An difríocht idir athruithe ar: "Albany, Nua-Eabhrac"

Content deleted Content added
Ranna ++
GRMA, a GL, as do chabhair. Am an-teoranta a bhí agam ar an ríomhaire feadh tamaill.
Líne 17:
|líonláithreán = www.albanyny.org
}}
PríomhbhailePríomhchathair [[Nua-Eabhrac (stát)|Stát Nua-Eabhrac]] i [[SAM]] is ea '''Albany''', suite 150 míle slí (240 km) ó thuaidh de [[Nua-Eabhrac (cathair)|Chathair Nua-Eabhrac]] ar an mbruach thiar den [[Abhainn Hudson]]. Bhí 93,539 duine ina gcónaí in Albany sa bhliain 2008 de réir meastachán Bhiúro an Daonáirimh, a mheas freisin (2009) go raibh 857,592 duine ina gcónaí sa cheantar uirbeach ar fad. Ceantar an Phríomhbhaile ("Capital District") a thugtar ar Albany in éineacht le roinnt cathracha atá ina aice, dála Troy agus Schenectady.
 
Chuir na chéad Eorpaigh futhufúthu san áit a bhfuil Albany anois sa bhliain 1614, sular bunaíodh Nua-Amstardam (Cathair Nua-Eabhrac inniu). Tá Albany ar na bailte is sine de chuid lonnaíochtaí na 13 coilíneacht i Meireacá. Na hOllannaigh a bhunaigh Albany mar ionad trádála leis na hIndiaigh Mheireacánacha, ag cur Dúnfort Nassau ar bun sa bhliain céanna udúd agus Dúnfort Oráiste sa bhliain 1624. Spreag trádáil na bhfionnadh fás daonra timpeall Dúnfort Oráiste; Beverwijck a tugadh ar an tsráidbhaile seo. Nuair a ghabh na BiotanaighBriotanaigh an baile sa bhliain 1664, bhaist siad as an nua é in onóir Diúc Albany ([[Séamas III, Rí na nAlbanach]] ní ba dhéanaí). As "Albain" a tháinig an t-ainm "Albany".
 
Bunaíodh Albany san áit ina bhfuil sí mar níorbh fhéidir seoladh i mbád ar an Hudson mórán níos faide ná sin isteach sa tír. Thugadh na hIndiaigh a gcuid seithí ainmhithe go hAlbany agus cuireadh na seithí ar bord longa ansin don turas fada go dtí an Eoraip. D’éirigh suíomh Albany ní ba thábhachtaí go fóill de réir mar a tógadh canálacha agus iarnróid a cheangail an chathair le háiteanna níos faide anonn in aghaidh an lae. Le hoscailt an [[Canáil Erie|Chanáil Erie]], bhí feirmeoirí i Meániarthar Mheireacá ábalta a gcuid cruithneachta a chur, bealach Albany, chuig margaí i gCathair Nua-Eabhrac agus in áiteanna eile in oirthuaisceart na tíre. Cuireadh beoir, adhmad, foilseacháin, agus earraí iarainn chuig an saol mór tríd Albany chomh maith.
 
Bronnadh cairt chathrach ar Albany sa bhliain 1686 agus rinneadh príomhchathair an stáit di sa bhliain 1797. San fhichiú haois, ocslaíodh ceann de na chéad aerfoirt ar domhan in Albany. Tháinig athrach mór ar chuma na cathrach sna 1960idí i ndiaidh tógáil an Empire State Plaza agus campas de chuid SUNY, Ollscoil Stát Nua-Eabhrac. Ba faoi stiúradh an Ghobharnóir [[Nelson Rockefeller]] a tharla an chuid ba mhó den fhorbairt seo. Bhunaigh [[William Kennedy]], scríbhneoir, a chuid ficsin ar shaol mhuintir Albany.
 
{{síol}}