Tá fáilte romhat chuig an Vicipéid, an chiclipéid shaor ar féidir le cách í a chur in eagar. Faoin tráth seo (Márta 2024), tá leaganacha den Vicipéid ar fáil i 326 teanga, agus 62,681,976 alt ar fáil iontu. Tá gach uile alt faoi chosaint an Cheadúnais GNU do Dhoiciméadú Saor. Mar sin, beifear in ann teacht orthu go deo gan bhac.

Cuireadh tús le Vicipéid na Gaeilge (an leagan Gaeilge den Vicipéid) ar an 7 Meitheamh 2003, agus faoi láthair (Márta 2024), tá 59,824 alt ar fáil ann. Is féidir le duine ar bith, tusa san áireamh, alt ar bith ar Vicipéid na Gaeilge a chur in eagar anois díreach. Moltar duit cuntas a chruthú sula ndéanann tú aon eagarthóireacht, áfach, ionas go mbeidh sé níos éasca comhoibriú leat agus dul i dteagmháil leat maidir le do chuid oibre.

Más mian leat athrú éigin a dhéanamh ar alt, níl le déanamh agat ach cliceáil nó tapáil ar an nasc Cuir in eagar (nó Cuir foinse in eagar) atá suite ag barr gach leathanaigh. Ina theannta sin, más mian leat dul ag scríobh faoi ábhar nach bhfuil ar an suíomh go fóill, is féidir leat alt nua a chruthú.

Ná bí buartha mura bhfuil Gaeilge líofa agat agus tú ag cruthú alt nua. Is féidir an teimpléad seo a chur ar bharr an ailt ionas go mbeidh cainteoir dúchais nó cainteoir líofa in ann súil a chaitheamh ar an litriú agus ar an ngramadach níos déanaí. Más rud é go bhfuil leagan Gaeilge ar fhocal nó ar théarma ag teastáil uait agus tú ag scríobh, moltar duit na foclóirí, na bunachair théarmaíochta, agus na hacmhainní eile atá ar fáil ar líne a cheadú: mar shampla, teanglann.ie, focloir.ie, tearma.ie, gaois.ie, agus potafocal.com.

Tá roinnt beartais agus treoirlínte i bhfeidhm anseo chun obair éifeachtach a chinntiú. Mar shampla, caithfear gach alt a scríobh le dearcadh neodrach, neamhchlaonta – fiú na hailt sin a bhaineann le hábhair chonspóideacha.

Má bhíonn ceisteanna nó fadhbanna teicniúla agat, bain úsáid as an halla baile chun iad a phlé leis na Vicipéideoirí eile. Bíonn roinnt comhráite ar siúl sa lárionad comhphobail freisin.

Bí dána maidir le do chuid athruithe! Tá gá ag Vicipéid na Gaeilge leatsa, agus tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as an scríobh agus an eagarthóireacht ar fad a dhéanfaidh tú ar an suíomh amach anseo.

Go n-éirí leat!

Féach freisin cuir in eagar