An difríocht idir athruithe ar: "Tianjin"

Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: az:Tyantszin
No edit summary
Líne 29:
Bhí [[Dara Cogadh an Óipiam]] faoi lánseol sa bhliain 1856 nuair a chuaigh saighdiúirí Síneacha ar bord ''The Arrow'', long Síneach a bhí cláraithe i [[Hong Cong]] agus a raibh bratach na Breataine ar foluain aici. Ceapadh go raibh an long páirteach i smuigleáil, i bpíoráideacht, agus i dtrádáil an chodlaidín, nó óipiam. Gabhadh 12 fear ar an long agus cuireadh faoi ghlas iad. Mar fhreagra, i mBealtaine na bliana 1858, chuir na Breatnaigh agus na Francaigh báid ghunnaí faoi cheannas an Aimiréil Sir Michael Seymour le daingnithe Taku, lámh le Tianjin, a ghabháil. An mhí ina dhiaidh sin, síníodh Conarthaí Tianjin, a d’oscail Tianjin don trádáil eachtrannach.
 
Bhunaigh na Sasanaigh agus na Francaigh lámhaltais sa chathair, agus faoi dheireadh na haoise, bhí a lamháltais féin ag líon mór tíortha eile ann chomh maith. Tháinig na [[an tSeapáin|Seapánaigh]], na [[an Ghearmáin|Gearmánaigh]], agus na [[an Rúis|Rúisigh]] ar dtús, agus sula i bhfad bhí a lonnaíochtaí féin ag [[an Ostair-Ungáir]], ag [[an Iodáil]], agus ag [[an Bheilg|an mBeilg]] freisin. Bhí scoileanna, ospidéil, príosúin, agus beairicí dá gcuid féin ag gach tír acu. Faoi thús an 20ú céad, bhí 200,000 duine sa chathair, leath díobh ar a laghad sna lamháltais eachtrannacha. D’fhág na tíortha seo a rian ar chuma na cathrach, go mór mhór le hailtireacht na neaglaisí agus na mílte tithe a thóg siad inti. Blas coimhthíoch atá ar Tianjin inniu dá bharr sin.
 
Ar na himeachtaí baab fhoréigní sa tréimhse sin bhí Eachtra Shéipéil (nó Chreidimh) Tianjin i Meitheamh na bliana 1870. Tharla teach pobail a bheith tógtha ag misinéirí Caitliceacha ón bhFrainc sa chathair, an Wanghailou, chomh maith le dílleachtlann. Cuireadh fuadach agus síolteagasc páistí Síneacha i leith na mban rialta a bhí i mbun na dílleachtlainne. Géaraíodh an teannas agus scaoil saighdiúirí Francacha faoi cheannas chonsal na Fraince a ngunnaí san "yamen", oifig riaracháin áitiúil Síneach. Chuir sin fearg ar na sluaite a chruinnigh sna sráideanna agus mharaigh siad 30-40 Síneach Críostaí agus 21 eachtrannach, an consal ina measc. Dódh an séipéal agus [[consalacht]] na Fraince. Rinne an Fhrainc agus sé thír eile gearán leis an rialtas [[Ríshliocht Qing|Qing]]. Ní raibh aon dul as acu seo ach cúiteamh a thabhairt, idir airgead agus phionós an bháis ar shé dhuine dhéag.
 
Nuair a tharla [[Éirí Amach na mBocsar]] sa tSín, d’éirigh leis na reibiliúnaigh cuid de Tianjin a chur faoina smacht. Bhí lámhaltais na n-eachtrannach faoi léigear acu sin ar feadh roinnt seachtainí. I mí Iúil, sa bhliain 1900, rinne Comhghuaillíocht na nOcht Náisiún ionsaí ar na Bocsair sa chathair agus chuir siad ruaig orthu. Chuir na comhghuaillithe seo Rialtas Sealadach Tianjin ar bun, a raibh ionadaithe de chuid na náisiún éagsúil páirteach ann. Tugadh rialú na cathrach ar ais do na Qing ar 15 Lúnasa, 1902. Thug [[Yuan Shikai]], ginearál Síneach cáiliúil na linne, faoin chathair a chur in oiriúint don aois nua. Chuir sé póilíneacht agus toghcháin do chomhairle na cathrach ar siúl don chéad uair riamh sa tSín.
 
I ndiaidh Éirí Amach na mBocsar, fuair na tíortha coimhthíocha cead garastúin a choimeád in Tianjin chun go mbeadh a gcuid fórsaí ábalta Péicing a bhaint amach go réidh. Bhí dhá chathlán ag na Briotanaigh, ach níor ghlac na Meireacánaigh páirt ann ar feadh tamaill sách fhada. Le linn an [[Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Chogaidh Dhomhanda]], ghabh Forsaí na gComhghuaillí garastúin na Gearmáine agus Impireacht na hOstaire-Ungáire, agus coimeádadh na saighdiúirí sin mar phríosúnaigh chogaidh. Bhain an rialtas Boilséiveach an garastún Rúiseach den chathair sa bhliain 1918. In 1920 d’iarr na náisiúin eile ar na Stáit Aontaithe trúpaí a chur ann, rud a rinne an tír úd. Ba [[George C. Marshall]], ginearál tábhachtach eile sa chéad leath den 20ú haois, a bhí i gceannas ar shaighdiúirí Mheireacá in Tianjin (ar thaitníodh seirbhís in Tianjin leo). Bhain na Meireacánaigh a gcuid forsaí de Tianjin sa bhliain 1938.
 
Ar na himeachtaí ba fhoréigní sa tréimhse sin bhí Eachtra Shéipéil (nó Chreidimh) Tianjin i Meitheamh na bliana 1870. Tharla teach pobail a bheith tógtha ag misinéirí Caitliceacha ón bhFrainc sa chathair, an Wanghailou, chomh maith le dílleachtlann. Cuireadh fuadach agus síolteagasc páistí Síneacha i leith na mban rialta a bhí i mbun na dílleachtlainne. Géaraíodh an teannas agus scaoil saighdiúirí Francacha faoi cheannas chonsal na Fraince a ngunnaí san "yamen", oifig riaracháin áitiúil Síneach. Chuir sin fearg ar na sluaite a chruinnigh sna sráideanna agus mharaigh siad 30-40 Síneach Críostaí agus 21 eachtrannach, an consal ina measc. Dódh an séipéal agus [[consalacht]] na Fraince. Rinne an Fhrainc agus sé thír eile gearán leis an rialtas [[Ríshliocht Qing|Qing]]. Ní raibh aon dul as acu seo ach cúiteamh a thabhairt, idir airgead agus phionós an bháis ar shé dhuine dhéag.
 
[[Catagóir:Cathracha na Síne]]