An difríocht idir athruithe ar: "Otto von Bismarck"

Content deleted Content added
+ síniú
m róbat ag suimiú: fiu-vro:Bismarcki Otto; cosmetic changes
Líne 23:
Ba státaire [[An Ghearmáin|Gearmánach]] é '''Otto von Bismarck''' ([[1 Aibreán]], [[1815]] – [[30 Iúil]], [[1898]]) (''Otto Eduard Leopold von Bismarck-Schönhausen, Fürst von Bismarck-Schönhausen, Herzog zu Lauenburg'' as [[Gearmáinis]]), a bhí ina [[Príomh-Aire|Phríomh-Aire]] ar an b[[An Phrúis|Prúis]] (1862-1890) agus ar an n[[An Ghearmáin|Gearmáin]] (1871-1890) le linn aontú na Gearmáine.
 
== Óige ==
''Junker'', nó mionuaisle Prúiseacha ab ea iad muintir Bismarck. Rugadh Otto i Schönhausen in aice le [[Stendal]] ar an chéad lá de Mhí Aibreáin 1815, agus tháinig sé i gcrann i Kniephof sa [[An Phomaráin|Phomaráin]] (lámh le Nowogard i b[[An Pholainn|Polainn]] an lae inniu), nuair a tháinig a athair Ferdinand i seilbh eastát eile i ndiaidh bhás a sheanuncail. Bhí sé seacht mbliana d'aois, nuair a chinn a mháthair Wilhelmine (''née'' Mencken) filleadh ar [[Beirlín|Bheirlín]], agus thug sí Otto, an mac ba sine aici darbh ainm Bernhard, agus a hiníon Malwine léi.
 
Líne 32:
Nuair a bhí Otto óg, bhí cáil an bhuachalla bháire air. Tháinig athrú air sin, áfach, nuair a chuir sé suim sa Chráifeachas, gluaiseacht dianchreidimh an Liútaránachais. Is dócha gurbh i Johanna von Puttkamer (1824-1894) ba mhó a chuir sé spéis, cailín a bhí ina ball den ghluaiseacht seo, nó phós sé í sa bhliain 1847. D'éirigh leis an bpósadh go gleoite, agus rugadh triúr clainne dóibh, mar atá, Marie (1848-1926), Herbert (1849-1904) agus Wilhelm ("Bill", 1852-1901).
 
== Tús sa Pholaitíocht ==
[[Íomhá:Schönhausen200705.jpg|280px|thumb||Suíomh Schloß Schönhausen, áit bhreithe Otto von Bismarck, ar an 20 Iúil 2005. Leag rialtas Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine an mainéar sa bhliain 1958.]]
 
Líne 49:
{{glanadh}}
 
== I gCumhacht sa Phrúis ==
Nuair a lean Rí Wilhelm I a dheartháir sa bhliain 1861, bhí sé i gcomhrac le móramh Liobrálach an Landtag agus, i ndiaidh mholadh óna shean-chara Pietach Albrecht von Roon, an t-Aire Cosanta, d'iarr sé ar Bhismarck freastal mar Phríomhaire air. Ní raibh Bismarck sásta an post a ghlacadh ach amháin go mbeadh lán-chumhacht gnóthaí an rialtais aige agus níor thosaigh sé go dtí go raibh a théarmaí bainte amach aige ar an [[23 Meán Fómhair]] [[1862]].
 
D’fhreastal Bismarck sa phost sin agus mar Aire Gnóthaí Eachtracha na Prúise beagnach gan stad on lá sin go dtí [[20 Márta]] [[1890]]. Cé go raibh sé in oifig mar ionadaí pearsanta an rí agus cé go raibh cumhacht an reachtála agus an chánachais ag an Landtag, rialaigh sé an ríocht beagnach ina aonar ar feadh ocht mbliain ar fhichead.
 
== Aontú na Gearmáine ==
[[Íomhá:Bismarck pickelhaube.jpg|thumb|Otto von Bismarck.]]
Níorbh náisiúntóir ó dhúchas riamh é Bismarck agus chuir sé go láidir i gcoinne Chomhdháil Náisiúnta na Gearmáine le linn Réabhlóid 1848. Mar sin féin, d’aithnigh sé go raibh brú na staire ag ath-eagrú na h-Eorpa mar stáit náisiúnacha i lár an 19ú aois agus thug sé [[An Iodáil]], a aontaíodh sa bhliain 1860 faoi chinnireacht Ríocht Piedmont, mar shampla.
Líne 64:
Agus nuair a spreag sé cogadh i gcoinne [[An Fhrainc|na Fraince]] sa bhliain 1870, throid gach stát eile sa Ghearmáin ar thaobh na Prúise. Tar éis bua tubaisteach a ghearradh ar Arm an [[Impire Napoleon III]] i gcath Sedan, d’fhógair prionsaí na Gearmáine Wilhelm I mar Impire na Gearmáine i bPálás [[Versailles]] ar an [[18 Eanáir]] [[1871]].
 
