An difríocht idir athruithe ar: "Eoghan Ó Tuairisc"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir agus ealaíontóir ab ea é '''Eoghan Ó Tuairisc''' ([[Béarla]]: ''Eugene Rutterford Watters'', [[Béal Átha na Sluaighe]] [[1919]] - [[1982]]). Fuair sé a chuid oideachais i g[[Coláiste Ghearrbhaile]] i m[[Béal Átha na Sluaighe]]. Chaith sé seal sna saighdiúirí agus bhain sé amach céim i litríocht an Bhéarla i g[[An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath|Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath]]. Chuaigh sé le múinteoireacht ansin (d'fhreastal sé ar Choláiste Phádraig i n[[Droim Conrach]], ó 1939 go 1945, agus bhain sé amach dioplóma san oideachas). Bhí sé ina mhúinteoir i bh[[FhionnglasFionnghlas]]. Sa bhliain 1962, áfach, d'éirigh sé as an obair sin le bheith ina scríbhneoir lánaimseartha. Bhí sé ina eagarthóir ar ''Feasta'', iris [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]], sna blianta 1962-1965.
 
Scríobh sé lear mór ábhair sa dá theanga, idir Bhéarla agus Ghaeilge: aistí, filíocht, drámaí agus úrscéalta. Is iad an dá úrscéal stairiúla - ''L'Attaque'', a thugann cur síos ar imeachtaí Bhliain na bhFrancach i [[Contae Mhaigh Eo|Maigh Eo]], agus ''Dé Luain'', ina bpléitear [[Éirí Amach na Cásca]] - is mó a thuill a cháil dó i measc lucht na Gaeilge.