An difríocht idir athruithe ar: "Printéir"

Content deleted Content added
 
No edit summary
Líne 3:
Is gléas [[forimeallach]] ríomhaireachta é '''clóire''' a bhaintear feidhm as le aschur [[ríomhaire]] a chlóbhualadh ar ábhair éigin amhail [[páipéar]] nó ábhar eile. Trí chnaipe a bhrúigh ar scáileán an ríomhaire, is féidir cáipéis nó comhad a chlóbhualadh go han-tapa ar fad sna clóirí. Bíonn páipéar agus [[dúch]] nó tonóir sa chlóire agus clóbhuailtear an cháipéis agus an comhad go tapa. I gclóirí an lae inniu, ní dhéanann an clóire teagmháil dhíreach leis an bpáipéar mar a tharla san am atá thart.
 
Is féidir le clóire bheith ceangailte le ríomhaire amháin nó líonra de ríomhairí. Bíonn cead ag gach duine sa líonra feidhm a bhaint as an gclóire. Is mar seo a bhíonn sé in oifig de ghnáth. Ní gá don clóire bheith ceangailte le ríomhaire le sreanga. Is féidir le ríomhaire nascadh le clóire trí chóras fo-dhearg nó [[Bluetooth]]. Is féidir gach cineál comhad a chlóbhualadh sna clóirí is nua-aimseartha. Is féidir cáipéisí, íomhánna, grianghraif agus taispeántais a chlóbhualadh. Is féidir leo a bheith daite más é sin mian leis an té a chlóbhuail iad.