud eile a dúirt tú: NÍ LEATSA AN tALT SIN, CÉ GUR THOSAIGH TÚ É. Sin é riail na Vicipéide! Is féidir linne, agus ba cheart dúinne, eagar a chur ar ailt chun iad a fheabhsú. Agus is é sin a rinne mé, agus is é sin a déanfaidh mé amach anseo, ó thaobh an Chaighdeáin de. Mar Vicipéideoir, ba cheart duit glacadh leis an gcabhair sin. Is cabhair atá ann. Evertype 15:14, 8 Oct 2004 (UTC)
Tá a fhios agat go maith go ndúras mo chuid ailt mar gur mise amháin a scríobh na cinn i gceist, agus bheadh an-fháilte romhat eagar a chur ar aon cheann. Tá a fhios agat nach úinéireacht a bhí i gceist. Agus tá tú ag caitheamh focla láidre mar droch arís, rud atáimid i gcleachtadh air faoi seo. Is mion athrú é Nua Eabhrac a athrú go 'Nua-Eabhrac', agus níor glacadh go leathan leis - fch aon chuardach Idirlíne. Agus níl sé béasach lgh a chorrú gan chomhairle a dhéanamh le riarthóirí eile (níl a fhios agam an riarthóir thú) nó leis an duine a scríobh thar oíche, gan rabhadh agus gan aon ghá práinneach. B´fhéidir go nárdófá do shúile ó do chuid atlas agus foclóir agus go bhfeicfeá go bhfuil tú ag cur as do scríbhneoirí ag déanamh athraithe tobainne mar seo, lena gcailltear lgh plé agus staire go minic. Tá gá níos mó faoi láthair le hailt nua agus roinnt feola a chur ar na cinn atá againn, seachas a bheith ag caitheamh tuairimí láidre agus ag déanamh athraithe tobainne. Ach is cosúil gur fearr leatsa sortanna eile ¨cabhrach¨ thabhairt faoi láthair.
Tá ceisteanna eile á bplé agam inniu im´ lch plé féin. Le meas. Meabhar 17:48, 14 Oct 2004 (UTC)

Albain cuir in eagar

A Evertype - tá freagra curtha agam i leathanach plé Oileán Mhanann ar theideal an ailt ar Albain. Bíonn dearmaid i bhfoclóirí freisin, agus ní maith glacadh le gach ní iontu gan cheist. Ní dhéantar oiread cíoradh agus iniúchadh ar fhoclóirí na Gaeilge agus ar mhaith linn, ar chúiseanna airgid agus eile, agus mar sin tá níos mó dearmaid iontu ná cinn an Bhéarla agus mórtheangacha eile na hEorpa. Ach tá ceart agus mícheart fós i go leor rudaí, agus is é Alba ainm na tíre san ainmneacha uathu, foirm ná úsáidtear go minic i gcás tíortha, is fíor, i ngnáthchaint. Meabhar 23:01, 12 Ean 2005 (UTC)

Is é Alba an t-ainm sa tuiseal ainmneach i nGàidhlig. Is é Albain an t-ainm sa tuiseal ainmneach i nGaeilge. Féach ar Plé:Oileán_Mhanann mar sin. Evertype 11:59, 22 Ean 2005 (UTC)

A Evertype: in áit an córas athainmnaithe a úsáid, ghearr tú an téacs as an leathanach Alba agus ghréamaigh tú é ar Albain. Ná déan é sin más é do thoil é, mar chailltear an stair athruithe; úsáid an nasc "Athainmnigh". Dheisigh mé an athainmniú. --Gabriel Beecham 20:33, 22 Ean 2005 (UTC)