== I gCumhacht sa Ghearmáin ==
Scríobh Bismarck bunreacht nua do Chomhnaidhm na Gearmáine Thuaidh a tháinig i bhfeidhm i ndiaidh an chogaidh i gcoinne na h-Ostaire agus ba é sin bunús rialtais an impireacht nua. Mar sheansalar (príomh-aire), ní raibh sé freagarthach do Pharlaimint an ''Reichstag'' ach don impire féin. Agus ós rud é gurbh sa Phrúis a raibh cónaí ar mhóramh daonra an stáit, bhí seilbh ar an dá phost ba chumhachtaí sa Ghearmáin aige.
 
=== Cúrsaí eacnamaíochta ===
Bhí Bismarck sásta stiúiriú cúrsaí cosanta agus eacnamaíochta a ligean dá airí. Ar dtús, thaobhaigh sé leis na Liobrálaigh chun saorthrádáil a chosaint agus d’aontaíodh na córais airgid, thomhais, cánacha agus dlí a raibh i bhfeidhm sna stáit éagsúla roimhe sin.
 
Líne 74:
D’fhás cumhacht eacnamaíocht na Gearmáine go mór le linn a réimis.
 
=== Cúrsaí Inmheánacha ===
Le linn réim na Liobrálach, chuaigh sé i gcomhrac leis an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglais Caitliceach]] (an ''Kulturkampf'') chun córas oideachais tuata a bhunú.
 
Tháinig deireadh leis an gKulturkampf tar éis bás an Phápa Pius XI ar 7 Feabhra 1878 ach, ós rud é go raibh ar thaobh na gCoimeádach ag an am sin, thosnaigh sé ar achrann i gcoinne na [[Sóisialachas|Sóisialaigh]]. Agus chun tionchar an SPD, an [[Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine|Páirtí Sóisialta Daonlathach]], a mhaolú, bhunaigh sé an chéad córas leasa sóisialacha ar domhain le pinsin agus árachas oibre atá i bhfeidhm fós sa Ghearmáin.
 
=== Cúrsaí Eachtracha ===
Choimeád sé greim docht ar ghnóthaí eachtracha le linn a shaoil pholaitiúil uile. Ní raibh aon suim aige riamh sa choilíneachas agus, nuair a thosnaigh achrainn idir cumhachtaí Iarthar na hEorpa faoin Aifric agus idir [[An Rúis]], [[An Tuirc]] agus [[An Ostair]] faoi Na Balcain, ghlacadh leis mar idirghabhálaí macánta. Tháinig barr a réimis le linn Comhdháil Beirlín sa bhliain 1878 a chuir deireadh leis an gcogadh idir An Rúis agus An Tuirc.
 
Cé gur spreag sé trí chogadh chun An Ghearmáin a aontú, ba é síocháin na hEorpa a phríomhaidhm ina dhiaidh. Ar dtús, chuaigh sé i gcomhghuaillíocht leis An Ostair agus An Rúis (''Dreikaisersbund'', Conradh na dTrí Impire) chun an ''status quo'' a chosaint in Oirthear na hEorpa ach, nuair a d’fhás an naimhdeas idir an mbeirt eile le linn conspóidí na mBalcan, b’éigean dó taobhú le Impireacht na Habsburg.
 
== Briseadh as Post ==
D’éag Wilhelm I ar [[9 Márta]] [[1888]] agus níor mhair a mhac Friedrich III ach trí mhí ina dhiaidh . Ba é garmhac Wilhelm I, Wilhelm II, a tháinig i gcomharbacht ar an [[15 Meitheamh]] agus é gan ach 28 bliain d’aois ag an am.
 
Líne 90:
 
Thréigh sé Beirlín agus chuir sé faoi ina eastáit i Varzin (anois Warcino na Pólainne). I ndiaidh bás a bhean sa bhliain 1894, d’aistrigh sé a áit cónaithe go dtí eastáit eile leis i bhFriedrichsruh, lámh le [[Hamburg]], áit inar fuair sé féin bás ar an [[30 Iúil]] [[1898]].
<!---Idirvicí--->
 
{{Nasc AR|de}}
 
{{Nasc AR|az}}
 
[[Catagóir:Stair na Gearmáine|von Bismarck, Otto]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1815|von Bismarck, Otto]]
[[Catagóir:Básanna i 1898|von Bismarck, Otto]]
 
<!---Idirvicí--->
 
{{Nasc AR|de}}
 
{{Nasc AR|az}}
 
[[an:Otto von Bismarck]]
Line 127 ⟶ 125:
[[fa:اتو فون بیسمارک]]
[[fi:Otto von Bismarck]]
[[fiu-vro:Bismarcki Otto]]
[[fr:Otto von Bismarck]]
[[gd:Otto von Bismarck]]