An difríocht idir athruithe ar: "Tianjin"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 22:
Is cathair agus bardasacht neamhspleách ar mhachaire oirthuaisceart na [[an tSín|Síne]] í '''Tianjin''' ([[Sínis]]: 天津 ; hanyu pinyin: ''Tiānjīn''; litriú traidisiúnta an chórais phoist: ''Tientsin''). Tá Tianjin ar cheann de na ceithre chathair sa tír atá faoi smacht díreach an rialtais náisiúnta agus nach cuid de chúigí iad (amhail roinnt chathracha na hÉireann, ach go bhfuil ceantracha tuaithe sách fairsinge sna bardasachtaí neamhspleácha sa tSín). Tá Bardasacht Tianjin ag críochantacht le Bardasacht [[Béising]] ar an taobh thiar-thuaidh, le Murascaill Bohai ar an taobh thoir, agus le Cúige [[Hebei]] ar gach taobh eile. Is í Tianjin an séú cathair is mó sa tír úd agus an cúigiú ceantar uirbeach is mó d’achar ann, i ndiaidh Béising, [[Shanghai]], [[Guangzhou]], agus [[Shenzhen]]. Tá an chathair Tianjin suite timpeall is 92 míle slí (150 km) ó dheas soir ó Bhéising. Tá calafort tábhachtach ag Tianjin ar an mBohai. Tá isteach is amach le deich milliún duine ar fad ina gcónai in Tianjin.
 
Tá cathair Tianjin suite ar bhruacha na [[Hai He]], abhainn atá ceangailte le dhá abhainn mhóra na Síne, an [[Yangtze]] agus an [[Huang He]], tríd an [[Canáil Ríoga|Chanáil Ríoga]]. Tá calafort Tianjin ar an mBohai, ar chuid den [[Muir Bhuí|Mhuir Bhuí]] agus den [[Aigéan Ciúin]] é, achar áirithe ón gcathair féin. Bhíodh lámhaltas trádála ag roinnt tíortha eachtrannacha in Tianjin le linn an [[ríshliocht Qing|ríshleachta Qing]] dhéanaigh agus faoi réimeas luath an [[KuomindangKuomintang]] sa 20ú aois.
 
== Stair ==
Líne 41:
[[File:Tien Tsin.jpg|mion|left|Tien Tsin|Báid feadh chladaigh Tianjin sa tsean-am]]
 
Mhair seilbh na Seapánach ar an gcathair go dtí 15 Lúnasa, 1945. Sheas na fórsaí Meiriceánacha sa bhearna ansin go raibh [[Chiang Kai-shek]] agus na Náisiúnaithe (.i. fórsaí an [[Kuomintang]]) ábalta Tianjin (agus Péicing) a bhaint amach. Thit an chathair do na Cumannaigh Shíneacha ar 15 Mí Eanáir, 1949. <ref>Jung Chang agus Jon Halliday (2005). ''Mao: The Unknown Story'', lch. 309. Alfred A. Knopf, Nua-Eabhrac.</ref>
 
Bhí geilleagar na cathrach marbhánta sna 1950idí<ref>Chang agus Halliday, lch. 328.</ref> agus níor tháinig aon rath faoi leith air go dtí am éigin i ndiaidh na [[Réabhlóid Chultúrtha|Réabhlóide Cultúrtha]] sna 1970idí. Thóg [[Mao Zedong]] carabhuaic in Tianjin sa bhliain 1958 nuair a chonacthas é ag ithe i mbialann sa chathair, an t-aon uair a d’ith sé i mbialann sna 27 bliana a raibh sé i gcumhacht. Tháinig na deich mílte sna sráideanna ag scairteadh moltaí ar Mao; glactar gur cleas poiblíochta a bhí ann.<ref>Chang agus Halliday, lch. 424-5.</ref>