Bail ó Dhia ar an obair, Feicim nach bhfuil ach riarthóir amháin ar an suíomh seo agus is léir, rud a admhaíonn sé féin, nach bhfuil mórán Gaeilge aige. Réiteach air sin cumhachtaí riarthóra a thabhairt do chúpla duine eile. (Tá triúr ar riaradh Vicipéid na Gàidhlig). Tá an-drochphoiblíocht tugtha don Vicipéid le cúpla seachtain anuas ar chlár plé 'Beo', ar 'Gaeilge-A' agus in áiteanna eile mar nach féidir leis na daoine a bhfuil Gaeilge shásúil acu an eagarthóireacht chuí a dhéanamh. Is trua áis chomh luachmhar seo a chur amú, ach éireoidh mise agus daoine eile as aon iarracht a dhéanamh caoi a chur ar an suíomh seo mura mbíonn athraithe móra ar an riarthóireacht go luath.

Hi, FYI, this wikipedia is not yet listed on the portal

Is é Vicipéid (ní Bhicipéid) ainm na ciclipéide seo. Bhí mé i dteagmháil le Foras na Gaeilge maidir le hainm an tsuímh, agus d'aontaigh siad liom. Sa Nua-Ghaeilge, aistrítear "V" nó "W" go "V", m.sh. "waffle" go vaiféal; "waltzes" go válsaí; "Warsaw" go Vársá; "watt" go vata. Dar leis 'An Choiste Téarmaíochta', níl aon fhadhb mhór le "Vicipéid" mar ainm. Agus, ar aon nós, ní féidir leat "bh" a chur ag tús an fhocail! -- Kwekubo

Tá eagrán nua den cheannleathanach breis agus déanta, agus tá an comhad PHP don oideas MediaWiki breis agus déanta freisin. Cuirfidh mé an t-eagrán nua den cheannleathanach anseo - tá go leor fadhbanna le réiteach ann. Is dócha go mbeidh an PHP-chomhad déanta i gceann coicíse nó mar sin. -- Kwekubo

Ok, I think I finally got the localisation updated right. --Brion VIBBER 04:24, 1 Már 2004 (UTC)

How old is Wikipedia in Irish? There aren't too many articles. In fact, I'm not sure if there are any other Irish Wikipedia users. I think I'll nominate myself to be an Irish Wikipedia sysop.... :-)
Cén aois Vicipéid i nGaeilge? Níl mórán leathanach ann. Is féidir nach bhfuil aon Vicipéideoir eile. Ceapaim go dtabharfaidh mé iarracht bheith i mo sysop ar an Vicipéid Ghaeilge :-)

Ludraman 13:18, 10 Már 2004 (UTC)

en: Well, the official first date for the first translation of the Irish Wikipedia front page was June 2003, but nothing actually happened until the site was converted to MediaWiki software and the Irish localisation file was uploaded on 25 January 2004. I, Gabriel Beecham, could be termed the iniciator of this site, possibly... And there's one other person at least: Akio, a Japanese with a bit of Irish. I'm no fluent speaker myself, but I keep working on it (I'm in second level too, L.C)... With regards to sysops (or riarthóirí, perhaps), I put a good few requests on the Intlwiki-L list, but without reply. I'm making another attempt in the English wiki. And perhaps you should be one too :) So... anything else?
ga: Bhuel, ba é Meitheamh 2003 an dáta oifigiúil don chéad aistriú ar cheannleathanach na Vicipéide, ach níor tharlaigh aon rud go dtí gur lódáileadh suas an t-oideasra MediaWiki agus an comhad Gaelach áitiúlacháin ar 25 Eanáir 2004. Is mise Gabriel Beecham an bunaitheoir ar an tsuíomh seo, is dócha... Agus tá aon duine eile ar a laghad: Akio, Seapánach agus giota beag Gaeilge aige. Níl blas den chéad scoith agamsa, ach oibrím air (tá mise i meánscoil freisin, 5ú bliain den Ardteist)... Maidir le sysops (nó riarthóirí, b'fhéidir), rinne mé roinnt mhaith ceisteanna ar an liosta Intlwiki-L, ach gan aon fhreagra. Tá mé ag déanamh ath-iarrachta ag an mhearshuíomh i mBéarla. Is b'fhéidir go ndéanfaidh tusa ceann de, freisin :) Mar sin... rud ar bith eile? -- Gabriel Beecham 00:25, 12 Már 2004 (UTC)

The abbreviation for "reatha" and "roimhe" should be "rth" and "rmh". Agus tá roinnt athruithe eile go mbeinn sásta a fheiceáil sa chomhéadan ginearálta. Conas a dhéantar a leithéid? Evertype 22:25, 31 Iúi 2004 (UTC)

