An difríocht idir athruithe ar: "Ficsean"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is éard atá i bhficsean sa chiall is leithne den fhocal ná téacs ar bith a bhaineann le heachtraí nach eachtraí fírinneacha iad. Samhlaíocht an údair (nó na n-ú...'
(No difference)

Leagan ó 14:56, 26 Nollaig 2010

Is éard atá i bhficsean sa chiall is leithne den fhocal ná téacs ar bith a bhaineann le heachtraí nach eachtraí fírinneacha iad. Samhlaíocht an údair (nó na n-údar) bunús an téics. I gcomhthéacs na litríochta scríofa is minicí a úsáidtear an téarma ficsean, ach úsáidtear é maidir i réimsí na scannánaíochta agus na teilifíse freisin. Malairt fhicsin ná neamhfhicsean, réimse sa litríocht de shaothair a phléann eachtraí fírinneacha.

Formáidí éagsúla

An t-úrscéal an seánra is coitianta san fhicsean, ach áirítear gearscéalta, drámaíocht agus fiú filíocht ar réimsí an fhicsin freisin.