Agus tá malairt tuirime ann freisin, ach ní dhéanann Evertype ach an alt a shá san áit ar mian leis é, mar go bhfuair sé "Albain" mar ainmneach i bhfoclóir lochtach - agus mo léan, is lochtach go mór iad ar fad go dtí seo, seachas an Duinníneach, ach is cosúil nach bhfuil meas ag E airsin. Measaim féin nach bhfuil cumas éisteachta ar E, ach gur fearr leis a bheith ar rá linne Gaeilgeoirí conas ár dteanga féin a labhairt agus a scríobh, gan é a bheith i ndán é a chur ar phár nóé a labhairt i gceart é féin. Le meas agaibh uilig. Meabhar 02:50, 23 Ean 2005 (UTC)
A Evertype - sea, scrios tú mo chearta eagarthóireachta ar an alt ar Albain (ainmneach Alba) a luaithe agus a ceapadh id' riarthóir thú.
Níl sé seo fíor. Chur Gabriel cosc scríofa ar an alt do gach úsáideoir. Evertype
Nach bhfeiceann tú gur míúsáid é seo as do chuid cumhachtaí úra led' thuairimí féin a chur ar aghaidh. Ní raibh aontas ann ariamh gur é Albain ceart ainm na tíre, agus níl tú ach ag leanacht dearmaid a cuireadh i bhfeidhm sna' 1950í leis an gcaighdeán oifigiúil.
Ciclipéid atá sa Vicipéid. Evertype
Tugaim faoi dearadh nach ndéanann tú eagarthóireacht ar bith ar an ndroch Ghaeilge cheart atá ar fud an suímh, fiú ar an bpríomhleathanach, ach ag sá do ladar sa scéal leis an gcúpla rud a d'aithnís nach raibh ar aon dul leis an gCaighdeán. Ní thuigeann tú, ar ndóigh, go gcuireann daoine rudaí i bhfoirmeacha neamh-caighdeánacha ar chúiseanna éagsúla.
Ciclipéid ata sa Vicipéid. Ní filíocht atá ann, ach ciclipéid. Evertype 13:14, 25 Lúnasa 2005 (UTC)Reply
Agus ní beo don teanga má leagtar gach ní go crot caol caighdeánach gan aird ar an dteanga mar a labhartar í imeasc lucht a labhartha. Éist corr uair le RnaG! Meabhar. 24/8/05

Idirnáisiúnach Sóisialach/Sóisialach Idirnáisiúnta cuir in eagar

Le do thoil, cuir do ladar isteach sa plé faoi Plé:Sóisialach Idirnáisiúnta agus deir cad a cheapann tú. - Dalta 16:36, 20 Mei 2005 (UTC)

LanguageGa.php cuir in eagar

Táim ag leasú an comhad díreach anois, i ndáiríre - tá roinn fada nua ann a bhaineann le EXIF, agus is é sin foinse na moille. Beidh sé uaslódáilte agam inniu nó amárach. --Gabriel Beecham 16:23, 28 Mei 2005 (UTC)

Bóithre agus Mótarbhealaí in Éireann cuir in eagar

Hey. An tusa a d'aistrigh Bóthre agus Mótarbhealaí in Éireann go Bóithre agus Mótarbhealaí in Éireann? Rinne tú dearmad ar an tuiseal tabharthach. Athróidh mise é. Conchúr 13:11, 12 Iúil 2005 (UTC)Reply

Téarmaíocht cuir in eagar

Cad iad do thuairimí maider leis an iolra ar 'vicí' agus maidir le téigh/téir/gabh? --Gabriel Beecham 15:42, 28 Lúnasa 2005 (UTC)Reply

Rabhadh cuir in eagar

Sé do bheath. Níl fhios agam má léigh tú a scríobh mise faoi na fadhbanna le déanaí. Tá fadhbanna eile freisin. Bhí dha ailt ar Ó Gríofa. Roghnaigh mé an ceann is mó, chuir mé pictiur ann ón cheann níos lú, agus rinne mé athdhiriú den cheann sin. Fiúntach cosc? Cuir Mise An Locht Ar Na Tuistí 19:05, 16 Meitheamh 2006 (UTC)Reply

