An difríocht idir athruithe ar: "Väinö Linna"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
|||
Líne 1:
'''Väinö Valtteri Linna''', a rugadh in [[Urjala]] ar an [[20 Nollaig]], [[1920]] agus a shíothlaigh i d[[Tampere]] ar an [[21 Aibreán]], [[1992]], b'eisean scríbhneoir náisiúnta na [[Fionlainne]] thar aon scríbhneoir eile san
[[Image:20 markkaa (Finland 1993).JPG|thumb|250px|Väinö Linna ar nóta Fionlannach, agus radharc ó [[Tampere]] ar an taobh eile.]]
==Cruachás a Óige==
Tionóntaí talún agus scológa ab ea iad muintir Linna, agus iad ag cur fúthu in Urjala leis na cianta cairbreacha anuas. Bhí athair an scríbhneora, Vihtori, ina thionónta ar thailte an tiarna talún a bhí i seilbh an mhaintí úd Honkala i bparóiste Urjala, agus é ag obair sa seamlas áitiúil san am céanna le tuilleadh airgid a shaothrú. Cailleadh le fiabhras é nuair a bhí an scríbhneoir ina bhuachaill seacht mbliana d'aois, agus níor mhór don mháthair dul ag obair. Roimhe sin féin, bhí triúr
==Fear Oibre==
Bhí an mháthair go dian ag cur brathladh ar a clann, ach, ina dhiaidh sin féin, mhúin sí do Väinö óg léamh agus scríobh sula ndeachaigh sé ar scoil. Chuidigh an teagasc sin leis an mbuachaill ar scoil, ach nuair a chríochnaigh sé an bhunscoil, ní fhéadfadh a mhuintir tuilleadh scolaíochta a mhaoiniú dó. Ní raibh sé sásta leis an gcineál obair thalmhaíochta a bhí ar tairiscint in Urjala, agus mhothaigh sé mífhoighne ag teacht air i dtimpeallacht chaol na tuaithe. Shantaigh sé saol na cathrach, agus i ndiaidh
==Ina Shaighdiúir dó==
Líne 15:
==Uafás an Chogaidh==
An iarracht seo, áfach, bhain tubaiste don chomplacht: stróic pléascán [[an Rúis|Rúiseach]] an chuid ba mhó acu as a chéile, agus b'é Linna féin an t-aon duine amháin a tháinig slán as an teagmháil. Bhí fir a chomplachta ag dul thart le crann teileafóin a bhí prapáilte le clocha móra, nuair a bhuail
==Le Bheith ina Scríbhneoir==
Líne 35:
Nuair a fuair Linna biseach i ndiaidh na géarchéime, bhí seisean agus an foilsitheoir sásta an t-úrscéal Meisiasach a fhágáil sa tarraiceán. Anois, áfach, chrom Linna ar a sheanphlean a thabhairt i gcrích faoi dheoidh - úrscéal eipiciúil a scríobh faoi shaighdiúirí Fionlannacha an Dara Cogadh Domhanda, mar ab aithin dó féin iad. Mar is léir ón teideal simplí a bhaist sé ar an úrscéal - ''Sotaromaani'' (nach gciallaíonn ach "Úrscéal Cogaidh") - bhí sé meáite ar chur síos a thabhairt ar imeachtaí an chogaidh nach scinnfeadh ón bhfírinne mar a thuig sé féin í. B'é ba impleacht dó seo go raibh an lámhscríbhinn ramhar le mionna móra, jioranna, crístíní agus mígheanmnaíocht den chineál a chluinfeá ó shaighdiúir ar bith i gcogadh ar bith. Thairis sin, ba mhinic a fuair Linna locht tromchúiseach ar an dóigh a mbítí ag stiúradh an chogaidh agus an airm.
Mar sin, siúd is go raibh an foilsitheoir as pabhar doirte don scéal agus do na pearsana a raibh beocht, bríomhaireacht agus inchreidteacht chraicneach ag roinnt leo go flúirseach, fuair sé riachtanach cuid de na mionnaí móra agus den chriticeoireacht chogaidh a bhaint den lámhscríbhinn sula bhfoilseofaí í. Ní mó ná sásta a bhí Linna leis an sórt seo cinsireachta, ach ní raibh an dara suí sa bhuaile aige. Mar sin féin, nuair a tháinig an t-úrscéal i gcló faoin teideal nua a cheap an foilsitheoir dó - ''[[Tuntematon sotilas]]'' ("An Saighdiúir Anaithnid"), chuaigh an tír ar fad le mire faoi. Bhain an leabhar amach margadh Nollag na bliana [[1954]], rud a chiallaigh gurb iomaí iarshaighdiúir a fuair mar bhronntanas Nollag í. Go tobann, bhí Linna i mbéal an tsaoil mhóir is a
Cuid mhór acu siúd a d'ionsaigh agus a lochtaigh an t-úrscéal, bhí siad barúlach go raibh saighdiúir curata na Fionlainne náirithe ag Linna, nó "is follasach nach mbeadh a leithéid de dhroch-chaint ar siúl ag aon saighdiúir Fionlannach". Cuireadh Cumannachas agus [[Boilséiveachas]] i leith Linna, mar sin. Na scríbhneoirí nua-aimseartha a tháinig ar an bhfód i dtús na gcaogaidí, bhí siad míshásta le saothar Linna toisc é a bheith chomh coinbhinsiúnta, chomh traidisiúnta, chomh réadúil. Theastaigh scéalta de chineál eile uathu, scéalta a bheadh chomh míréasúnta leis an gcogadh féin - an cineál scéalta a scríobh [[Günter Grass]] sa Ghearmáin, is dócha.
