An difríocht idir athruithe ar: "Liathróid láimhe"

Content deleted Content added
Md (plé | dréachtaí)
m athrú ar an ainm
m +naisc idirtheangacha
Líne 1:
Is [[spórt]] í '''Liathróid láimhe'''.
 
==Stair an chluiche==
Ní fios cén uair nó cén áit ar cuireadh tús le liathróid láimhe mar chluiche. Ceaptar gur imríodh an cluiche san [[an Éigipt|Éigipt]] chomh fada siar leis an [[10ú haois|deichiú haois]].Toisc nach bhfuil aon teacht ar cur síos cruinn ar an sean-chluiche, áfach, ní féidir a rá cé chomh cosúil is atá an cluiche sin agus cluiche an lae inniu. Cé go bhfuil go leor eolais faoin gcluiche in [[Éire|Éirinn]] sa naoú haois déag is beag atá againn i scríbhinn faoi roimhe sin.Tá cur síos spéisiúil, áfach, sa leabhar ''Carlow in '98'', Roger J. McHugh faoi fear dárb ainm William Farrell. Rugadh é i [[1772]] agus tógadh é i g[[Ceatharlach]]. Scríobh sé faoin saol sa chontae le linn a óige.Luaigh sé na cluichí a d'imir na daoine ag an am agus ina measc bhí liathróid láimhe. Luaigh sé, freisin, cuid de na himreoirí ab fhearr sa cheantar: Mr.John Bagot, Joe Dowling agus a dheartháir Jim, Paddy Foley agus Tom Nowlan. Is cinnte gur imríodh an cluiche in an-chuid áiteanna ar fud na hÉireann sa naoú haois déag.Tógadh pinniúr in go leor bailte ar fud na tíre agus imríodh an cluiche i roinnt mhaith scoileanna cónaithe. Cluiche i bpinniúr le trí fhalla is mó a bhí i geist agus dar ndóigh bhí na pinniúir seo amuigh faoin aer agus spás féarach os a gcomhair amach don lucht féachana. Uaireanta bhí céimeanna cloiche ann don lucht féachana. Tá sampla maith de seo le feiscint i mBéal Átha an Rí i gCo. na Gaillimhe. Tháinig athraithe ar an gcluiche de réír a chéile agus ní beag an tionchar a bhí ar imirce na n-Éireannach go Meiriceá sa [[19ú haois|naoú haois]] ar fhorbairt an chluiche
Line 34 ⟶ 35:
==Pinniúir ar fud na tíre==
===Co.na Mí===
 
[[Ceanannas Mór]]: Tá pinniúr
 
Ráth Mór: Tá pinniúr 60 troigh fá 30 troigh i [[Ráth Mór]]. Cuireadh díon iarainn air roinnt blianta ó shin. Tá sé fós in úsáid.
 
===Co. na Gaillimhe===
[[Béal Átha na Sluaighe]]: Tá pinniúr suite i nDoire an Mhuilinn i mBéal Átha na Sluaighe. Tógadh sa bhliain 1926 é mar phinniúr 60 troigh fá 30 troigh ach cuireadh críoch le hathtógail i 1985 le pinniúr taobh istigh de 40 troigh fá 20 troigh. Is iomaí gradam Contae, Cúige agus Craobh na hÉireann atá bainte amach ag baill den chlub ó 1985. Tá pinniúir eile i gColáiste Gearrbhaile, pinniúir faoi-aer atá iontú. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais maidir le liathróid láimhe i gCo. na Gaillimhe ach ríomh-phoist a sheoladh chuig: gaillimh@handball.gaa.ie.
 
[[Pinniúr an Chnoic]] nó [[pinniúr Mhichíl Bhreathnaigh]]: Tá tradisiún láidir liathróid láimhe i bparóiste an Chnoic i gceartlár na [[Gaeltachta]].Bhí dhá phionúr sa pharóiste ar feadh na mblianta fada, [[pionúr]] amháin sna hAille agus pionúr eile i mBothúna. Tógadh an pionúr sna hAille sa bhliain 1931 ach thit sé go talamh sa bhliain 1956. Níor tógadh arís an pionúr go dtí na seachtóidí nuair a d'éirigh leis an gcoiste suíomh nua a aimsiú. Maidir leis an bpionúr i mBothúna tógadh an pinniúr seo nuair a bhí Teach Mór na Muiriseacha dá thógáil. Is iomaí sin imreoir cumasach a rinne gaisce sa phinniúr. Ach bhí imreoir amháin a sheas amach gan cháim thar gach neach eile. B'shin é Pádraig Mac Donncha nó Pat na Máistreasa as Leitir Mealláin. Le linn do Phádraig a bheith i S.A.Mh. bhuaigh sé Craobh Nua Eabhrach(1919)-(1923) agus Craobh an Domhain(1922-1923). Nuair a d'fhill sé ar a thír dhúchais d'ardaigh sé leis Craobh Shinsear na hÉireann agus an Craobh sna Cluichí Tailtean chomh maith. Is trua le haithris gur leag Míchéal Ó Muiris (Tiarna Chill Ainín) an pinniúr go talamh sular dhíol sé a ghabháltas talún leis an mBuachallach sna caogadaí. Ní raibh fáil ar phinniúr sa bparóiste arís go dtí deireadh na seachtóidí nuair a tógadh an pinniúr atá anois ann. Ba é mian an Choiste an lá ar osclaíodh é ná óige an cheantair a fheiceáil dhá n-aclú féin go folláin fearúil nó banúil san áis seo a chuir an pobal ar fáil dóibh. Bail ó Dhia orthú tá siad á dheanamh sin go breá ag lascadh ballaí gach deis a fhaigheann siad.
 
==Naisc Sheachtracha==
*http://www.handball.ie/
*http://www.gaa.ie/
 
[[ar:كرة يد]]
[[bs:Rukomet]]
[[ca:Handbol]]
[[da:Håndbold]]
[[de:Handball]]
[[en:Team handball]]
[[et:Käsipall]]
[[es:Balonmano]]
[[eo:Manpilko]]
[[fr:Handball]]
[[ko:핸드볼]]
[[hr:Rukomet]]
[[it:Pallamano]]
[[he:כדוריד]]
[[lb:Handball]]
[[mk:Ракомет]]
[[nl:Handbal]]
[[ja:ハンドボール]]
[[no:Håndball]]
[[nn:Handball]]
[[pl:Piłka ręczna]]
[[pt:Andebol]]
[[ru:Гандбол]]
[[sk:Hádzaná]]
[[sl:Rokomet]]
[[fi:Käsipallo]]
[[sv:Handboll]]
[[tr:Hentbol]]
[[zh:手球]]