An difríocht idir athruithe ar: "Cormac mac Airt"

Content deleted Content added
Cormac mac Airt - an chéad leagan
 
m Lughaidh an litriú Nua-Ghaeilge ar Lugaid na Sean-Ghaeilge go bhfios dom
Líne 1:
De réir na finscéalaíochta, ba laoch é Cormac mac Airt a bhí ina rí ar Theamhair. Tá amhras ann ó thaobh na staire de a leithéid a bheith ann. Ba shiombal de ríogacht na Teamhrach é - cóir, síochánta agus fírinneach. Tá scéal ann gur tháining Cormac isteach i dTeamhair agus bhuail sé le bean a bhí ag gearán faoi bhreithiúnas a bhí tugtha uirthi ag LugaidLughaidh mac Con, a bhí ina rí ar Theamhair ag an am. Bhí a cuid caorach forghéillte ag LugaidLughaidh mar go raibh siad ar féarach i bpáirc ghoirmín na banríona. Dhearbhaigh Cormac gur breithiúnas bréagach a bhí ann agus b'í an bhreith cheart ná go mba fhíneáil chóir ar fhómhar bliana amháin a chailleadh, lomadh amháin d'olann na gcaorach. De bharr bhreithiúnas seo na fírinne, tugadh aitheantas do Chormac mar rí dlisteanach na Teamhrach. Bhí ar LugaidLughaidh a choróin a thabhairt suas mar gheall ar a bhreithiúnas bréagach.