An difríocht idir athruithe ar: "Giovanni Battista Belzoni"

Content deleted Content added
+iv en
Rang +IV +Naisc
Líne 2:
[[Image:Giovanni Battista Belzoni by William Brockedon.jpg|left|155px|thumb|Giovanni Battista Belzoni]]
 
I bPadua na [[An Iodáil|hIodáile]] a rugadh Belzoni, agus nuair a rinne na Francaigh ionradh ar an Iodáil thug sé a aghaidh ar [[Londain]], áit ar thaispeáin sé féin mar ‘fhear láidir’ ar na haonaí; d’éirigh sé tuirseach de sin agus chuaigh lena bhean chéile agus le searbhónta chun na Spáinne, chun na Portaingéile, chun [[Málta]] agus ansin chun na [[An Éigipt|hÉigipte]]. Sa tír sin bhain sé tairbhe as an eolas a bhí aige ar an [[innealtóireacht]] agus bheartaigh caidéil de shaghas nua; ach ba bhocht an díol a bhí orthu, rud a d’fhág i gcruachás é.
 
Bhí [[cogadh cathartha]] ar siúl san Éigipt ag an am, agus tairbhe á bhaint ag beirt i gCaireo as: [[Henry Salt]], consal na Breataine, agus an tIodálach [[Bernadino Drovetti]], consal na Fraince. Mhaoinídís an bheirt feachtais [[seandálaíocht|sheandálaíochta]] agus dhíolaidís na hiarsmaí le hiarsmalanna agus le bailitheoirí, agus ní gan bhrabach é. Bhí pas Briotanach ag Belzoni agus d’fhostaigh Salt é; sa bhliain 1815 iarradh air rud a dhéanamh a bhí beagnach dodhéanta: dul síos [[an Níl]] go dtí an Téibh agus busta ollmhór Fárónach (Raimséas II) a thabhairt ar ais. D’éirigh leis gan bhuíochas don saol agus do bhagairt Drovetti.
[[Image:Egypt-statue.jpg|thumb|'Memnon Óg,' [[Raimséas II]], in Iarsmalann na Breataine.]]
 
Thoiligh Belzoni le seandachtaí a sholáthar do Salt, agus i gceann cúpla bliain d’aimsigh sé a lán tuamaí ríoga i nGleannn[[Gleann na Ríthe]]; thug sé teampall mór Raimséas II chun solais agus d’oscail teampall Khéphrem i nGíse. Mhéadaigh ar an tsuim a bhí aige in oidhreacht na hÉigipte, agus bhreac sé síos suíomh na ndealbh go cruinn ar na pleananna. D’éirigh idir é féin agus Salt, áfach, cé gurbh é siúd an t-aon duine amháin a d’fhéad íoc as an tochailt. D’fhág Belzoni agus a bhean an Éigipt sa bhliain 1819.
 
Bhí an-fháilte roimhe i Londain: tháinig iontas ar dhaoine agus iad ag féachaint ar mhacasamhlacha de mhaisiú thuama Séthi I sa Halla Éigipteach i bPiccadilly.<ref>[http://www.google.com/books?id=96kKAAAAYAAJ The Magic Lantern; Or, Sketches of Scenes in the Metropolis], Blessington 1823</ref> Chuir sé cóip den sarcófagas á déanamh agus thug sé leis í mar chuid de thaispeántas gluaiste a chauigh trasna na hEorpa ó Pháras go San Péatarsburg.
 
Ar an droch-uair, níor fhan an rath air. Chuir sé roimhe foinse abhainn na Nigéire a fháil sans[[an Afraic]], ach fuair sé bás le dinnireacht i mBéinean in aois a chúiog bliana is daichead.
 
==Naisc Sheachtrachasheachtracha==
 
* [http://www.economist.com/science/displayStory.cfm?story_id=1056932 ''Ethics and archaeology. Can you dig it ?''], ''[[The Economist]]'', [[28 Bealtaine]] [[2002]]
* [http://www.mnsu.edu/emuseum/information/biography/abcde/belzoni_giovanni.html Beathaisnéis Belzoni ar shuíomh Minnesota State University Mankato]
* [http://www.belzoni.com/giovanni.htm The Great Belzoni (1778–1823)] ó [http://www.belzoni.com/ Belzoni online]
 
Líne 24:
[[Catagóir:Básanna i 1923|Belzoni, Giovanni Battista]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1778|Belzoni, Giovanni Battista]]
[[Catagóir:Taiscéalaithe Iodálacha|Belzoni, Giovanni Battista]]
 
[[ar:جوفاني باتيستا بلزوني]]
[[ca:Giovanni Battista Belzoni]]
[[da:Giovanni Battista Belzoni]]
[[de:Giovanni Battista Belzoni]]
[[en:Giovanni Battista Belzoni]]
[[es:Giovanni Battista Belzoni]]
[[fr:Giovanni Battista Belzoni]]
[[hr:Giovanni Battista Belzoni]]
[[id:Giovanni Battista Belzoni]]
[[it:Giovanni Battista Belzoni]]
[[la:Ioannes Baptista Belzoni]]
[[nl:Giovanni Battista Belzoni]]
[[ja:ジョヴァンニ・バッティスタ・ベルツォーニ]]
[[pl:Giovanni Battista Belzoni]]
[[pt:Giovanni Battista Belzoni]]
[[ru:Бельцони, Джованни Батиста]]
[[sh:Giovanni Battista Belzoni]]
[[fi:Giovanni Battista Belzoni]]
[[sv:Giovanni Belzoni]]
[[tr:Giovanni Battista Belzoni]]
[[vec:Giovanni Battista Belzoni]]