An difríocht idir athruithe ar: "Tuatha Dé Danann"

Content deleted Content added
alt nua
(No difference)

Leagan ó 06:59, 21 Nollaig 2005

Ceann de na treibheanna a d'áitigh Éirinn roimh theacht Chlanna Mhíleadh Easpáine (féach Míl Easpáine) is ea iad Tuatha Dé Danann. Ciallaíonn an t-ainm "muintir thíolactha don dia darb ainm Danu." Insítear scéal Thuatha Dé Danann in Leabhar Gabhála na hÉireann, leabhar a chuireann síos ar na hionraí miotasacha a rinneadh ar Éirinn ó thús an chruthaithe go dtí teacht Chlanna Mhíleadh. Bhain Tuatha Dé Danann clú agus cáil amach mar gheall ar a gcuid draíochta, ceardaíochta, ealaíne, agus foghlama. Nuair a tháinig Tuatha Dé Danann go hÉirinn, bhuaigh siad ar áitritheoirí na hÉirinn, na Fomhóraigh, gur dhíbir siad na Fomhóraigh. Buadh ar na Tuatha Dé Danann mar sin féin i ndiaidh do Chlanna Mhíleadh teacht go hÉirinn. Díbríodh Tuatha Dé Danann go liosanna na hÉireann de bharr na maidhme seo. Deirtear go síolraíonn na sióga (féach sióg) uathu.