An difríocht idir athruithe ar: "Cath Lios Cearúill"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 10:
Sheas na hÉireannaigh an fód go maith ar dtús. Oilibhéar Stevenson, Caitliceach de shliocht Sasanach, a bhí i gceannas ar mharcra na nÉireannach. Thug siad fogha faoin namhaid agus scaip iad. Ghabh siad an Brianach féin, ach d'éirigh le deartháir an Bhrianaigh Stevenson a mharú le urchar áidh, rud a chuir beaguchtach ar na hÉireannaigh. Tar éis comhrac dian chúlaigh siad, agus ní raibh an cos-slua Éireannach cleachtach a ndóthain chun seasamh in éadan mharcra an Bhrianaigh. Ba í an eite chlé ba righne a sheas, ach thug siad an portach orthu féin faoi dheireadh.
 
Maraíodh os cionn 700 saighdiúir de chuid an Chomhcheangail, agus a lán oifigeach san áireamh. Is iomaí fear d'uaisle Chaitliceach na háite a maraíodh: chaill muintir Mhic Ghearailt Dheasmhumhan ocht bhfear déag, agus cuireadh le chéile iad i ráth a bhí in aice na háite. Rugadh corp Stevenson ó Lios Cearúill go mainistir [[Eas Géitine]], agus adhlacadh é le hais uaigh a athar i seaneaglais Eas Géitine. Chroch an Brianach caoga oifigeach ar maidin an lá dar gcionn, agus d'fhan Corcaigh i seilbh na Sasanach.
 
 
== Naisc Sheachtracha ==