Scríbhneoir Sasanach ab ea John Wyndham Parkes Lucas Beynon Harris (10 Iúil 1903 - 11 Márta 1969). Is é an t-ainm cleite is minicí a chleachtaíodh sé ná John Wyndham, cé go n-úsáideadh sé leaganacha gearrtha eile dá fhíor-ainm freisin, ar nós John BeynonLucas Parkes. Sa chuid ba mhó dár tháinig óna pheann, bhíodh sé ag plé olltubaistí domhanda agus an dóigh a dtiocfadh an cine daonna chuige féin arís i ndiaidh na tubaiste.

John Wyndham Parkes Lucas Beynon Harris
John B Harris WS 3105.jpg
Dáta breithe 10 Iúil 1903
  Warwickshire, Sasana
Dáta báis 11 Márta 1969
  Petersfield, Hampshire, Sasana
Ainm cleite John Wyndham, John Beynon, Lucas Parkes, srl
Náisiúntacht Sasanach
Seánra Ficsean eolaíochta
"The Lost Machine", 1932

SaolCuir in Eagar

Mac dlíodóra ó Warwickshire a bhí ann, agus i ndiaidh dó freastal ar scoileanna éagsúla, go háirithe Scoil Bedales i Hampshire, thug sé aghaidh ar an saol agus bhain sé triail as gairmeacha difriúla beatha. Chaith sé tamall ag feirmeoireacht, tamall ag staidéar dlí, agus tamall ag obair do ghnólacht fógraíochta, ach ní raibh mórán ratha ar na hiarrachtaí seo, tríd is tríd.

Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ag cinsireacht ar dtús, ach ansin, chuaigh sé sna saighdiúirí. I ndiaidh an chogaidh, chrom sé ar an scríbhneoireacht arís, agus é ag iarraidh stíl nua a thabhairt isteach san fhicsean eolaíochta, stíl chiúin intleachtúil a bhí bun os cionn ar fad leis an gceoldráma spáis agus leis na cathanna móra spáis nár thaitin le Wyndham.

 
The Kraken

Ba é The Day of the Triffids an chéad úrscéal a scríobh sé sa stíl seo, agus thabhaigh sé an-chlú dó.

Sa bhliain 1963, phós sé bean darbh ainm Grace Wilson a raibh aithne aige uirthi le fiche éigin bliain anuas. Le fírinne bhí saol pósta á chleachtadh acu le fada, ach níor phós siad roimhe sin, ar eagla go gcaillfeadh Grace a post mar mhúinteoir, toisc nach raibh sé ceadaithe do mhná pósta fanacht ag obair ina múinteoirí san am ar casadh ar a chéile iad. Chuaigh siad ina gcónaí i bPetersfield i gContae Hampshire, in aice le Scoil Bedales, an ceann ab fhearr le Wyndham de na scoileanna ar fad ar fhreastail sé orthu ina bhrín óg dó. I bPetersfield a shíothlaigh sé sa bhliain 1969.

San am sin, bhí a chuid luathshaothar ó na hirisí Meiriceánacha á gcur in athchló, agus foilsíodh cuid áirithe dá chuid scríbhinní an chéad uair i ndiaidh a bháis.

SaotharCuir in Eagar

Bhí sé ag scríobh scéalta agus á bhfoilsiú ar irisí Meiriceánacha roimh an gcogadh féin, ach is i ndiaidh an chogaidh a tháinig an chuid is clúití dá shaothar ar pár, go háirithe na húrscéalta The Day of the Triffids (1951), The Kraken Wakes (1953), The Chrysalids (1955), The Midwich Cuckoos (1957), Trouble with Lichen (1960), Chocky (1968) agus Web (foilseachán iarbháis, 1979).

Bíonn imeachtaí a chuid leabhar suite i saol na Ríochta Aontaithe sna caogaidí, agus iad ag taispeáint saol ciúin idileach á stróiceadh as a chéile ag olltubaiste a bhaineann don domhan go léir. Is minic a bhíonn áiteanna so-aitheanta sna scéalta, agus craiceann maith fírinne ar na himeachtaí is éadóchúla amuigh toisc go bhfuil an timpeallacht chomh hinchreidte. Seo cleas inste a chuireann i gcuimhne, abair, Cogadh na Reann le H.G.Wells.

