An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge i Meiriceá"

Content deleted Content added
m litriú
Líne 58:
====Ciníocha agus Cogadh====
[[Image:Battle_of_Fredericksburg,_Dec_13,_1862.png|thumb|left|Cath Fredericksburg (1862)]]
Ar dhuganna [[Nua-Eabhrac]] agus [[Baltimore, Maryland|Baltimore]] bhí achrann fíorghránna idir sclábhaithe Éireannacha (ar dócha gur chainteoirí dúchais Gaeilge cuid mhaith acu) agus na fir ghorma a bhíodh ag obair ann. Ba é comhrac na mbochtán eatarthu féin é agus ba líonmhaire na Gaeil.
 
Faoin mbliain 1863, nuair a bhí an [[Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe|Cogadh Cathartha]] faoi lán seoil, bhí greim daingean ag na hÉireannaigh ar na duganna agus ceardchumann scaoilte curtha ar bun acu. D'éirigh siad amach in éadan an choinscríofa agus i gcoinne fhuascailt na ndaor (níor theastaigh breis coimhlinte uathu i gcúrsaí oibre). D'ionsaigh siad oifigí liostála, stórais chogaidh, tithe na dtoicithe, misin Phrotastúnacha agus na fir ghorma féin - liosta cuimsitheach naimhde a shoiléiríonn aigne na mbochtán i Nua-Eabhrac. Thóg siad baracáidí agus b'éigean do shaighdiúirí a bhí tagtha ar ais ó chath Gettysburg na sráideanna a ghlanadh faoi chumhdach gunnaí móra. (Os a choinne sin, bhí na hÉireannaigh agus na hoibrithe gorma sásta seasamh le chéile i gcuanta an deiscirt tamall de bhlianta ina dhiaidh sin.)<ref>Montgomery, lch 143, lch 147.</ref>
[[Image:Battle of Fair Oaks Meagher.jpg|thumb|left|An Ginearál Tomás Ó Meachair agus saighdiúirí Éireannacha ag Cath Fair Oaks, 1 Meitheamh 1862.]]