An difríocht idir athruithe ar: "Baile an Fheirtéaraigh"

Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: ru:Беллиферритер
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 15:
Sráidbhaile in Éirinn is ea '''An Buailtín''' nó '''Baile an Fheirtéaraigh'''. Tá sé suite in iardheisceart na tíre, in iarthar [[Corca Dhuibhne|Chorca Dhubihne]] i n[[Gaeltacht]] [[Contae Chiarraí|Chontae Chiarraí]].
 
== Ainm ==
Tugtar ''Baile an Fheirtéaraigh'' air in ómós do na Feirtéaraigh, Gael-Normannaigh a chuir fúthu in [[Ard na Caithne]] agus na [[meánaois]]eanna ag druidim chun deiridh. Tá clú agus cáil ar an bhfile [[Piaras Feiritéar]] fós. Scríobh sé an dán ''Leig díot t’airm, a mhacoimh mná''. Chuir na Gaill Feiritéar chun báis go fealltach i g[[Cill Airne]] sa bhliain 1653. Tá an t-ainm ''An Buailtín'' níos sine agus usáídtear sa cheantar é fós.
 
== Suíomh ==
Tá an sráidbhaile suite i ngar do [[Cruach Mhárthain|Chruach Mhárthain]] (cnoc gar do Chuan Ard na Caithne) i gCorca Dhuibhne, ar an mbóthar réigiúnach R559. Is féidir taistil timpeall iarthair na leithinse ar an mbóthar seo. Tá tús agus deireadh an bhóthair suite i mbaile [[Daingean Uí Chúis |an Daingin]]. Tá Baile an Fheirtéaraigh, ar an R559, Cuaird Cheann Sléibhe, agus is é seo an lonnaíocht is mó taobh thiar de bhaile an Daingin, atá thart ar 10 ciliméadar uaidh. Tá an Buailtín suite ag bun Chruach Mhárthain, agus éiríonn an tír oscailte agus íseal ar thaobh na farraige den bhóthar ar an taobh ó thuaidh. Ar feadh na mbealaí isteach go dtí an baile is iomaí radharc breá atá le fáil ar Chuan Ard na Caithne, ar an Triúr Deirféaracha thoir, agus ar Cheann Sibéal thiar.
 
== An baile ==
Ionad seirbhísí don cheantar tuaithe máguaird is ea an sráidbhaile, agus is stad tábhachtach do thurasóirí é ar Chuaird Cheann Sléibhe. Tá réimse leathan d'áiseanna agus de sheirbhísí ar fáil i mBaile an Fheirtéaraigh. Is le linn shéasúr na turasóireachta amháin atá cuid mhaith de na seirbhísí agus na háiseanna agus na seirbhísí seo ar oscailt, áfach. Tá tithe tábhairne ann sa sráidbhaile; (mar shampla Tigh Uí Chatháin, Tigh Uí Mhurchú, Tigh an tSaorsaigh) agus óstán amháin, Óstán Cheann Sibéal. Tá naíonra, bunscoil (Scoil an Fheirtéaraigh), séipéal (Naomh Uinseann), iarsmalann (Músaem Chorca Dhuibhne), caifé agus siopa ceardaíochta agus stáisiún na ngardaí ann freisin, chomh maith le hoifigí forbartha logánta atá pobalbhunaithe
(Meitheal Forbartha na Gaeltachta Teoranta agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo - ceann d’fhochomhlachtaí Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne is ea Oidhreacht Chorca Dhuibhne<ref>http://www.cfcd.ie/oidhreacht/</ref>). Tá roinnt tithe lóistín (Leaba is Bricfeasta) agus forbairtí tithe saoire i mBaile an Fheirtéaraigh agus sa cheantar máguaird. Tá an t-aon siopa ar an sráidbhaile suite tamall siar an bóthar ón sráidbhaile. Is iomaí scoláire a thagann go dtí an sráidbhaile le linn an tsamhraidh chun freastal ar chúrsaí Gaeilge ag an mbunscoil. Tá tigh ag [[Coláiste na hOllscoile, Corcaigh]] sa sráidbhaile dá mhic léinn. Dún Chíomháin is ainm dó agus tá sé suite taobh ó thuaidh de Bhaile an Fheirtéaraigh.
Líne 28:
an taobh theas de Bhaile an Fheirtéaraigh.
 
== Daonra ==
Tá Baile an Fheirtéaraigh suite laistigh de na toghranna ceantair Dún Urlann agus Márthain. Tá daonra na dtoghranna seo tar éis méadú de bheagán ó 1996, bliain a raibh daonra de 599 duine iontu, go dtí 665 sa bhliain 2002 agus 727 sa bhliain 2006. Úsáideann thart ar 70 nó 75% de mhuintir an cheantair [[an Ghaelainn]] go laethúil de réir an daonáirimh.
 
Líne 34:
turasóireachta agus na seirbhísí ina bhfoinse thábhachtach fostaíochta freisin.
 
== Stair ==
Tá [[Dún an Óir]] suite idir An Buailtín agus [[Cuan Ard na Caithne]]. [[Dún ceann tíre]] a tógadh i rith na h[[Iarannaois]]e is ea é. Is ann a tharla Ár Ard na Caithne le linn léigir Ard na Caithne. Rinne fórsáí [[Arthur Grey]] sléacht ar na hIodálaigh agus na Spáinnigh a tháinig go [[Cúige Mumhan]] chun páirt a ghlacadh sa dara hÉirí Amach i nDeasumhain, a bhí ar siúl ag an am sin faoi cheannas [[Shéamais Mhic Mhuiris Mhic Gearailt]].
 
Líne 40:
bhóthair seo, mar gheall ar leithead agus ailíniú an bhóthair, agus mar gheall ar airde na dtailte san áit seo.
 
== Timpeallacht Nádúrtha ==
Tá Limistéar ainmnithe Oidhreachta Náisiúnta ar an taobh thuaidh agus taobh thiar de Bhaile an Fheirtéaraigh. Is é atá san LON seo ná Dumhcha agus Riasca Chuan Ard na Caithne.
 
== Oidhreacht Seandálaíochta ==
Tá an sráidbhaile suite i gceantar ina bhfuil saibhreas seandálaíochta, agus deirtear go bhfuil an Buailtín lonnaithe sa mhíle cearnach is saibhre oidhreachta Críostaí in Éirinn. Tá séadchomhartha taifeadtha, Ke042 088, ann, uaimh thalún ag an nGort Mór.
 
== Rásaí Bhéal Bán ==
Bíonn na rásaí seo ar siúl ar an tráigh i ngar do Bhaile an Fheirtéaraigh i mí na Bealtaine.<ref>http://www.obaircorcadhuibhne.ie/nuacht/index.html</ref>
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
== Naisc sheachtracha ==
* [http://www.beo.ie/index.php?archive_id=45&page=archive_content Alt de chuid beo.ie faoi Chorca Dhuibhne]
 
[[Catagóir:Bailte i gContae Chiarraí]]