Vicipéid:Conas alt a chur in eagar

Is vici (WikiWiki) í an Vicipéid. Is é an bhrí atá leis sin go bhfuil cead ag gach duine leathanach a chumadh nó a fheabhsú, agus go gcuirtear ar taispeáint láithreach aon athrú a dhéantar. Cuireann an leathanach seo síos ar an scríobhchód mearshuímh. B'fhéidir gur mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoi na rudaí a leanas:


Cruthú agus Ceartú cuir in eagar

Tá sé an-éasca leathanach mearshuímh a chur in eagar. Lean an nasc "Cuir in eagar" ag barr an ailt. Osclaíonn leathanach agus leagan so-athraithe den téacs ann.

Clóscríobh d'alt, achoimrigh na hathruithe sa bhosca beag thíos, agus cliceáil ar "Sábháil"! Is féidir leat réamhamharc a fháil ar do chuid athruithe.

Bí neamhchlaonta agus tú ag scríobh, agus luaigh do chuid foinsí chun go bhféadfadh daoine eile d'alt a sheiceáil agus cur leis.

Is minic is fusa an téacs a chóipeáil ar phróiseálaí focal, athruithe a dhéanamh ann agus an litriú a sheiceáil, agus é a chóipeáil arís ar do bhrabhsálaí chun réamhamharc a fháil air.

Athrach Cló cuir in eagar

Is féidir athrach cló a dhéanamh le húsáid na n-uaschamóg ( ' ).

  • Déantar téacs a íodáiliú trí dhá uaschamóg a chur ar gach taobh.
  • Déanann trí uaschamóg an téacs a thromú.
  • Déanann cúig uaschamóg an téacs a thromú agus a iodáiliú.

(Ní dhéanann ceithre uaschamóg faic.)

Is cóir duit do chuid tuairimí a shíneáil ar na leathanaigh phléite trí roinnt tildí ( ~ ) a bhreacadh ag deireadh na teachtaireachta:

  • Tugann trí thilde d'ainm úsadóra.
  • Tugann ceithre thilde d'ainm úsadóra, an dáta agus an t-am.
  • Tugann cúig thilde an dáta agus an t-am.

Is féidir leis an mbogearra Vicí clár ábhair a chumadh uaidh féin as na mírchinn.

Fomhír cuir in eagar

Is féidir fomhír a chumadh trí shíní cothroime ( = ) a chur ar gach taobh d'abairt nó d'fhocal:

( == ): Litreacha móra.

( ==== ): Litreacha measartha mór.

Déantar eangú má chuirtear idirstad ( : ) roimh líne nó roimh pharagraf. Úsáidtear idirstad amháin le haghaidh eangú amháin, dhá idirstad le haghaidh dhá eangú agus mar sin de.

Má chruthaítear nasc le leathanach nach bhfuil ann (fós) beidh an nasc sin dearg: An Cat Glas. Is féidir an leathanach úd a chruthú trí chliceáil ar an nasc; nochtfaidh leathanach folamh agus is féidir leat alt a scríobh ann.

Más mian leat an córas a thástáil gan dochar a dhéanamh, is féidir leat é a dhéanamh ar an gClár Dubh

Féach ar an lámhleabhar do MediaWiki i mBéarla chun eolas reatha a fháil.

Ranna, Paragraif, Liostaí agus Línte cuir in eagar

Liostaí cuir in eagar

Má theastaíonn uait liosta a chruthú, cuir * roimh gach mír sa liosta.

Mar shampla, taispeánfar
*An Iodáil
*Éire
mar
  • An Iodáil
  • Éire.

Má theastaíonn uait liosta le huimhreacha a chruthú, cuir # roimh gach mír sa liosta.

Mar shampla, taispeánfar
#An Iodáil
#Éire
mar
  1. An Iodáil
  2. Éire.

Línte cuir in eagar

Má theastaíonn uait líne a chruthú, scríobh: ----.

Naisc, Seoltaí URL, Íomhánna cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Má theastaíonn uait nasc a chruthú, cuir [[ ]] timpeall an fhocail.

Mar shampla, taispeánfar [[Litríocht na hIodáilise]] mar Litríocht na hIodáilise.

Má tá tú ag iarraidh nasc a cheangal le teideal ailt trí fhocal atá difriúil leis, scríobh an teideal idir lúibíní cearnacha dúbailte ([[) agus líne ingearach ( | ); ansin scríobh an focal agus cuir lúibíní cearnacha ina dhiaidh.

Mar shampla, taispeánfar [[Litríocht na hIodáilise|madra]] mar madra.

Má tá nasc eile ón Vicipéid á chruthú agat, cuir [[:cód teanga:teideal an ailt]] ar an leathanach.

Mar shampla, taispeánfar [[:en:Irish]] mar en:Irish.

Seoltaí URL cuir in eagar

Má theastaíonn uait nasc Idirlín a chruthú, scríobh an seoladh iomlán leis an http:// ag an tús.

Mar shampla: Taispeáinfear http://www.wikipedia.org mar http://www.wikipedia.org

Má theastaíonn uait nasc Idirlín a chruthú ach níor mhaith leat an URL a léiriú, cuir [ ] thimpeall an tseolaidh.

Mar shampla: Taispeáinfear [http://www.wikipedia.org] mar [1]