An difríocht idir athruithe ar: "Port Láirge"

Content deleted Content added
m robot Adding: lmo:Waterford
Líne 18:
Sa bhliain 2006, bhí cónaí ar 49,240 duine sa chathair. Bhí 45,775 duine acu ina gcónaí laistigh de chríocha na cathrach féin, agus 3,465 lonnaithe sna bruachbhailte atá suite ar thaobh [[Contae Chill Chainnigh|Chontae Chill Chainnigh]].
 
[[ImageÍomhá:Waterford by night.jpg|thumb|250px|Port Láirge agus [[An tSiúir|Abhainn na Siúire]] san oíche]]
Ritheann an tSiúir tríd an gcathair, agus b'í an abhainn seo a chuir bun le stair fhada na cathrach i gcúrsaí na farraige. Tá cuan Phort Láirge ar cuanta tábhachtacha na tíre le corradh is míle bliain, agus bhí an longcheártaíocht an-tábhachtach mar shlí bheatha sa chathair sa [[19ú haois]]. B'iad muintir Malcomson, ar leosan an longcheárta úd ''Neptune Shipyards'', a chuir agus a choinnigh ag obair ceann de na cabhlaigh ba mhó ar fud an domhain ó lár na [[1850í|1850idí]] go deireadh na 1860idí, ina measc cúig línéar paisinéireachta tras-Atlantacha. Inniu, samhlaíonn muintir an tsaoil mhóir Port Láirge le criostal Phort Láirge (''Waterford Crystal'') thar aon rud eile, nó téann traidisiún gloineadóireachta na cathrach siar go dtí an bhliain [[1783]].
 
==Stair==
 
[[File:Quays Waterford2.jpg|thumb|250px|Na Céanna, t.1890]]
[[Lochlannaigh|Na Lochlannaigh]] a thagadh ag tabhairt ruathair agus rúchlaidh faoi Éirinn, chuir siad tús leis an chéad áitreabh seasta anseo sa bhliain 853. Sa bhliain 902, áfach, b'éigean do na Lochlannaigh bailiú leo as Port Láirge agus as na bunáiteanna eile a bhí acu in Éirinn, nuair a chuir muintir dhúchasach na tíre ruaigeadh orthu. Tháinig siad ar ais sa bhliain 914, agus ansin, dhaingnigh siad an t-áitreabh, ionas gur tháinig an chéad chathair cheart in Éirinn ar an bhfód.