An difríocht idir athruithe ar: "Scairdsruth"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Jet Stream.jpg|thumb| ]]
[[Aerchúrsaíocht]] ardluais chaol, a bhíonn in airde san atmaisféar ar roinnt [[pláinéad]] lena n-áirítear an [[domhan]], is ea''' scairdsruth'''. Bíonn fáil ar na príomh scairdsruthanna in aice leis an [[trópastad]] , idirchrios idir an [[trópaisféar]] (ina laghdaíonn teocht le hairde) agus an [[strataisféar]] (ina mhéadaíonn teocht le [[airde|hairde]]). Is ‘gaotha aniar’ iad príomh scairdsruthanna an domhain (a séideann aniar- soir ). [[Lúb|Lúbann]] cruth a gconairí ; is féidir le scairdsruthanna tosú, stad, scoilt ina dhá chuid nó níos mó, comhcheangal le chéile in aon sruth amháin , nó imeacht i dtreonna éagsúla, lena n-áirítear i treo contrártha ó bpríomh threo na scairde. Is iad na scáirdeanna polacha na sruthanna is láidre, ag thart ar 7-12 km os cionn leibhéal na farraige, agus na scairdeanna fo-thrópaiceacha a bhíonn ábhairín níos airde agus níos laige ag thart ar 10-16 km. Bíonn scáird pholach agus scaird fho-thrópaiceach san [[leathsféar thuaidh]] agus san [[leathsféar theas]]. Sreabhann scáird pholach an leathsféir thuaidh ar lár leithead thuaidh [[Meiriceá Thuaidh|Mheiriceá Thuaidh]], na [[An Eoraip|hEorpa]], na [[An Áise|hÁise]] agus a n-aigéan idir eatarthu, cé go sreabhann scáird pholach an leithead theas san [[Antartaice]] de ghnáth i gcaitheamh na bliana.
 
Rothlú pláinéadach ar [[ais an rothlaithe|ais a rothlaithe]] maille le téamh an atmaisféir (trí radaíocht ghréine agus , ar phlainéid eile seachas an domhan, teas inmheánach) is cúis le scairdsruthanna. Déanann an [[iarmhairt Coriolis]] cur síos ar conas a rothlaíonn dromchla agus atmaisféar an phláinéid níos tapúla i gcoibhneas lena chéile ag meánchiorcal an phláinéid cé go mbíonn beagán rothlach ar na [[pol geografaíocha|poil]]. Cé go ginearálta nach mbíonn morán tionchair ag difríocht luais ar dhromchla an phláinéid, imríonn sé ról tábhachtach i sruthanna an aeir atmaisféirigh toisc go mbíonn ar an aer ag leibhéil níos aired an atmaisféir, go háirithe in aice leis an [[Meánchiorcal|Mheánchiorcal]], taisteal go han-tapa chun coimeád suas le rothlú an phláinéid. Dá bhrí sin, tá claonadh ag an aer ag leibhéil níos airde an atmaisféir a bheith" sleamhnaithe" agus titim taobh thiar de luas an aeir faoin a bhun . Mar thoradh ar seo tarlaíonn méadú ar an mbrú taobh thiar den aer " sleamhnaithe " , agus mar sin bíonn ar roinnt aeir breith suas trí ghluaiseacht sa treo ginearálta céanna le rothlú an phláinéid (siar go soir ar an Domhan) ach, ní leanann an t-aer seo patrún simplí ach ina ionad sin bíonn sé faoi thionchar a chuid teochta agus cion a chuid bogthaise i gcomparáid le réigiúin aeir mórthimpeall. Go bunúsach, seachas an t-atmaisféar ag bogadh go seasta i ndiaidh a chéile leis an phláinéad, taistilíonn codanna an atmaisféir níos ná a chéile trí scaird sruthanna.
 
{{síol}}