An difríocht idir athruithe ar: "An Liobáin"

Content deleted Content added
mionathruithe
Líne 46:
 
==An Córas Polaitiúil==
B'iad na [[An_Chríostaíocht|Críostaithe]] Márúnacha an tseict ba chumhachtaí nuair a cruthaíodh an Liobáin Mhór in 1920, agus iad i bhfabhar ag na húdaráis Fhrancacha. Faoin am chéanna b'iad na [[Ioslam|Moslamaigh]] Shunnacha an dara dream ó thaobh cumhachta de agus bhí an tríú áit ag na Moslamaigh Shíacha. B'iad na Críostaithe Caitliceacha Gréigeacha agus [[Ceartchreidmheachas|Ceartchreidmheacha]] Gréigeacha agus na Moslamaigh Dhrúsacha na grúpaí eile ba mhó tábhachta. Mar gheall air sin cuireadh socrú [[polaitíocht]]a, ar a dtugadh an Pact Náisiúnta, ar bun sna 1940í a gheall post Uachtarán na Poblachta do Chríostaí Marúnach, post Uachtarán Chomhairle na nAirí do Mhoslamach Sunnach, agus post Uachtarán na Parlaiminte do Mhoslamach Síach. Rinneadh socrú a scar suíocháin na Parlaiminte ar bhunús 6:5 idir na seicteanna Críostúla agus na seicteanna Muslamacha fosta. De réir a chéile tháinig nós i bhfeidhm maidir le postanna riaracháin agus postanna míleata a scaradh de réir na seicte fosta. Tháinig athrú ar na socruithe seo i ndiaidh Chogadh Sibhialta na Liobáine a mhair ó 1975 go 1990, nuair a hathscaradh suíocháin na Parlaiminte ar bhunús cothrom idir Críostaithe agus Moslamaigh agus tugadh roinnt cumhachtaí, a bhí ag Uachtarán na Poblachta roimhe sin, don rialtas. Rinneadh a leithéid mar gheall ar an bhorradh suntasach a bhí tagtha ar chion na Moslamach sa daonra, agus cion na Moslamach Síach go háirithe, ó aontaíodh an Pact Náisiúnta an chéad uair.
 
==Na Palaistínigh sa Liobáin==