An difríocht idir athruithe ar: "Fiodh Ard"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Baile mór i gContae Thiobraid Árainn is ea '''Fiodh Ard''' (an ''choill ard''), agus é suite ar an nGlais Álainn. Tagann fuaimniú an ainm i mBéarla ó /fið ard/ na seanGhaeilge. Tá os cionn 1,300 duine ina gcónaí ann.
Baile is ea '''Fiodh Ard''' in Éirinn. Tá an baile suite i g[[Contae Thiobraid Árann]].
 
[[Image:FethardCentre3473.jpg|thumb|Lár Fhiodh Ard]]
B’ábhar suntais Fiodh Ard riamh mar cheann de na bailte daingnithe margaidh a bunaíodh le linn Éadbhard I. Tá na ballaí cúig throigh is fiche ar airde agus tá an chuid is mó díobh ar marthain fós, murab ionann is bailte móra eile dá leithéid in Éirinn.
 
Tá clú na gcapall ar an gceantar: ní beag an t-iomrá atá ar Ghraí na Cúile Móire, agus tá a lán stáblaí rásaíochta ann.
 
== Stair ==
 
[[Image:IMG FethardWalls3475c.jpg|thumb|Ballaí Fhiodh Ard agus caisleán]]
Timpeall na bliana 1200 roghnaigh tiarna Normannach – Uilliam III de Braose, an 11ú tiarna d’Abergavenny, is dócha – cnoc Fhiodh Ard mar áit a mbunófaí baile mór. Fuair sé an chuid ba mhó de Chontae Thiobraid Árann mar phríomhthionónta sa bhliain 1201 ón Rí Eoin.
 
Leagadh amach go slachtmhar é: áit mhargaidh, teampall agus reilig, agus sráideanna. Bhí an-tábhacht leis an gcuradóireacht ina thimpeall, agus ar éigean a tháinig malairt dealraimh ar na páirceanna atá anois ann. Tugadh cairt dó, rud a rinne buirgéis de agus a bhronn pribhléidí áirithe ar na buirgéisigh – cíosanna socraithe, a gcúirt féin agus fíneálacha socraithe ach amháin sna cásanna ba thromchúiseacha. Tháinig cuid mhaith den phobal anoir ón mBreatain.
 
Chaill Uilleam de Braose Fiodh Ard sa bhliain 1208 toisc é a bheith in aighneas leis an Rí, agus sa bhliain 1215 bronnadh Fiodh Ard ar ardeaspag Chaiseal. Ba leis an ardeaspagóideacht é anuas go dtí an 16ú haois. Bhí teacht isteacht ag dul don Eaglais ó na tailte, agus bhronn Uilleam ar Ospidéal Naomh Eoin Baiste i mBaile Átha Cliath é, ach go luath sa 14ú haois thug Ab an Ospidéil ar ais do na hardeaspaig é. I dtús an 14ú bhunaigh na hAigistínigh mainistir lasmuigh den bhaile mór.
 
