An difríocht idir athruithe ar: "Tianjin"

Content deleted Content added
Líne 29:
Bhí [[Dara Cogadh an Óipiam]] faoi lánseol sa bhliain 1856 nuair a chuaigh saighdiúirí Síneacha ar bord ''The Arrow'', long Síneach a bhí cláraithe i [[Hong Cong]] agus a raibh bratach na Breataine ar foluain aici. Ceapadh go raibh an long páirteach i smuigleáil, i bpíoráideacht, agus i dtrádáil an chodlaidín, nó óipiam. Gabhadh 12 fear ar an long agus cuireadh faoi ghlas iad. Mar fhreagra, i mBealtaine na bliana 1858, chuir na Breatnaigh agus na Francaigh báid ghunnaí faoi cheannas an Aimiréil Sir Michael Seymour le daingnithe Taku, lámh le Tianjin, a ghabháil. An mhí ina dhiaidh sin, síníodh Conarthaí Tianjin, a d’oscail Tianjin don trádáil eachtrannach.
 
Bhunaigh na Sasanaigh agus na Francaigh lámhaltais sa chathair, agus faoi dheireadh na haoise, bhí a lamháltais féin ag líon mór tíortha eile ann chomh maith. Tháinig na [[an tSeapáin|Seapánaigh]], na [[an Ghearmáin|Gearmánaigh]], agus na [[an Rúis|Rúisigh]] ar dtús, agus sula i bhfad bhí a lonnaíochtaí féin ag [[an Ostair-Ungáir]], ag [[an Iodáil]], agus ag [[an Bheilg|an mBeilg]] freisin. Bhí scoileanna, ospidéil, príosúin, agus beairicí dá gcuid féin ag gach tír acu. Faoi thús an 20ú céad, bhí 200,000 duine sa chathair, leath díobh ar a laghad sna lamháltais eachtrannacha. D’fhág na tíortha seo a rian ar chuma na cathrach, go mór mhór agle ailtireachthailtireacht na neaglaisí agus na mílte tithe a thóg siad inti. Blas coimhthíoch atá ar Tianjin inniu dá bharr sin.
 
Ar na himeachtaí ba fhoréigní sa tréimhse sin bhí Eachtra Shéipéil (nó Chreidimh) Tianjin i Meitheamh na bliana 1870. Tharla teach pobail a bheith tógtha ag misinéirí Caitliceacha ón bhFrainc sa chathair, an Wanghailou, chomh maith le dílleachtlann. Cuireadh fuadach agus síolteagasc páistí Síneacha i leith na mban rialta a bhí i mbun na dílleachtlainne. Géaraíodh an teannas agus scaoil saighdiúirí Francacha faoi cheannas chonsal na Fraince a ngunnaí san "yamen", oifig riaracháin áitiúil Síneach. Chuir sin fearg ar na sluaite a chruinnigh sna sráideanna agus mharaigh siad 30-40 Síneach Críostaí agus 21 eachtrannach, an consal ina measc. Dódh an séipéal agus [[consalacht]] na Fraince. Rinne an Fhrainc agus sé thír eile gearán leis an rialtas [[Ríshliocht Qing|Qing]]. Ní raibh aon dul as acu seo ach cúiteamh a thabhairt, idir airgead agus phionós an bháis ar shé dhuine dhéag.
 
 
[[Catagóir:Cathracha na Síne]]