An difríocht idir athruithe ar: "Dónall Ó Conaill"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 21:
|céile =
|}}
Polaiteoir [[Éire]]annach as [[Ciarraí]] ab ea '''Dónall Ó Conaill''' ([[6 Lúnasa]], [[1775]] – [[15 Bealtaine]], [[1847]]). Ba dhaoine saibhre iad muintir Uí Chonaill. Chuaigh Dónall ar an ollscoil, agus bhain sé amach céim dlí. Rinneadh abhcóide de. Chuaigh sé le polaitíocht níos déanaí. Bhí sé i gcoinne [[Acht an Aontais 1800|Acht an Aontais]], agus d’oibrigh sé go dian chun saoirse na g[[Caitliceachas|Caitliceach]] a bhaint amach, iarracht ar a dtugtar [[Fuascailt na gCaitliceach]]. Toghadh é go Westminster sa bhliain [[1828]]. Tugadh saoirse iomlán do na Caitlicigh sa bhliain [[1829]]. Cailleadh an Conallach in 1847, agus cáil air ar fud na hEorpa faoin am sin.
 
==Breith agus oideachas==
Rugadh Ó ConaillDónall láimh le [[Cathair Saidhbhín]] sa bhliain 1775. Bhí muintir Uí Chonaill go maith as. D'fhreastail sé ar scoil scairte i g[[Contae Chorcaí]] ar dtús. Níos déanaí, chuaighChuaigh sé thar lear go dtí [[an Fhrainc]] chun staidéar a dhéanamh ar an dlí, agus bhain sé céim amach. Rinneadh abhcóide de. Chuaigh sé le polaitíocht níos déanaí.
 
==Ó Conaill agus an Ghaeilge==
Bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla aige, rud a chabhraigh leis mar abhcóide agus mar pholaiteoir. Nuair a saolaíodh an Conallach, ba í an Ghaeilge teanga fhormhór mhuintir na hÉireann, ach bhí an Sacs-Bhéarla riachtanach i rialtas na nGall. Tá a lán scéalta béaloidis ann a thugann le fios go raibh an Ghaeilge go paiteanta aige, agus é sásta úsáid a bhaint aisti mar theanga rúnda. San am céanna, bhí sé den tuairim go raibh an Béarla ní b'úsáidí agus ní b'oiriúnaí don tsochaí chomhaimseartha a bhí ag forbairt agus ag dul chun tionsclaíochta, agus é ag tabhairt le fios gur rud maith, nó rud nádúrtha ar a laghad, a bheadh ann dar leis féin dá rachadh an Ghaeilge in éag. Bhí an dearcadh seo ag teacht leis an aisling a bhí aige i gcúrsaí eile freisin: dúirt sé go hoscailte go raibh sé ag teastáil uaidh "Briotanaigh thiar" nó ''West Britons'' a dhéanamh de na Gaeil - is é sin, daoine a mbeadh cearta sibhialta, teanga agus cultúr na Sasanach acu.
 
===Scéal tipiciúil béaloidis faoin gConallach agus an Ghaeilge===