Tá mé ag obair ar eagrán nua den chomhad lócála, agus tá mé leathdhéanta. Is féidir go bhfeiceann tú go bhfuil cupla focal i mBéarla timpeall an oideasra. Bhuel, má tchíonn tú meancóg nó rud ar bith neamhaistrithe sa tsuíomh seo, scríobh nóta chuig Vicipéid:Fabht-thuairiscí, agus réiteoidh mé é. Ba mhaith liom eagrán nua a chaith anáirde i gceann seachtaine, ach níl aon sprioc-am ann. -- Gabriel Beecham 16:26, 1 Lún 2004 (UTC)

Féach ar an tástáil seo do stíl nua don phríomhleathanach (níl sé ach leathaistrithe ón [[:fr:Accueil|Fhraincis] fós). --Gabriel Beecham 22:08, 7 Lún 2004 (UTC)

Is maith liom é! -- Lankiveil

Dána agus dearthóireacht radharcacha Níl a fhios agam go díreach céard atá i gceist anseo, ach sórt 'visual arts' éigin, is dóigh. Ach is gá do 'dhearthóireacht' agus 'radharcacha' a bheith san uimhir chéanna (iolra nó uatha) Meabhar 22:04, 11 Lún 2004 (UTC)


Would it not be possible to create Irish-language versions of CURRENTDAYNAME, CURRENTMONTHNAME? Mar theicn-aineolach, I wouldn't have the faintest notion of how to go about it myself - but it does look terrible having those words appear in English ar ár gceannleathanach gach lá. -- Picapica 11:14, 21 Aug 2004 (UTC)

Irish-language versions of those are fully provideable, according to what I've been told, but we should also leave the English versions in operation too as synonyms. Already you can use the ATHSHEOLADH command instead of REDIRECT; I'll post more on this later today. --Gabriel Beecham 16:43, 22 Aug 2004 (UTC)


Technical Terms cuir in eagar

Sorry for the Bearla, but I'm at work, where I cannot easily type the fadas with the keyboard.

I want to know if there is a standard so far for whether to use English or Irish terms for technical terms, placenames, and whatnot. For instance, we have a page on Páirtí_Poblachtach_Stát_Aontaithe_Mheiriceá, which is a direct Irish translation of an English party name, but also a link to Sozialdemokratische_Partei_Deutschlands - which is obviously the original German.

The other issue is technical terms and abbreviations. Do we talk about AIDS, or SEIF? In my trips through the Gaeltacht, I've found that in most cases where technical terms are used that don't have traditional translations, the English terms is used. Of course, I may very well get shouted down on that, but I think consistency is important on those things.

Thoughts? Slapdash 12:42, 22 Aug 2004 (UTC)

We certainly use SEIF. It's my view that we should use what official terminology is given, unless it is hopelessly incorrect. One example would be (and we will certainly argue about this) eoró, which is an Irish word subject to Irish grammar, vs the unassimilated English loanword euro. Evertype 16:40, 22 Aug 2004 (UTC)
In the case of the Republican Party, I believe that link was chosen because all the other Wikipedias that have articles on that subject have translated the name in the title. In the same way, for the most part, Sozialdemokratische Partei Deutschlands appears most often under SPD, but in English under Social Democratic Party of Germany. The problem here is that no guidelines have been suggested yet on how to translate non-Irish phrases into Irish, and what sort of phrases are suitable for translation.
With regard to consistency, there seems to be a lot of standardised terminology available on the Internet. I have just found a particularly useful store of terminological resources at acmhainn.ie, a site managed by Foras na Gaeilge, which seems to contain all of their specialist dictionaries (including an Fhoclóir Riomhaireachta nua!).
There has been considerable debate along these lines already in other language versions; see Meta-Wiki. -- Gabriel Beecham 18:33, 22 Aug 2004 (UTC)
Táim ar aon dul libh go bhfuil saibhreas foclaíochta in http://www.acmhainn.ie acmhainn.ie, mar aon leis na liostaí atá i Sàbhail Mór Ostaig (?http://www.smo.ac.uk). Maidir leis an "euró", cé nach bhfuil cleachtadh againn air, is deacair argóint a chur suas le h"eoró", nuair a bhí an Eoraip i gcónaí mar ainm ar an mór-roinn. Ach ar nós Idirlíon/gréasán na Gaeilge, agus an-chuid focal ar an gcuma céanna i mBéarla, níl locht ar dhá fhoirm nó níos mó a úsáid, agus feicimid cá bhfuilimid i gceann bliana!
Maidir le hainmeacha agus eagraíochtaí thar lear, agus fiú in Éirinn, ceapaim gur fearr de ghnáthaistriúchán ciallmhar, ná a ligean orainn go bhfuil Fraincis agus Gearmáinis againn go léir, cé gur teangeolaithe nó teangaghráthóirí sinn ar fad, nach mór, faoi láthair. Agus mar a dúras i ndrámaíocht, níl freagra ann go minic. An ceart leagan Gaeilge a bheith ar Euripides? Agus más ceart, nach ceart leagan Gaelach de "William Shakespeare" a bheith againn freisin? Sa Sean-Ghaeilge, 'sé a dheinidís, sílim, ná go leor a chur go Gaeilge, sa chló Gaelach, agus focla mar 'Shakespeare', 'Milton', 'Charles Darwin' a bheith sa ghnáthchló Rómhánach, i bhfoirm an Bhéarla, nó pé teanga eile a bhí i gceist. Ach is deacair a rá cé hiad na hainmneacha ar chóir a ghaelú. Abair 'Seamus Heaney', bhí deacrachtaí agam a rá ar chóir 'e' nó 'é' a bheith ina chéad ainm, agus ar chóir 'Eamon de Valera' a fhágáil mar sin? Sa dá chás seo, mholfainn ainm SH a chur mar atá thuas díreach, le 'Séamus Ó hÉanaí' mar mhalairt ina dhiaidh. Agus chuirfinn EdV mar atá thuas díreach leis, gan bacadh le haistriú. Ach is ait an gnó é seo, agus is úsáid agus leanacht le heagarthóireacht chiallmhar a chaithfear a dhéanamh. Agus b'fhéidir go gcuirfí tús leis an Vicifhoclóir lá éigin, ach sílim i gcás na Gaeilge gur fhoclóir dátheangach a bheadh againn. Ach nuair atá gá leis, nach cuma sin.
Agus ar ndóigh, cuir scéala chuig mo leathanach plé nó ag meabhar@yahoo.com má tá mo bharúil uaibh le haon leagan nó cor cainte! Meabhar 15:25, 4 Oct 2004 (UTC)