The Day of the TriffidsCuir in Eagar

Sa leabhar The Day of the Triffids, tá an cine daonna ag brath ar na "trifidí", sórt plandaí géin-ionramháilte a bhfuil nimh iontu agus iad in ann pairilis a chur ar an duine agus é a dhíleá is a ithe. Tálann na trifidí ola úsáideach, agus slí bheatha thábhachtach is ea feirmeoireacht na dtrifidí ar fud an domhain. Go tobann, buaileann cith dreigí an Domhan, agus fágann solas aisteach na ndreigí an cine daonna ar fad gan radharc súl, amach ón dornán nach bhfaca na dreigí. Nuair nach bhfuil aon duine ag tabhairt aire do na trifidí a thuilleadh, tá deis acu éalú leo as na feirmeacha agus na daoine a ionsaí.

Feirmeoir trifidí é Bill Mason, laoch an úrscéil, agus é ina luí san ospidéal i dtús an scéil agus é tar éis radharc a shúl a chailleadh go sealadach tar éis ionsaí a rinne trifid amháin air roimhe sin. Mar sin ní fhaca sé a dhath de na dreigí, agus dá réir sin níor chaill sé a radharc go buan, mar a tharla dóibh siúd a bhreathnaigh ar na dreigí. Fágtar an saol ar fad ina chíor thuathail agus na trifidí ag déanamh ionsaithe ar na daoine dalla, ach san am chéanna tá grúpaí éagsúla ag iarraidh inneall éigin a chur ar an tsochaí arís. I ndeireadh an scéil caithfidh Bill agus an teaghlach atá curtha ar bun aige i ndiaidh na tubaiste éalú go hInis Iocht le teacht slán ón dream míleatach atá ag sealbhú na mórthíre.

Scannánaíodh an t-úrscéal seo an chéad uair sa bhliain 1962. Bhí léiriú teilifíse de le feiceáil ar an mBBC sa bhliain 1981 don chéad uair.

Sa bhliain 2001, d'fhoilsigh an scríbhneoir Simon Clark an t-úrscéal leantach The Night of the Triffids, ag tabhairt cur síos ar fhorbairt an tsaoil i ndiaidh imeachtaí an bhunleabhair de réir a shamhlaíochta féin.

The Kraken WakesCuir in Eagar

Is é an kraken a luaitear i dteideal an leabhair ná arrachtach farraige an bhéaloidis Lochlannaigh - kraken sa leagan bokmål den Ioruais, krakjen sa leagan nynorsk - ach is meafar é an t-arrachtach seo don bhagairt atá ann. I dtús báire tá caora tine, ar spásbháid naimhdeacha iad, ag titim anuas ón spéir, ach má tá, níl siad ag ionsaí an chine dhaonna go díreach - tá siad ag dul i dtóin phoill. Is é an tátal a bhaineann na heolaithe as seo gur tháinig na neacha eachtardhomhanda seo ó phláinéad éigin a bhfuil an t-aerbhrú i bhfad níos mó air ná ar an Domhan, agus nach dtig leo maireachtáil ach amháin ar ghrinneall na mara. Is é is toradh don ionsaí seo ná cogadh dearg idir an cine daonna agus na neacha eachtardhomhanda, agus an dara dream acu ag iarraidh an leac oighir timpeall ar dhá phol an Domhain a leá le súil is go rachaidh an t-uisce thar an gcine daonna ar fad.

The ChrysalidsCuir in Eagar

Tá imeachtaí an úrscéil seo suite sa ré i ndiaidh olltubaiste dhomhanda éigin titim amach, is féidir gur cogadh núicléach a bhí i gceist. Na daoine atá fágtha ina mbeatha, creideann siad gurbh é Dia a ghearr pionós millteanach don chine dhaonna as a gcuid peacaí, nó tá saoldearcadh na n-iarmharán seo bunaithe ar chreideamh bhunúsach Chríostaí. Creideann siad go bhfuil sé géar-riachtanach cloí go dlúth leis an "normáltacht" agus daoine eisceachtúla a chur chun báis nó a dhíbirt. Na "criosáilídigh" nó chrysalids a luaitear i dteideal an leabhair is daoine eisceachtúla den chineál sin iad, nó tá siad in ann intinn na ndaoine eile a léamh. Caithfidh siad an bua seo a choinneáil ceilte ón bpobal, ar eagla an phionóis.

