An difríocht idir athruithe ar: "Nancy Pelosi"

polaiteoir Meiriceánach
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is polaiteoir Meiriceánach í '''Nancy Patricia D’Alesandro Pelosi''' (26 Márta, 1940 - ). Ionadaí í de chuid an [[Páirtí ...'
(No difference)

Leagan ó 02:49, 25 Samhain 2010

Is polaiteoir Meiriceánach í Nancy Patricia D’Alesandro Pelosi (26 Márta, 1940 - ). Ionadaí í de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh chuig Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe, ar son an Ochtú Ceantar Comhdhála i gCalifornia, a chuimsíonn an chuid is mó de chathair San Francisco. Ceannaire Comhairle an Teach Ionadaithe atá inti faoi láthair sa 111ú Comhdháil. Thogh a comhbhaill Dhaonlathacha sa Teach í mar Cheannaire an Mhionlaigh don 112ú Comhdháil, a thosnóidh i mí Eanáir, 2011.

Mar Cheann Comhairle, is í an dara duine (i ndiaidh an leasuachtaráin) mar chomharba ar uachtarán na Stát Aontaithe mura mbeadh sé seo ábalta a chuid cúraimí a chomhlíonadh. Is í an chéad bhean san oifig úd agus, mar sin, is í an bhean is airde oifig i stair SAM go dtí seo. (Is í an chéad duine as California agus an chéad duine de shliocht Iodálach sa phost sin freisin.) Tógfaidh John Boehner a háit mar Cheann Comhairle san 112ú Comhdháil.