An difríocht idir athruithe ar: "Dervla Murphy"

No change in size ,  10 mbliana ó shin
m
→‎Taisteal agus Scríbhinní: Maith go leor. An Phuinseáib it is!
m (→‎Taisteal agus Scríbhinní: Maith go leor. An Phuinseáib it is!)
 
==Taisteal agus Scríbhinní==
Sa bhliain 1963, chuir Murphy chun bóthair ar a céad turas fada ar rothar, gan a bheith ag brath ach uirthi féin ó Éirinn go dtí an India. Thug sí piostal léi in éineacht leis an trealamh eile ar bord Roz, a rothar Armstrong Cadet, agus as d'imigh sí léi tríd [[an Eoraip]] le linn ceann de na [[geimhreadh|geimhridh]] ba mheasa le blianta anuas. [[an Iúgslaiv|San Iúgslaiv]] di, thosaigh sí ag scríobh dialainne in áit a bheith ag cur litreacha abhaile. [[an Iaráin|San Iaráin]] bhí an piostal áisiúil aici agus í ag cur ruaige ar baicle gadaithe, agus bhain sí feidhm as beart a bhí “dochurtha i gcló” i stáisiún póilíní le héalú ó dhuine a raibh beartaithe aige a héigniú. Gortaíodh í ar bord bus san [[an Afganastáin|Afganastáin]] nuair a bhuail buta raidhfil í agus briseadh trí easna uirthi, ach ba bheag an mhoill uirthi sin—bhain sí ceol as dreach agus muintir na tíre, mar sin féin. Sa Phacastáin fuair sí lóistín ón ualaí (wali) deireanach na Suáite, Miangul Aurangzeb. Chuaigh sí trí shléibhte cheantar Ghilgit, ansin tríd an [[an PhainseáibPhuinseáib]], agus sa deireadh trasna na teorann soir go [[Deilí]] san India. D’fhoilsigh an comhlacht John Murray a dialann mar ''Full Tilt: Ireland to India with a Bicycle'', an chéad leabhar foilsithe dá cuid agus an leabhar ba iomráití díobh.
 
== Foilseacháin ==
21,890

edits