An difríocht idir athruithe ar: "Guerra de guerrillas"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is [[leabhar]] é '''Guerra de guerrillas''' (Treallchogaíocht i [[Spáinnis]]) a scríobh an muirthéachtaí agus [[treallchogaíocht|treallchogaí]] Mharxach [[An Airgintín|Airgintíneach]]-Cúbach [[Che Guevara]]. Foilsíodh i g[[Cúba]] é sa bhliain [[1960]], tamaillín tar éis gur éirigh le [[Fidel Castro]] agus a lucht leanúna, ina raibh Guevara mar cheann de na taoisigh, an bua a fháil sa chogadh a threascair an deachtóir [[Fulgencio Batista]].
 
Bheartaigh Guevara go mbeadh an leabhar mar lámhleabhar do dhaoine eile le go mbeidh siad in ann foghlaim ó cad a rinne sé agus na treallchogaithe eile a bhí mar chuid den ghluaiseacht [[Movimiento 26 de julio]] fad is a bhí siad ag troid. Theastaigh uaidh go mbainfidh sochraidí Mharxacha eile leas as a smaointe agus go gcuirfidh siad i bhfeidhm iad sna háiteanna ina raibh siad gníomhach, cibé acu [[Meiriceá Laidineach]], [[An Afraic]] nó [[An Áise]]. Dá bhíthin sin, aistríodh an leabhar go [[An Béarla|Béarla]] agus [[An Phortaingéilis|Portaingéilis]] don [[CIA]] agus léigh na sochraidí fhrith-éiritheach é chun ceachtanna a fhoghlaim conas dul i ngleic le treallchogaithe. Bhí sé mar ábhar léite sa longfort conspóideach a bhí faoi stiúir an CIA i bPanama, Scoil na Meiriceá (Escuela de las Américas). Tharla an rud céanna nach mór leis an leabhar ''“Minimanual del guerrillero urbano”'', [[1969]], a scríobh an [[An Bhrasaíl|Brasaíleach]] [[Carlos Marighella]]. Aistríodh a leabhar go Béarla agus Spáinnis.
 
Cé go bhfuil a lán cosúlachtaí idir a leabhar agus an leabhar a scríobh an taoiseach [[An tSín|Síneach]] [[Mao Zedong]], ''"Maidir le Treallchogaíocht"'', mhaígh Guevara nár léigh sé an leabhar sin riamh. Dúirt sé scríobh sé a shaothar bunaithe ar a thaithí féin fad agus a bhí sé ag fearadh cogadh, a chríochnaigh le bua ar an 1 Eanáir, 1959. Ina theannta sin, léigh Guevara dhá leabhar a foilsíodh le linn [[Cogadh Cathartha na Spáinne]] ([[1936]]-[[1939]]), dar teideal "''Cogaí Nua''" agus "''Leighis i gcoinne Gabháltas''" faoi seach. Leag na leabhair seo béim ar thábhacht spreagadh polaitiúil agus modhanna eagraíochta.
 
Os a chionn sin, mhaígh Guevara gur beart den scoth í treallchogaíocht chun troid in aghaidh rialtais ansmachtúla, mar a bhí an rialtas ag [[Fulgencio Batista]] i gCúba féin. Mar sin féin, mhol sé leas a bhaint as gach dóigh chun dul i ngleic "go dleathach" le "rialtais daonlathacha meánaicmeacha" roimh dul i muinín an fhoréigin.