Teideal ins na leathanaigh cumtha cuir in eagar

Tá rud ineacht a chuireas isteach orm go mór, in áit "Edit ábhar ineacht", tá sé scríofa i nGaeilg "ag athraigh ábhar ineacht". Ach níl a leithéid ann: is é "athraigh" modh ordaitheacht an bhriathair "athraigh", agus is é ´n t-ainm briathartha ar chóir feidhm a bhaint as ansin "athrú". "(You are) editing ábhar ineacht" -> "(tá tú) ag athrú ábhar ineacht". Agus sílim féin gurbh fhearr "Athrú ábhar ineacht" a chur ina áit sin, rud a chiallaíos "editing ábhar ineacht", the action of editing. Athraígí sin le mur dtoil ! Go raibh maith agaibh

Séamas 16:44, 23 Oct 2004 (UTC)

Meancógaí cuir in eagar

Nach iomaí meancóg gramadaí anseo! Ceart go leor, ceartóchaidh mé achan mheancóg dá bhfeicfidh mé... Ba chóir daoibh aire a thabhairt agus sibh a' scríobh! Mór an truaigh nach Gaeilgeoirí dúchais a scríobhas anseo, ins na Vicipéidí eile is dóigh liom gur cainteoirí dúchais a scríobhas na hailt. Musclaígí, a mhuitir na Gaeltachta!

Dheá mheancóg ar minic a tchím anseo iad: an tuiseal ainmneach a chur in áit an tuisil ghinidigh. Agus túschonsain gan séimhiú nuair ar chóir séimhiú a bheith ann.

Rud uafásach eile: níl *bheadh mé ann i nGaeilg agus cha raibh ariamh ! I would be = bheinn !

Oideasra > focal firinscneach

A Ghabriel, is mór a mheascas tú na canúintí le chéile! Ceart go leor, tá mé ´ndiaidh ´n leathanach seo a cheartú.

Sliocht eile ina bhfuil meancógaí:

Lean tú nasc go leathanach a nach bhfuil ann fós. Chun an leathanach a chruthaigh, tosaigh ag clóscríobh san bosca anseo thíos (féach ar an leathanach cabhrach chun níos mó eolas a fháil). Má tháinig tú anseo as dearmad, brúigh an cnaipe ar ais ar do líonléitheoir.

Scríobhfainn: Lean tú nasc go leathanach nach bhfuil ann fós. Chun an leathanach a chruthú, tosaigh a chlóscríobh sa bhosca anseo thíos (féach ar an leathanach cabhrach chun níos mó eolas a fháil). Má tháinig tú anseo as dearmad, brúigh an cnaipe ar ais ar do líonléitheoir.

Séamas 17:11, 23 Oct 2004 (UTC)


Fáilte a Shéamais, tá fáilte romhat chuig an Vicipéid! Tá tú i gceart, tá roinnt botúin anseo, ach is féidir leatsa féin iad a réitigh. Ní míse an t-aon scríbhneoir anseo, dálá an scéal. Agus tá eagrán nua den comhéadán ag teacht sa seachtain seo. --Gabriel Beecham 20:02, 23 Oct 2004 (UTC)
Return to "Ceannleathanach" page.