An difríocht idir athruithe ar: "Tianjin"

Content deleted Content added
{{infobox}}
Líne 28:
 
Bhí [[Dara Cogadh an Óipiam]] faoi lánseol sa bhliain 1856 nuair a chuaigh saighdiúirí Síneacha ar bord ''The Arrow'', long Síneach a bhí cláraithe i [[Hong Cong]] agus a raibh bratach na Breataine ar foluain aici. Ceapadh go raibh an long páirteach i smuigleáil, i bpíoráideacht, agus i dtrádáil an chodlaidín, nó óipiam. Gabhadh 12 fear ar an long agus cuireadh faoi ghlas iad. Mar fhreagra, i mBealtaine na bliana 1858, chuir na Breatnaigh agus na Francaigh báid ghunnaí faoi cheannas an Aimiréil Sir Michael Seymour le daingnithe Taku, lámh le Tianjin, a ghabháil. An mhí ina dhiaidh sin, síníodh Conarthaí Tianjin, a d’oscail Tianjin don trádáil eachtrannach.
 
Bhunaigh na Sasanaigh agus na Francaigh lámhaltais sa chathair, agus faoi dheireadh na haoise, bhí a lamháltais féin ag líon mór tíortha eile ann chomh maith. Tháinig na [[an tSeapáin|Seapánaigh]], na [[an Ghearmáin|Gearmánaigh]], agus na [[an Rúis|Rúisigh]] ar dtús, agus sula i bhfad bhí a lonnaíochtaí féin ag [[an Ostair-Ungáir]], ag [[an Iodáil]], agus ag [[an Bheilg|an mBeilg]]. Bhí scoileanna, ospidéil, príosúin, agus beairicí dá gcuid féin ag gach tír acu. Faoi thús an 20ú céad, bhí 200,000 duine sa chathair, leath díobh ar a laghad sna lamháltais eachtrannacha. D’fhág na tíortha seo a rian ar chuma na cathrach, go mór mhór ag ailtireacht na neaglaisí agus na mílte tithe a thóg siad inti. Blas coimhthíoch atá ar Tianjin inniu dá bharr sin.
 
[[Catagóir:Cathracha na Síne]]