Is í '''Chicago''' (nó '''Siceágó''') an chathair is mó sa stát [[Illinois]], agus an tríú cathair is mó i [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]], tar éis [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]] agus [[Los Angeles]]. Tugtar na leasainmneacha "An Chathair Ghaofar" ("The Windy City" as [[Béarla]]) agus "An Dara Cathair" ("The Second City" as Béarla) ar an gcathair go minic. Tá an chathair suite ar bhruach [[Loch Michigan]], agus tá beagnach deich milliún duine ina gcónaí sa chathair féin agus sna chomharsanachtaí máguaird. Tá is mó daoine Éireannach ina chonaí anseo den tír eile ar bith.