An difríocht idir athruithe ar: "CLG An tOspidéal/Cathair Fuiseog"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 36:
Thit an iomáint agus an pheil i léig ina dhaiadh sin go dti gur tháinig An tOspidéal agus Cathair Fuinse le chéile faoin ainm ''Na Fianna'' sa bhliain 1972. D’éirigh leo i gCraobh Iomána Sóisear an Deiscirt an bhliain dár gcionn ach d’éiríodar as an iomáint ar fad sna blianta 1975 agus 1976 nuair a bhí nasc i bhfeidhm le [[CLG Cnoc Áine|Cnoc Áine]] inar imir peileadóir an dá pharóiste le Na Fianna agus na hiománaithe le Cnoc Áine. Tháinig an chéad theideal an chontae chuig an bparóiste nuair a bhuaigh Na Fianna ar [[CLG Úlla|Ulla]] i gcluiche ceannais Croabh Peile Sóisear Chontae Luimnigh sa bhliain 1975.
 
Nuair a chuireadh deireadh leis an gcomhaontas le Cnoc Áine, thosnaíodar ag imirt iomána agus peile faoi ainm an pharósite. Sa bhliain 1983, ba iad An tOspidéal/Cathair Fuinse an chéad chlub a bhuaigh Craobh Peile Sóisear A (i ndiaidh bhuachaint ar [[CLG An Gleann (Luimneach)|An nGleann]]) agus Craobh Iomána Sóisear A an Chontae (tar éis [[CLG Naomh Ciarán (Luimneach)|Ardach]] a chloí) sa bhliain chéanna.
 
I ndiaidh Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a bhuachaint sa bhliain 1989, shroich An tOspidéal/Cathair Fuinse trí chluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear an Chontae]] as a chéile ach chailleadar i gcoinne [[CLG Gaeil Ghailtí|Fánaithe Ghleann an Chorráin]] sa bhliain 1991, [[CLG An Caisleán Nua Thiar|An Chaisleáin Nua Thiar]] sa bhliain 1992 agus [[CLG Clochán (Luimneach)|Chlocháin]] sa bhliain 1993. Bhí an míádh orthu ar a gceathrú iarracht chomh maith nuair a bhuaigh [[CLG Baile an Londraigh|Baile an Londraigh]] othu sa bhliain 1999.