The Midwich CuckoosCuir in Eagar

Is é is ábhar don leabhar seo ná an rud ar a dtugtar xéinigineas - is é sin iompar na clainne iasachta. Is é an sráidbhaile ídileach úd Midwich i Sasana is stáitse do na himeachtaí. Lá amháin tá Midwich timpeallaithe ag balla dofheicthe nach gceadaíonn d'aon duine cuairt a thabhairt ar an áit, agus tá muintir an tsráidbhaile ina gcodladh ar fad. An lá arna mhárach tá an balla imithe agus na daoine ina ndúiseacht arís, ach anois tá gach bean i Midwih ag iompar clainne. Páistí eachtardhomhanda atá i gceist, agus cnuasintinn acu: an rud a fhoghlaimeoidh duine amháin acu, beidh sé foghlamtha ag an gcuid eile acu ar an toirt. Tá na páistí i bhfad níos láidire ná na daoine daoinna ó thaobh na hintinne de ar bhealaí eile fós, agus níl suim ná suaiméid acu in aon chineál cómhaireachtáil shíochánta: tá siad meáite ar an gcine daonna a chur de dhroim an domhain nuair a thiocfaidh siad i gcrann.

Scannánaíodh The Midwich Cuckoos cúpla uair faoin teideal The Village of the Damned.

The Trouble with LichenCuir in Eagar

An duilleascar a luaitear i dteideal an leabhair is é an druagántacht atá ann ná go bhfuil sé in ann cúpla oiread eile a chur le fad saoil an duine. An ceimiceoir óg mná atá in ann an tsubstaint is cúis leis an druagántacht seo a aonrú tá sí ag iarraidh na mná a dhéanamh níos cumhachtaí na na fir tríd an leigheas a thál orthu faoi choim, agus parlús áilleachta á reáchtáil aici leis an gcógas a dháileadh

ChockyCuir in Eagar

Chocky an t-ainm atá ar chara shamhlaitheach Mhaitiú, buachaill dhá bhliain déag d'aois. I dtús an scéil tá athair Mhaitiú buartha faoina mhac toisc go bhfuil sé inbharúla nár chóir do stócach chomh sean le Maitiú cara samhlaitheach a bheith aige. De réir a chéile, áfach, tagann sé chun solais nárbh é Maitiú féin a cheap Chocky: is neach eachtardhomhanda é Chocky a bhfuil intinn an bhuachalla insíothlaithe aige, agus é ag baint leasa as an malrach le heolas a bhailiú faoi nósanna na ndaoine chun téisclim a dhéanamh le haghaidh ionsaí ar an Domhan. De réir a chéile, áfach, tá croí Chocky ag téamh le Maitiú, rud nach bhfuil ceadaithe dó.

WebCuir in Eagar

Foilseachán iarbháis é an t-úrscéal seo, rud atá le haithint air, nó dealraíonn sé nach bhfuil an scéal ach sceitseáilte, agus dá mairfeadh Wyndham beo, is dócha go gcuirfeadh sé tuilleadh "feola" ar chnámha an scéil seo, Mar sin féin, leabhar sách críochnaithe é Web agus is féidir sult léitheoireachta a bhaint as. Mar is léir ó theideal an leabhair, is iad na damháin alla atá ag bagairt ar an gcine daonna sa leabhar áirithe seo.

Arnold Delgrange atá ar fhear inste an scéil. Fuair a bhean is a chlann bás i dtimpiste, agus tá sé ag iarraidh goimh na tubaiste seo a leigheas. Cosúil le dream mór daoine sa chruachás chéanna tugann sé a aghaidh ar Tanakuatua, oileán i nDeisceart an Aigéin Chiúin, áit a bhfuiltear ag iarraidh coilíneacht útóipeach a thógáil. Tagann sé chun solais, áfach, go bhfuil an t-oileán sealbhaithe ag damháin alla atá in ann comhoibriú le chéile agus iad ag déanamh sealgaireachta. Ar ndóigh tá bagairt mhillteanach sna damháin alla seo do na coilínitheoirí. Tugann an t-údar le fios gur toradh iad na damháin alla do na tástálacha núicléacha a rinneadh ar an oileán roimhe sin, agus i ndeireadh an scéil faightear amach nach bhfuil na damháin alla sásta fanacht sa bhaile ar an oileán agus gur féidir go bhfuil contúirt iontu don chine dhaonna go léir.

TagairtíCuir in Eagar