An difríocht idir athruithe ar: "Charles Stewart Parnell"

m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
(+bosca)
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
|céile =[[Katharine O'Shea]] (1875–1891)
|}}
Polaiteoir [[Éire|Éireannach]]annach ab ea '''Charles Stewart Parnell''' ([[27 Meitheamh]], [[1846]] – [[6 Deireadh Fómhair]], [[1891]]).
 
Duine de na ceannairí ba thábhachtaí in Éirinn agus sa [[Ríocht Aontaithe]] sa [[19ú haois|naoú haois déag]] ab ea Parnell, agus tugtar an leasainm "Rí gan choróin na hÉireann" air. Ba bhall de Theach na dTeachtaí é ó 1875 ar aghaidh. Uachtarán [[Conradh na Talún|Chonartha na Talún]] ab ea é, agus theastaigh [[Rialtas Dúchais]] uaidh.
Bhí cónaí air i n[[Gleanntáin na hAbhainn]], [[Ráth Droma]], [[Contae Chill Mhantáin]], agus tá a eastát oscailte don phobal inniu.
 
== Conradh na Talún ==
Bhunaigh [[Mícheál Dáibhéad (polaiteoir)|Mícheál Dáibhéad]] Conradh na Talún sa bliain 1879. Ba é Parnell an chéad uachtarán ar an gConradh. Theastaigh ó Chonradh na Talún deireadh a chur le cíosanna arda agus díshealbhú, agus deis a thabhairt do thionúntaí an talamh a cheannach dóibh féin. Bhí modhanna síochánta ag an gConradh. Cuireadh cruinnithe ar siúl áit ar bith a raibh trioblóid ann, agus cuireadh baghcait i bhfeidhm.
 
Chuir cumhacht an Chonartha eagla ar an rialtas Gallda agus gabhadh Parnell. Bhí sé i bpríosún ar feadh tamaill. Scaoileadh saor é nuair a dhiúltaigh tionóntaí cíos ar bith a íoc. Sa bhliain 1881 tháinig acht i bhfeidhm a bhunaigh cúirteanna talún chun cíos cothrom a shocrú. As sin amach ní bheadh tiarna talún in ann tionónta a dhíshealbhú má bhí an cíos íoctha aige.
 
== Rialtas Dúchais ==
Theastaigh ó Pharnell deireadh a chur le h[[Acht an Aontais]] agus Rialtas Dúchais a bhaint amach.<ref>Paul Bew, ''Parnell, Charles Stewart (1846-1891), politician and landowner'', Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press (2004-5)</ref> Chuaigh sé go Meiriceá chun airgead a bhailiú agus cabhair a lorg. Bhí an-tóir air i measc na ndaoine. Ritheadh bille um Rialtas Dúchais na hÉireann sa bhliain 1886, ach ní bhfuair sé faomhadh Theach na dTeachtaí.
 
[[Íomhá:StatueParnellDublin.JPG|thumb|200px|Dealbh chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath ar Shráid Pharnell]]
== Scannal O'Shea ==
Sa bhliain 1890 d'fhógair Parnell go raibh sé chun [[Katharine O'Shea]] a phósadh, bean a bhí tar éis colscaradh a fháil. Bhí adhaltranas ar siúl ag Parnell agus Kitty O'Shea roimhe sin. Chuir an scannal isteach ar a lán daoine. Labhair go leor díobh amach i gcoinne Pharnell, agus chaill sé cuid mhaith dá thacaíocht. Phós Parnell O'Shea ar [[25 Meitheamh]], [[1891]].
 
== Bás agus sochraid ==
Bhuail taom croí Parnell i nDeireadh Fómhair, agus fuair sé bás i m[[Brighton]] i [[Sasana]]. Ní raibh sé ach 45 bliain d'aois. Bhí níos mó ná 200,000 duine ar a shochraid i m[[Baile Átha Cliath]] ar [[11 Deireadh Fómhair]], [[1891]]. Cuireadh san uaigh i [[Reilig Ghlas Naíon]] é.
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
20,103

edits