Bhí rath ar Fhiodh Ard sa 13ú haois; bhí síoda, iasc mara, salann, gual, tairní, adhmad agus pucáin fhíona á ndíol ann. ní raibh an ceantar amuigh saor ó chontúirt; bhí ropairí ann, agus i lár na haoise ba ghá coillte a leagan in aice leis an mbaile mór toisc gur creachadh agus gur maraíodh ceannaithe a bhí ag teacht chun Fiodh Ard. I dtreo dheireadh na haoise bhí Éire ag éirí suaite, rud ba chúis le ballaí a thógáil. Sa bhliain 1292 cheadaigh an Rí do na buirgéisigh balla a thógáil le hairgead a gearradh ar feadh seacht mbliana ar earraí sa bhaile mór. Sa bhliain 1375 ceadaíodh deontas eile, agus luadh ballaí cloiche, rud a thabharfadh le tuiscint gur bhallaí adhmaid agus cré a bhí ann roimhe sin. Sa 15ú haois ceadaíodh dhá dheontas mhúrtha eile ar a laghad, agus múradh talamh breise thuaidh agus thiar.
Sna meánaoiseanna déanacha, mar sin féin, bhí tithe á dtógáil taobh amuigh den bhaile mór; sa chuid dheiridh den 15ú haois bhíodh Iarlaí Dheasmhumhan i láthair i gcúirteanna i bhFiodh Ard agus ag foilsiú reachtanna ann. Sa bhliain 1552 fuair sé cairt ríoga ó Éadbhard VI a cheadaigh d’údaráis an bhaile mhóir déileáil le cúrsaí dlí gan chur isteach ón taobh amuigh, pribhléid ar dhíol siad aisti le cíos bliantúil aon mharc déag.
[[Image:FethardWalls3483c.jpg|thumb|left|Balla Fhiodh Ard ar bhruach thuaidh na Glaise Áille]]
D’éirigh leis an gcorparáid cairt ríoga eile a fháil sa bhliain 1608, a bhuíochas sin ar an Ridire John Everard, mórán. Dream suntasach i ngnóthaí Fhiodh Ard ba ea muintir Everard chomh luath leis an 15ú haois, agus rinne John Everard móid dílseachta d’Eilís I, cé gur Chaitliceach é. Bhí lé na Bainríona leis, agus fuarthas cairt dá bharr; méadaíodh an Chorparáid, agus bronnadh breis pribhléidí le tráchtáil a chur chun cinn. Ordaíodh go dtógfaí halla tionóil, agus sa bhliain 1612 cheadaigh Séamas I dhá theach dídine a thógáil, ceann do mhná agus eile d’fhir. Bhí tithe nua cónaithe á dtógáil agus méadaíodh an fhaiche mhargaidh.
 
Sa 17ú haois bhí cogaí ann; ghéill Fiodh Ard do Mhurchadh, Tiarna fraochmhar Inse Chuinn, a bhí ag troid ar son Pharlaimint Shasana, agus ghéill arís do Chromail trí bliana ina dhiaidh sin, sa bhliain 1650. Bhí Cromail ar an mbealach chun Cill Chainnigh, agus scríobh sé chun Spícéir Dháil Shasana faoi Fhiodh Ard, "as having a very good wall with round and square bulwarks, after the old manner of fortification". Bhí a chuid saighdiúirí ar stáisiún sa Mhainistir Agaistíneach.
 
San 18ú haois bhí Fiodh Ard ag dul chun raice, agus deir Leabhair na Corparáide go raibh simléirí contúirteacha ag sé dhuine is caoga sa bhliain 1718.<ref>Michael O'Donnell, ''Tipperary Historical Journal'' (1988), lgh 22-38.</ref> Ba é réiteach an scéil sa 19ú haois na iarsmaí a leagan in áit iad a dheisiú, rud a d’fhág bearna mhór in oidhreacht na háite. Chaill an Mhainistir Agaistíneach an túr thiar sa bhliain 1835, agus níl ach aon gheata amháin fágtha i mballaí an bhaile mhóir.
== Caisleán Chnoc an Choiligh ==
 
Éamonn mac Shéamais de Buitléir, Barún Dhún Búinne agus tiarna Chaisleáin Chill Teimhneáin, a thóg an chéad chaisleán ag Cnoc an Choiligh timpeall na bliana 1465 dá dhara mac Peadar. Bhí na Buitléaraigh úd i dteann a réime i gContae Thiobraid Árann idir na blianta 1448 agus 1517. Maraíodh Peadar sa bhliain 1502, agus sa bhliain 1536 thug a mhac Piaras cuid de thailte Chnoc an Choiligh uaidh d’Iarla Urmhumhan agus do Thomás Buitléar. Nuair a treascraíodh Iarla Dheasmhumhan sa bhliain 1592 treascraíodh na Buitléaraigh freisin, agus chaill siad an caisleán agus a chuid tailte. Chuaigh Cnoc an Choiligh ó dhuine go duine ina dhiaidh sin, agus is le húinéir príobháideach inniu é.
 
Tá an caisleán gan díon, ach is maith an bhail atá air mar sin féin. Tá sé ar an mbeagán caisleán a bhfuil bábhún fós acu.
 
==Féach freisin==
{{reflist}}
 
*[[Cromail in Éirinn 1649-1650]]
 
==External links==
* [http://www.fethard.com Suíomh Fhiodh Ard]
 
[http://www.cso.ie/census/documents/census2006_Table_7_and_12.pdf] 2006.
 
{{síol-tír-ie}}
[[Catagóir:Bailte i gContae Thiobraid Árann]]