Sorry, CMALANT, but it looks like you are at it again. I guess it is bye, then. Cannot say I were going to miss you. Panu Petteri Höglund 22:22, 16 Meitheamh 2006 (UTC)Reply
Léigh mé a scríobh sé, Evertype. Níor thug tú freagra dom; ar léigh tú a scríobh mise? Nuair a chuir tú an cosc orm, scríobh tu go raibh úsáideoraí eile ag tabhairt amach fúm. Úsáideoraí, iolrachas. Tá a fhios agam faoi ceann amháin. Rinne mise gearán faoi úsáideoir a raibh ag scriseadh naisc. Níor tharla tada faoi. Is dóigh liom, neamhchosúil Guliolopez, go bhfuil tú beagáinín claonta san conspóid seo. Cuir Mise An Locht Ar Na Tuistí 10:55, 16 Iúil 2006 (UTC)Reply
Fair enough. One of us is obviously too many around here. I'll withdraw from An Vicipéid and let people vote who they prefer, me or CMALANT. But as long as he is allowed in here, I'll be off. Correcting grammar is nice work as long as you can rely on people leaving corrected grammar alone. But I am not going to take any more vandalizing from CMALANT. Panu Petteri Höglund 12:45, 16 Iúil 2006 (UTC)Reply
Tá a fhios agam faoi ceann amháin. Rinne mise gearán faoi úsáideoir a raibh ag scriseadh naisc.
How many errors are there? For one, "faoi" lenites a noun not preceded by definite article: "faoi cheann". (Besides, "faoi dhuine" would be more appropriate.) "Scriseadh" - "scrios" would be correct, or "scriosadh" - both are used as the verbal noun of "scrios". And "a bhí" in a direct relative clause, not "a raibh".
Of course, it still hasn't dawned upon CMALANT that his links are no use, if they only take you into a maze of new and new redirect pages. Do we need to tolerate this guy here? Panu Petteri Höglund 12:53, 16 Iúil 2006 (UTC)Reply
Tá sé scriosta, a Phanu. Evertype 00:36, 17 Iúil 2006 (UTC)Reply
Dealraíonn sé gur tháinig sé ar ais, agus é ag éileamh eadrána. Is é m'fhreagra nach féidir liom toiliú le headráin le duine nach bhfuil muinín agam as. Panu Petteri Höglund 11:19, 10 Lúnasa 2006 (UTC)Reply
Aontaím leat, a Phanu, go bhfuil droch-Ghaeilge ag an eagarthóir sin, agus nach bhfuil sé ag iarraidh comhoibriú a dhéanamh chun an Vicipéid a fheabhsú. Evertype 06:45, 12 Lúnasa 2006 (UTC)Reply

S na G i UCD cuir in eagar

A chara, Táimse ag scríobh chugat faoi eachtra atá ar siúl i UCD le haghaidh Sheachtain na Gaeilge s'againn. Tá sé ar intinn againn cuir le hachmhainn tábhachtach, an Vicipéad, trí "aistriú-a-thon/translatathon" a bheith againn ar an 9ú de Feabhra. Tá árd-mheas againn ar do dhreachtaí fhéin don Vicipéad, agus bheimis an-bhuíoch duit dá bhféadfá freastal ar an ócáid. Is mise le meas, Donnacha Ó Súilleabháin, Aontas na Mac Léinn,an Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath

Go raibh maith agat, a Dhonnacha... Conaím i gContae Maigh Eo agus ní raibh mé san Ardchathair ar an lá sin. Evertype 11:32, 17 Feabhra 2008 (UTC)Reply

Hey there! cuir in eagar

Fáilte ar ais, a chara :) - Alison 20:04, 14 Márta 2010 (UTC)Reply

Tolkien cuir in eagar

A chara,an bhfuil aon súil an Hobad a fhoilsiú go luath? Táim ag súil go mór leis! Eomurchadha 19:51, 4 Eanáir 2011 (UTC)Reply

Tá. Tá, cinnte, tar éis na blianta. Evertype 20:19, 4 Eanáir 2011 (UTC)Reply

How we will see unregistered users cuir in eagar

Hi!

You get this message because you are an admin on a Wikimedia wiki.

When someone edits a Wikimedia wiki without being logged in today, we show their IP address. As you may already know, we will not be able to do this in the future. This is a decision by the Wikimedia Foundation Legal department, because norms and regulations for privacy online have changed.

Instead of the IP we will show a masked identity. You as an admin will still be able to access the IP. There will also be a new user right for those who need to see the full IPs of unregistered users to fight vandalism, harassment and spam without being admins. Patrollers will also see part of the IP even without this user right. We are also working on better tools to help.

If you have not seen it before, you can read more on Meta. If you want to make sure you don’t miss technical changes on the Wikimedia wikis, you can subscribe to the weekly technical newsletter.

We have two suggested ways this identity could work. We would appreciate your feedback on which way you think would work best for you and your wiki, now and in the future. You can let us know on the talk page. You can write in your language. The suggestions were posted in October and we will decide after 17 January.

Thank you. /Johan (WMF)

18:15, 4 Eanáir 2022 (UTC)