An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh na Saoirse (Éire)"

Content deleted Content added
Líne 74:
=="Anois, caithigí bhur gcuid pléascán linn!"==
 
Idir an 15ú agus an 17ú lá de Mhí Eanáir, 1921, chuir na saighdiúirí Gallda [[cuirfiú]] i bhfeidhm ar an gcuid de Bhaile Átha Cliath idir [[Sráid Capel]], [[Sráid an Teampaill]], [[Sráid an Rí Thuaidh]] agus [[na Céanna]] i lár na cathrach. Cuireadh imdhúnadh iomlán ar an limistéar seo gan aon duine a ligean thar na pointí seiceála. Ansin, cuardaíodh gach aon teach ó úrlár go síleáil, ach níor thángthas trasna ar mhórán arm ná lón cogaidh. Is dócha gur chuir an turas in aistear seo le frustrachas na saighdiúirí, agus iad ag éirí níos brúidiúla in aghaidh an lae: i ndeireadh Mhí Eanáir, thosaigh siad ag tabhairt príosúnaigh Phoblachtacha mar ghialla ar a gcuid trucailí, agus gach trucail ag taispeáint an téacs ''Bomb us Now!'' ar an taobh amuigh. Ó thug na hiriseoirí coimhthíocha tuairisc air seo do na nuachtáin, héiríodhéiríodh as an gcleachtadh go sciobtha.
 
Ina dhiaidh sin, thosaigh na Sasanaigh líon a chur timpeall gach trucail leis na [[pléascáinín láimhe|pléascáiníní láimhe]] a choinneáil amuigh. Ansin, ghreamaíodh an tIRA bacán de gach pléascáinín, i gcruth is go rachadh sé i bhfostú sa líon.