An difríocht idir athruithe ar: "John Wyndham"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Scríbhneoir Sasanach ab ea é '''John Wyndham Parkes Lucas Beynon Harris''' (10 Iúil 1903 - 11 Márta 1969). Is é an t-ainm cleite is minicí a chleachtaíodh sé ná '''John Wynd…
 
Líne 9:
==A Shaothar==
 
Bhí sé ag scríobh scéalta agus á bhfoilsiú ar irisí Meiriceánacha roimh an gcogadh féin, ach is i ndiaidh an chogaidh a tháinig an chuid is clúití dá shaothar ar pár, go háirithe na húrscéalta ''The Day of the Triffids'' (1951), ''The Kraken Wakes'' (1953), ''The Chrysalids'' (1955), ''The Midwich Cuckoos'' (1957), ''Trouble with Lichen'' (1960), ''Chocky'' (1968) agus ''Web'' (foilseachán iarbháis, 1979). Bíonn imeachtaí a chuid leabhar suite i saol na Ríochta Aontaithe sna caogaidí, agus iad ag taispeáint saol ciúin ídileach á stróiceadh as a chéile ag olltubaiste a bhaineann don domhan go léir.
 
===''The Day of the Triffids''===
 
Sa leabhar ''The Day of the Triffids'', tá an cine daonna ag brath ar na "trifidí", sórt plandaí géin-ionramháilte a bhfuil nimh iontu agus iad in ann pairilis a chur ar an duine agus é a dhíleá is a ithe. Tálann na trifidí ola úsáideach, agus slí bheatha thábhachtach is ea í feirmeoireacht na dtrifidí ar fud an domhain. Go tobann, buaileann cith dreigí an Domhan, agus fágann solas aisteach na ndreigí an cine daonna ar fad gan radharc súl, amach ón dornán nach bhfaca na dreigí. Nuair nach bhfuil aon duine ag tabhairt aire do na trifidí a thuilleadh, tá deis acu éalú leo as na feirmeacha agus na daoine a ionsaí.
 
Scannánaíodh an t-úrscéal seo an chéad uair sa bhliain 1962. Bhí léiriú teilifíse de le feiceáil ar an mBBC sa bhliain 1981, agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil sraithscéal nua teilifíse ar na bacáin.
 
Sa bhliain 2001, d'fhoilsigh an scríbhneoir Simon Clark an t-úrscéal leantach ''The Night of the Triffids'', ag tabhairt cur síos ar fhorbairt an tsaoil i ndiaidh imeachtaí an bhunleabhair de réir a shamhlaíochta féin.