An difríocht idir athruithe ar: "Joan Gamper"

Content deleted Content added
No edit summary
 
No edit summary
Líne 1:
Ba bhunaitheoir an chlub sacair [[F.C. Barcelona]] é '''Hans-Max Gamper Haessig''', a raibh aithne air sa [[An Chatalóin|Chatalóin]] mar '''Joan Gamper'''. Rugadh é sa chathair Éilvéiseach [[Winterthur]] ar [[22 Samhain]] [[1877]]. Ba fhear spórtúil é ar fad a shaoil. Ba rothaí é i Zurich ó bhí sé 12 blian d'aois, ach d'éirigh sé as an rothaíocht agus dhírigh sé é féin ar an bpeil. Bhog sé ón Eilvéis go Lyon na Fraince i [[1897]], áit a d'imir sé [[rugbaí]]. I [[1899]] bhog sé go [[Barcelona]] agus chuir sé aithne ar na heachtranniagh eile a bhí ag cur futhu sa chathair. Chinn sé ar chlub sacair a bhunú. Chuir sé fógra san iris ''Los Deportes'' ag lorg imreoirí dá chlub nua. Ar an [[29 Samhain]], bunaíodh Football Club Barcelona sa Gimnàs Solé ar an sráid Montjuïc del Carme uimhir 5. Ba iad dathanna chathair Zurich na dathanna a phioc na bunaitheoirí don chlub - dearg agus gorm.
 
D'imir Gamper don chlub ó [[1899]] go [[1903]]. Ina dhiaidh sin, chaith sé sealanna ina uachtarán ar an gclub. Chuir sé lámh ina bhás féin ar an [[30 Iúil] [[1930]].