Iad siúd ar thaitin an t-úrscéal leo, bhí siad líonmhar chomh maith, agus an chuid ba mhó acu tar éis a gcuid féin den chogadh a fheiceáil le súile a gceann féin. B'é a ngéarbharúil é gurbh é seo an chéad úrscéal a thaispeáin saighdiúir na Fionlainne ina
Thar aon rud eile, bhí an leabhar foirgthe le tíopaí dodhearmadta de dhaoine a bhféadfadh aon saighdiúir a chomhionannú a dhéanamh le duine acu. An chuid is mó acu, áfach, níl siad róchurata mar shaighdiúirí. Ní suim le ''Rahikainen'', mar shampla, ach mná, camghnóthaí agus ól, agus nuair a chuirtear na fir ar
An bheirt fhear atá fíorchróga, níl siad ró-oiriúnach mar laochra dearfacha ach an oiread. Fear fiáin docheansaithe is ea é ''Rokka'', agus é in ann an complacht a tharrtháil uair i ndiaidh uaire leis an dóigh speisialta atá aige ar an meaisínghunna, chomh maith leis an nguaim a choinníonn sé ar a eagla féin nuair a bhíonn an chuid eile den chomplacht ag imeacht leis an ngaoth le falsaer is le táinrith. Ó tá sé chomh docheansaithe is atá, áfach, ní thugann sé mórán aird ar orduithe na n-oifigeach ach an oiread, ó chreideann sé go bhfuil fios a ghnó aige féin níos fearr ná ag na boic mhóra. Maidir le ''Lehto'', arís, níl caill air sin mar shaighdiúir, ach is léir gur [[Síceapaite|síceapatach]] míthrócaireach é nach bhfuil ach dímheas agus fuath aige ar aon duine is laige ná é féin. Caitheann sé anuas ar shaighdiúir óg atá scanraithe, agus nuair a fhágtar cime cogaidh Rúiseach faoina chúram, maraíonn sé an cime le tallann Shádach a shásamh. Loighciúil go leor, nuair a fhaigheann Lehto é féin gonta go héag sa deireadh, cuireann sé lámh ina bhás féin gan mhoill.
Líne 51:
Nuair a bhí díospóireacht an tSaighdiúra Anaithnid traidhfilín ciúnaithe síos, bhí d'uain ag Linna cromadh ar an gcuid eile de scéal mhuintir Koskela a insint. B'ansin - i ndeireadh na gcaogaidí agus i dtús na seascaidí - a scríobh sé an tríológ mhór mhillteanach úd ''Täällä Pohjantähden alla'' ("Anseo faoin Réalta Pholach").
Tosaíonn an
Fiú i ndiaidh a chuid tailte féin a mhíntíriú, níl i Jussi ach tionónta, agus an ministir Salpakari mar thiarna talún aige. Bean bhaoth fhanaiceach is ea í bean chéile an mhinisteara, agus í ag síleadh an dúrud di féin. Náisiúnaí cruthanta í, ach siúd is go bhfuil an Fhionlainnis i mbarr a teanga aici, ní thuigeann sí don chosmhuintir leath chomh maith is a chreideann sí. Déanann sí, fosta, spior spear de chúrsaí eacnamaíochta an tí, i gcruth is go gcaithfidh an ministir cuid de thailte an bhotháin a choigistiú ó Jussi. Faoin am seo, áfach, tá clann ag Jussi, triúr mac nach bhfuil in aon chóngar do bheith chomh humhal le Jussi féin do na daoine uaisle. Is é a dtuairim siúd go gcaithfear sásamh na dtailte a bhaint as an ministir, an lá is faide anonn.
Líne 57:
Tá imeachtaí an tsaoil mhóir ag cúngú isteach ar mhuintir Pentinkulma féin - sin é ainm an tsráidbhaile ina bhfuil cónaí ar mhuintir Koskela. Tugann Linna cur síos ar an dóigh a dtéann [[Forógra na Feabhra (An Fhionlainn)|forógra na Feabhra]] [[1899]], [[Réabhlóid na Rúise 1905|stailc mhór na bliana 1905]] agus [[Cogadh Cathartha na Fionlainne|cogadh cathartha na Fionlainne]] i bhfeidhm ar bhunadh na háite.
Tháinig an chéad chuid den
Sa bhliain 1984, buaileadh Väinö Linna le stróc a d'fhág gan chaint é. B'í ailse na scamhóg a chaill é, ocht mbliana ina dhiaidh sin.
Líne 67:
* ''Erään miehen loppu'' ("Bás an fhir áirithe seo"), gan fhoilsiú. Nuair a fuair Linna nach raibh sé in ann an leabhar faoi Mheisias a chríochnú, bhí sé sásta an chuid chríochnaithe den lámhscríbhinn a chur faoi bhráid an fhoilsitheora le go bhféadfaí í a iompú ina leabhar faoin teideal seo. Níor tháinig an leabhar i gcló riamh, áfach.
* ''Tuntematon sotilas'' (1954). Foilsíodh aistriúchán Béarla faoin teideal ''The Unknown Soldier'', ach tá an t-aistriúchán seo ina ábhar conspóide, ós rud é nach bhfuil sé sách dílis don bhuntéacs.
* ''Täällä Pohjantähden alla 1-3'' (1959,1960,1962). D'aistrigh Richard Impola an
* ''Oheisia'' ("Nótaí Breise"), 1967 (cnuasach aistí)
* ''Murroksia'' ("Bristeacha"), 1990 (cnuasach aistí)
|