An difríocht idir athruithe ar: "Eoghan Ó Riain"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
||
Líne 7:
Bhí cuma ar leith ar an Rianach. Cliobaire d’fhear groí agus féasóg fhada dhubh air. Blagaid air. É gealgháireach i gcónaí agus mór le cách, rud a cheil (dar leis an Domhnallach) an dáiríreacht a bhí ann. Rugadh é i dTiobraid Árann sa bhliain 1864 agus tháinig go dtí an Astráil nuair a bhí sé timpeall aon bhliain amháin is fiche d’aois. Duine iléirimiúil a bhí ann, múinteoir scoile, ceoltóir agus fear teangeacha. Fraincis, Iodáilis agus Spáinnis ar a thoil aige, Sínis freisin más fíor don Domhnallach, agus scoth Gaeilge.
A uncail Diarmaid, múinteoir oilte, a chuir oideachas air, agus fuair an Rianach a chuid céimeanna i gColáiste Bhráithre Phádraig i Maigheann Rátha. Mar bhaill de Bhráithre Phádraig a tháinig sé féin agus a dheartháir Bernard chun na hAstráile, agus bhí Eoghan
Fear mór iománaíochta ba ea é a thacaigh go tréan leis an gclub áitiúil. Bhí cuma Ghaelach fiú ar a mhodh imeachta, ó b’eisean an t-aon duine amháin i Sydney a raibh ''jaunting car'' aige agus í le feiceáil ar Bhóthar Bhotainí laethanta saoire. Bhí teach tábhairne aige i Sráid Sheoirse Thiar i Sydney, agus eolas le fáil air ón gcuntas bríomhar a thug an Nioclás Ó Domhnaill air: ochtar nó deichniúr páistí ag cleachtadh ríle nó poirt thuas an staighre, fidiléir agus píobaire le cloisteáil, gasra Muimhneach ag cíoradh chúrsaí an lae i nGaeilge i bparlús eile, fear an tí ina dhuine den chuideachta ó am go chéile, lucht imeartha cártaí go glórach ina gclúid féin: ‘An t-aon!’ ‘An t-aon harta!’ ‘Sonas ar do láimh, a bhuachaill,’ ‘An cuireata!’ ‘Mo ghraidhn thú, a Mhíchíl,’ ‘An cíoná!’ ‘T’anam ‘un Dia,’ ‘Is linne an cluiche’.
|