An difríocht idir athruithe ar: "Críochdheighilt na hÉireann"

Content deleted Content added
Naisc++
mNo edit summary
Líne 1:
Chuaigh an '''Chriochdheighilt''' ar [[Éireann|Éirinn]] ar an [[3 Bealtaine]] [[1921]], nuair a cuireadh [[an tAcht um Rialtas na hÉireann]] ón mbliain 1920 i bhfeidhm. Ar an 6 Nollaig 1922, gaireadh [[Saorstát Éireann|Saorstát]] den oileán go léir, ach ar an lá arna mhárach, tharraing na Sé Contaetha in oirthear Uladh as an Saorstát, de réir na rogha a bhí fágtha acu. Chruthaigh an Chríochdheighilt dhá stát in oileán na hÉireann, mar atá, [[Tuaisceart Éireann]] agus Deisceart Éireann, ar a dtugtar [[Poblacht na hÉireann|Éire]] inniu.
 
Is gnách le [[Aontachtóirí|pobal Aontachtach]] an Tuaiscirt "Ulaidh" nó ''Ulster'' a thabhairt ar an stáitín. Tá cúige traidisiúnta Uladh níos mó ná an stáitín sin, nó tá naoi gcontae ann: Dún na nGall, Muineachán, an Cabhán, Fear Manach, Tír Eoghain, Doire, Ard Mhacha, an Dún, agus Aontroim. Inniu, is cuid den Phoblacht iad an chéad trí cinn acu, agus an chuid eile acu suite i stáitín an Tuaiscirt.